Bhí mo dheirfiúracha ag foghlaim damhsa Gaelach ag an am agus bhíodh muid ag dul chuig na feiseanna ar fad agus bhí an-dúil ag m'athair sa cheol Gaelach.
I gcaint a thug sé ag Feis na Meán Ceilteach anuraidh, dúirt Collins nár thuig daoine cad é chomh mór is a bhí na hathruithe a bhí ag teacht i gcúrsaí craolacháin, mar sin chuir mé ceist air, don ghnáthdhuine cois teallaigh, cad é a bhí roimhe agus roimpi sa saol úr seo.