Ní trí fhorneart amháin a chuirtear an mórcheannas i bhfeidhm ach bíonn glacadh ag na daoine leis na luachanna atá á gcraobhscaoileadh acu siúd atá i gcumhacht, bíodh siad ina rialtas, ina gcainéal teilifíse, ina gcomhlacht ola, nó cibé.
De réir an fhealsaimh Antonio Gramsci, coinníonn an stát smacht ar an tsochaí fríd an fhorneart (forneart “dlisteanach”) agus ag an am chéanna baintear heigeamaine amach nuair a ghlacann an grúpa ceannasach tús áite i riaradh morálta agus intleachtúil na sochaí.
”
Is léir go gcuireann an forneart déistin ar Fisk agus is léir go gcreideann sé go bhfuil maitheas agus cneastacht i measc na saighdiúirí Meiriceánacha atá san Iaráic, ach go bhfuil coireanna cogaidh á ndéanamh acu fosta.
Tarraingíodh aird na meán idirnáisiúnta ar Uígir na Síne le déanaí nuair a bhris ráig fornirt amach in Urumqi, príomhchathair an réigiúin Xinjiang, tráthnóna 5 Iúil.
D’éirigh coimhlint idir an dá bhuíon i dtaca le hacmhainn bia an cheantair agus ní raibh aon leisce ar na coilínigh dul i muinín an fhornirt lena ngabháltais agus a n-ainmhithe a chosaint.