Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
lucht leanúna followers
" Tá na hathnuachanóirí - lucht leanúna David Trimble - in ísle brí agus a gcás ag dul in olcas an t-am ar fad.
a lucht leanúna his followers
" Fuair sé an scéal ó sheanlámhscríbhinn a chuir síos ar an Lochlannach Ingimund agus a lucht leanúna, a díbríodh as Éire i 902 tar éis brú ó Chearbhall, Rí Chúige Laighean.
ag moladh dá lucht leanúna advising their followers
" ca) ag moladh dá lucht leanúna baghcat a dhéanamh ar earraí atá déanta sna Stáit Aontaithe mar agóid in aghaidh an smachta atá ag na hollchorparáidí ar an gcóras daonlathach thall.
lucht leanúna bhuíon cheoil Oráisteach the followers of an Orange band
" Chonacthas sin an mhí seo caite, nuair a ligeadh do lucht leanúna bhuíon cheoil Oráisteach siúl fríd Ard Eoin i mBéal Feirste.
dá lucht leanúna of his followers
" Ar oíche an 11/12 Nollaig, d'ionsaigh thart ar dhá mhíle dá lucht leanúna an chathair go tobann.
a lucht leanúna their followers
" Scaip na manaigh agus a lucht leanúna ar fud na tíre, agus thug siad a reiligiún, a dteanga, an Ghaeilge, a scileanna – an scríbhneoireacht san áireamh – agus a nósanna geilleagracha leo.
lucht leanúna dílis loyal followers
" Ach bhí a lucht leanúna dílis ag CJ.
lucht leanúna followers
" Ní tuairim imeallach í nach bhfaightear ach i measc lucht leanúna an Ku Klux Klan, ach tuairim a nochtann daoine éirimiúla de chuid na meánaicme chomh maith.
dóchas dá lucht leanúna. hope to their followers.
" Tabharfaidh sé sin uchtach agus misneach d’iománaithe óga na cathrach agus dóchas dá lucht leanúna.
lucht leanúna na hiomána hurling followers
" Go luath sa bhliain dar gcionn, áfach, bhí ráflaí á scaipeadh i measc lucht leanúna na hiomána i mBaile Átha Cliath go raibh Mick Holden, sariománaí Átha Cliath, ag aistriú ón iománaíocht go peil.
leantóirí na gcomórtas trialach followers of test cricket
" D’fhreastail mé ar chluichí lae cúpla uair, agus measaim go bhfuil an seasamh céanna i leith an alcóil ag a lucht leanúna is a bhí ag leantóirí na gcomórtas trialach tríocha bliain ó shin.
lucht leanúna Moon Moon's followers
" Le beagnach 50 bliain anuas, is amhlaidh go bhfuil páirt lárnach glactha ag lucht leanúna Moon i gcogadh mínaofa na heite deise i gcoinne an daonlathais.
lucht leanúna followers
" An té nach bhfaca ar coirm cheoil roimhe seo iad, b’fhéidir nach dtuigfeadh sé céard tá sa mhaíomh sin, ach is beirt iad a bhfuil gáir mhór leo i measc ceoltóirí chomh maith le lucht leanúna.
lucht leanta followers, supporters
" Gliceas an Bhainisteora 1965 an bhliain agus bhí coimhlint 1955 idir Ciarraí agus Áth Cliath an-bheo mar ábhar comhrá fós i measc lucht leanta na peile.
leantóir follower
" ’Sí an leantóir chúlstáitse is díograisí atá aige agus a ghrúpa beag ‘The Quarrymen’ – rud a ardaíonn malaí a chairde agus a chomhcheoltóirí araon.
lucht leanúna followers
" Mar a bheifeá ag súil leis, bíonn iomaíocht ghéar idir na modhanna éagsúla i dtaca le lucht leanúna, le leibhéil rannpháirtíochta iontu agus le maoiniú as na foinsí urraíochta, go háirithe as na bealaí teilifíse.
leanta of followers
" Cé a chonaic ar a chéad shodar a dhearmadfas riamh an t-each folúil sin ‘*Bonnie and Clyde*’? Bhí sé tráthúil gur aimsigh sárshaothar Arthur Penn glúin leanta nua san IFI le deireannas.
lucht leanta followers
"lucht leanta sacair an domhain fós faoi dhraíocht ag Diego Armando Maradona ach is beag acu, dar liom, a bhí ag súil go mbeadh ról baileach chomh lárnach ag éinín na gcéadta cath i bpríomhócáid spóirt an tsamhraidh seo.
dheisceabail followers
" Agus ghair sé in ard a chinn chruipinnigh ar a dheisceabail le go mbaileoidís thart air ina sluaite agus ina mathshluaite agus ina mórshluaite.
leantóirí followers
" Whenever I’m in Liverpool I never feel too far away from home - which I’m not !”* a dúirt Roddy Doyle leis an lucht éisteachta, ar leantóirí dá chuid a bhformhór, sa Chasa club.
lucht leanúna followers
" Céile comhraic? Tá mo chárta ballraíochta i gclub lucht leanúna Hans Kung ó na seascadaí agam.
lucht leanúna followers
" Tháinig seisean ar an scéal i seanlámhscríbhinn a rinne cur síos ar an Lochlannach Ingimund agus ar a lucht leanúna, a díbríodh as Éirinn i 902 tar éis brú ó Chearbhall, Rí Chuige Laighean.
