Bhí an oifig i Sráid Duibhise, ceantar lán-náisiúnaíoch, ach thoiligh an RUC an bhratach a thógáil, rud a chuir tús le tréimhse fhada de racán fíochmhar.
D'imigh sé go dtí an Astráil i 1971 agus chuaigh sé go Goa i 1974, an bhliain a théaltaigh an Tiarna Lucan as Sasana tar éis dhúnmharú a bhuime agus ionsaí fíochmhar ar a bhean chéile.
Bhí solas an halla ag cur na réaltaí ag damhsa ina cuid súl agus bhí a gnúis lasta suas mar a bheadh teach solais ann ar fharraige fhíochmhar mar threoraí d'iascaire i mbaol.
Tá an spórt seo níos fraochta i bhfad ná an *happy slapping*, níos forniata ná cluiche ceannais idir Glasgow Rangers agus Glasgow Celtic, agus níos fíochmhaire ná Mr White agus Mr Pink ó na Reservoir Dogs.
Bhí a leathshúil ar oscailt go teann le faitíos roimh an fhís fhíochmhar a nochtadh dó nuair a bhí a shúil druidte: Éire mar a bheidh i gcionn cúig bliana! Éire i samhradh na bliana 2014! Míle bliain i ndiaidh Chath Chluain Tairbh beidh Éire faoi ionsaí arís, más fíor d’fhís Bhaloir.
Bhí aird na hAstráile dírithe ar dheisceart na tíre an mhí sin mar gur tharla an tubaiste nádúrtha is measa i stair na tíre nuair a bhí falscaithe fíochmhara i stát Victoria (Eagrán 95, Márta 2009).
Ach, cé nach n-aontódh liom má deirim gur tallann dhúchasach faoi deara Bolt a bheith in ann rith níos mire ná aon fhear nó bean eile ar domhan ach gur de thoradh obair chrua, cruatan, fulaingt agus cur chuige fíochmhar a bhuaigh an tIfearánach Craobh an Domhain.
Bhí nuachtáin Murdoch i mbun feachtais in aghaidh Pháirtí an Lucht Oibre le roinnt blianta anuas ach d’éirigh siad fíochmhar, fiú caolghlórach, a luaithe is a cuireadh tús oifigiúil leis an bhfeachtas toghchánaíochta go hoifigiúil ar 4 Lúnasa.