Sheas duine gan ainm, duine a bhí faoi bhréagriocht ó bhaithis go bonn, agus nach rabhthas cinnte faoi (nó fúithi) an fear nó bean a bhí ann (nó inti) agus labhair sé (nó sí) amach i nguth a bhí
lán d’fhearg agus d’fhiamh: “Bíonn gach duine i gcónaí ag tabhairt amach agus ag gearán agus ag ceasnaí faoi Fhoraois bhocht na Gaeilge; ach ní dhearna an Fhoraois aon rud ar aon duine riamh.