lucht leanúna followers
" Is breá le lucht leanúna spóirt na hAstráile a mhaíomh go rialta go ngnóthaíonn fir agus mná spóirt na tíre i bhfad níos mó sna comórtais idirnáisiúnta éagsúla ná a mbeifí ag súil leis, nuair a chuirtear san áireamh nach bhfuil ach daonra de 22.
lucht leanúna followers
" Ar an 3 Meitheamh, d’eisigh al-Qaeda físeán eile — is beag stiúideo i Hollywood atá chomh gnóthach leo — inar ghríosaigh Adam Gadahn, urlabhraí Béarla na buíne a rugadh agus a tógadh i gCalifornia, a lucht leanúna i Meiriceá (más ann dóibh) teacht i dtír ar lúb ar lár sna dlíthe gunnaí ansin agus jihad foréigneach a fhearadh.
a lucht leanúna his followers
" An mhí seo caite, rinne mé cur síos ar fhíseán a d’eisigh al-Qaeda i mí Meithimh inar ghríosaigh Adam Gadahn, urlabhraí Béarla na buíne, a lucht leanúna i Meiriceá teacht ar ghunnaí agus jihad foréigneach gan trócaire a fhearadh ar “chomhghuaillíocht na Síónach agus na gCrosáidirí” thall.
lucht leanúna followers
" Samhlaímid go mbeidh an-tóir ag lucht leanúna Uí Riada ar an mbailiúchán seo agus fóirfidh sé freisin mar bhlaiseadh dá shaothar do ghlún nua.
a lucht leanúna his followers
" Thug sé cur síos ar an Lochlannach Ingimund agus a lucht leanúna, a díbríodh as Éirinn sa bhliain 902 tar éis brú ó Chearbhall, Rí Chúige Laighean.
lucht leanúna followers
" ” Tá an tAthair Owen O Sullivan ina Chaipisín bocht, duine de lucht leanúna Naomh Proinsias Assisi.
shoilsiú ar dhílseánaigh bhochta an Phápa to shine on the poor Papist followers
" Ní miste dúinn ár ndícheall a dhéanamh solas an chreidimh chirt a shoilsiú ar dhílseánaigh bhochta an Phápa.
lucht leanúna followers
" Míshásamh an Phobail ====== Ghoill gníomhartha seo na buíne go mór ar go leor de lucht leanúna na hEaglaise Ceartchreidmhí agus de réir meastúcháin, a rinne na taighdeoirí neamhspleácha, Levada, is léir go raibh níos lú ná 6% den phobal Rúiseach báúil lena raibh déanta ag na mná agus mhothaigh 51% den phobal neamhshuim, cantalacht nó fiú naimhdeas ina leith.
Maithfidh lucht leanta followers shall forgive me
" Maithfidh lucht leanta ‘Kino’ na claontaí éalárnacha sin ionam.
bheadh ina údar imní dá lucht leanta which would be a cause for concern for their followers
" Cothaíonn agus beathaíonn an dá pháirtí a chéile agus chruthódh a leithéid de theacht le chéile folús don eite chlé a bheadh ina údar imní dá lucht leanta.
tá sceitimíní ar lucht iomána ar fud na tíre there is great excitement among the country’s hurling followers
" Den chéad uair le fada an lá tá éiginnteacht mhór maidir le cé bhuafas Craobh na hÉireann agus tá sceitimíní ar lucht iomána ar fud na tíre.
nochtann do leantóirí do fheathal your followers display your brand
" ● Trí úsáid do haischlibeanna, nochtann do leantóirí do fheathal ar bhonn níos leithne.
a déarfaidh lena lucht leanúna who will say to his followers
" Cá bhfuil an DUPóir a déarfaidh lena lucht leanúna gur ceantracha Caitliceacha iad na ceantracha is boichte ó thuaidh? Nó a admhóidh go bhfuil an dífhostaíocht nios measa i measc na gCaitliceach? Sin an tsáinn ina bhfuil an DUP.
lucht the followers
" Sula bhfad tar éis do Roy suíochán a bhuachaint i 1948 i Londain, bhuail sé lena beau idéal polaitiúil, Hugh Gaitskell, an Seansailéir deireanach a bhí ag Attlee roimh fhilleadh Churchill i 1951, agus namhaid glan ag an eite chlé i bPáirtí an lucht Oibre, lucht Aneurin Bevan.
dár lucht leanúna for our followers
" Ón total football stíl na hÍsiltíre, gorm, bán agus rouge réabhlóideach na Fraince go rince binn na Brasaíle is iad bróga Bróg na hoiriúintí is oiriúnaí dár lucht leanúna na #brogies an samhradh seo.
lucht leanúna followers
" Ní bheadh muinín ag Robinson i sceimhlitheoirí Moslamacha (yep, dúirt sé sin) ach bheadh muinín aige i lucht leanúna Mohamed dul chun na siopaí agus an briseadh ceart a thabhairt dó.
lucht leanta an tsacair soccer followers
" Ní fhaigheann lucht leanta an tsacair, ag an leibhéal is airde den spórt sin, an deis seo go minic, is é sin tacaíocht a thabhairt d’fhoireann a mbaineann na himreoirí leis an gcathair nó leis an tír fiú amháin ina bhfuil an fhoireann lonnaithe.
a lucht leanúna his followers
" Tá an-dochar déanta ag an Oirmhinneach Sun Myung Moon agus a lucht leanúna don daonlathas ar fud an domhain le caoga bliain anuas, dar le Maidhc Ó Cathail.
lucht leanta followers
" An forbróir bogearraí thú féin, ar nós lucht leanta Google Wave? Tá Roseanne Smith ag faire ar a bhfuil ag titim amach le forbairt na Toinne.