Ba é an rud a rith liom sa deireadh ná gur dheis a ligeadh le sruth a bhí sa leabhar – d’aimsigh Ní Dhuibhne an t-ábhar ceart, ach b’fhearr di aithris a dhéanamh ar Myles gonta ná Tolstoy foclach.
Agus gí gur scannánóir intleachtúil é Kiarostami, físeoir foclach, má bhí riamh a leithéid ann, tá dóthain den ngreann searbh, tarcaisniúil ann chun móimintí beaga aithintis, seoda beaga tuisceana, bronntanaisí beaga anama - ainmnigh mar is mian leat iad - a thabhairt dúinn.