Le cois na ndea-nósanna a múineadh dom féin agus don chuid is mó de na páistí Meiriceánacha eile a raibh aithne agam orthu - ag rá go raibh brón ort, ag scríobh nótaí buíochais, ag féachaint an dá threo roimh dhul trasna na sráide, ag athrú do chuid fo-éadaí gach lá, agus ag sruthlú an leithris *gach *uair a d'úsáid tú é - cothaíodh an tírghrá ionainn chomh maith.
Ach níor chuir an *lahar*, focal Indinéiseach a chiallaíonn meascán de chlocha agus d’uisce a shruthlaíonn as bolcán, isteach ná amach ar an turasóireacht.
Tosaíonn an pléisiúr i mo chuid ladhracha agus cuireann sé an sú ag sciurdadh fríd mo chuid féitheacha; cuireann sé dinglis ar mo chraiceann agus crith i mo chorp; cuireann sé lasair i mo shúile agus casacht i mo chliabhrach; osclaíonn sé na píobáin agus cuireann sé mé ar crith; ach is fearr crith maith ná droch-chasacht, a Bhaloir,” a dúirt an Taoiseach tromchaiteach, tromaigeantach, trombhríoch, tromchroíoch.
Tá na comharthaí sóirt i ngach áit; an t-ollfhuadar tógála, an t-airgead scaoilte, an sruth leanúnach inimearceach ón Áis ag cur fúthu, iarrachtín míchompordach, b’fhéidir, le hais seanphór na hIodáile, na Gréige, na bhFilipíní, agus, ar ball, na Liobáine – iad siúd a tháinig anonn rompu, tonn i ndiaidh a chéile, ó na naoi déag tríochaidí ar aghaidh.