Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag cur bailchríche ar putting the finishing touches to
" Bhí Susan ag cur bailchríche ar a saothar nuair a bhuail mé léi agus, thar cupán tae, thug sí píosa beag dá cúlra féin domh chomh maith le heolas ar stair na stiúideonna.
barr slaicht finishing touches
" Ní fada go mbeidh barr slaicht dá chur ar an bhfoirgneamh breá seo a thabharfaidh ciúnas agus tearmann do dhaoine atá ag teannadh amach sna blianta.
an dlaoi mhullaigh to put the finishing touches
" "Sé amhrán de mo chuidse," a deir sé, "agus bheadh gach duine ag caoineadh!" D'fhoilsigh Colm cnuasach gearrscéalta, *Turasóireacht*, i 1995 agus ba mhaith leis an dlaoi mhullaigh a chur leis na scéalta atá á scríobh aige le tamall de bhlianta anois don chéad chnuasach eile.
bhailchríoch finishing touch
" Tá an chomhdháil á comóradh chun an bhailchríoch a chur ar an gCoinbhinsiún a bhí i mbun oibre le bliain go leith.
ag críochnú iarchéime finishing a post-graduate degree
" Bhíos díreach ag críochnú iarchéime i gColáiste na Tríonóide nuair a ghabh an *wanderlust* seo mé.
ag críochnú a gcuid tionscadal pearsanta finishing their personal projects
" Le roinnt seachtainí anuas tá mic léinn an Dioplóma i Scileanna Raidió ag críochnú a gcuid tionscadal pearsanta agus ag gabháil amach ar thaithí oibre le RTÉ Raidió na Gaeltachta agus le stáisiúin eile raidió.
an dlaoi mhullaigh a chur ar chonradh to put the finishing touches to an contract
" Agus ainneoin na himní atá léirithe ag an Roinn Oideachais ina scéim teanga, tá an rialtas ar tí an dlaoi mhullaigh a chur ar chonradh, ar fiú €300m é, le foirgnimh a thógáil dá bhfoireann díláraithe.
ag críochnú an fhocail finishing the word
" Fuarthas suas le 69 tairiscint ceannaigh ar an saothar, ar íomhá é ina léirítear ealaíontóir ag críochnú an fhocail “Banksy”.
tá an dlaoi mhullaigh á cur finishing touches are being made
" Tá na scéalta grinn Gaeilge á gcleachtadh aige le tamall anuas agus faoi láthair tá an dlaoi mhullaigh á cur ar an obair sin.
díreach tar éis a mbunchéim a chríochnú just after finishing their degrees
" Bí ag caint ar scanrúil – bhí lear mór daoine óga féinmhuiníneacha ansin a bhí díreach tar éis a mbunchéim a chríochnú in Ollscoil Luimnigh agus bhí an 99 faoin chéad eile acu díreach tagtha amach as institiúid inteacht eile.
bailchríoch finishing touch
" Fad is atá bailchríoch agus snas á chur ar Straitéis Fiche Bliain an Rialtais i leith na Gaeilge, mar shampla, foilsíodh Plean Gàidhlige Rialtas na hAlban i dtús na míosa seo caite.
cuireadh snas orthu the finishing touches were put on them
" Is i Sasana agus in Albain a cheapadh na chéad ghaltraenacha go luath sa naoú céad déag, ach go deimhin is i Meiriceá a cuireadh snas orthu ó na 1830aí amach.
ina chlabhsúr finishing of (the night)
" Mar a bheifí ag súil leis mar sin, tugadh tús áite don cheol i gcónaí – go fiú má bhí an ‘Birdy Song’ ina chlabhsúr ag an tiománaí bus! Le linn mo chuairte go dtí an Rinn Bhriotánach, d’éirigh liom cuid de chosán Cabot a thaisteal chomh maith, bealach atá ainmnithe i gcuimhne ar John Cabot, Eorpach a tháinig chun na tíre sa chúigiú haois déag.
críochnú chun tosaigh ar finishing ahead of
" Ba iad na rábálaithe Afra-Mheiriceánacha, Tommie Smith agus John Carlos, comhroghanna na coitiantachta sa rás, ach d’éirigh le Norman críochnú chun tosaigh ar Carlos.
cineál eireabaillín leis kind of finishing off
" Agus bhí focal eile a úsáideadh go minic leis, cineál eireabaillín leis an méid a chuaigh roimhe, is é sin ‘rógaire’, focal a thug le fios don té a cheap a mhalairt nár naomh amach is amach a bhí i bPáidí Ó Sé.
phléasc na buamaí ag sprioclíne an ráis the bombs exploded at the finishing line
" Nuair a phléasc na buamaí ag sprioclíne an ráis i mBostún cúpla mí ó shin, bhí uafás ar mhuintir Mheiriceá chomh maith le daoine ar fud an domhain.
ag éirí as gné áirithe finishing one aspect
" Tá mé ag éirí as gné áirithe agus as tréimhsé áirithe de mo shaol.
an dlaoi mhullaigh the finishing touches
" Tá albam nua díreach eisithe ag an amhránaí Pádraigín Ní Uallacháin agus tá an dlaoi mhullaigh á cur aici ar shaothar mór faoi amhráin Ghaeilge agus Bhéarla Chúige Uladh.