Pota Focal Intergaelic
féil | eil | fail | fáil | feic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a d'fheilfeadh that would be suitable
" Go mbeadh athrú bunúsach ar an gcuraclam meánscoile a ligfeadh do scoláirí an teanga a fhoghlaim seachas an cur i gcéill atá anois ann, go fiú leis na scoláirí is fearr agus iad á dtachtadh le cúrsaí a d'fheilfeadh sna hollscoileanna! Go mbeadh Bille Cearta na Gaeilge rite agus i bhfeidhm agus go bhféachfaí ar an bpobal Gaelach mar dhream ar chóir meas a bheith orthu ar an gcaoi chéanna le mionlach ar bith eile sa stát bréagliobarálach seo.
Feileann sé níos fearr dom it suits me better
" "Feileann sé níos fearr dom oibriú ón mbaile mar nach gá taisteal fada a dhéanamh chuig oifig ar bith.
nuair a fheileann sé dhó when it suits it
" Ach tá seanchleachtadh ag rialtas na hAstráile ar an mbréag a úsáid nuair a fheileann sé dhó.
a fheileann níos fearr which better suit
" Chomh maith leis sin, tá tiúin áirid a fheileann níos fearr don phortaireacht ná tiúin eile.
a fheileann don analú which suits the breathing
" Mar sin, déanann sé/sí míriú ar an tiún ar bhealach a fheileann don analú.
nuair a fheileann sin when that suits
" Tugann ár rialtas neart cúnaimh don spórt nuair a fheileann sin ach cá bhfuil an bhéim á cur? Capaill rása agus galf cuid mhaith.
an bhfeileann siad do they suit ...?
" AÓF: Agus an bhfuil siad dírithe ar aon aoisghrúpa ar leith nó an bhfeileann siad do gach aoisghrúpa? JMcB: Tá súil agam go mbeidh spéis ag mórán daoine iontu.
nuair a fheileann sé when it suits
" Bhí na meáin eile ar buile, ag clamhsán faoi “iriseoireacht an tseicleabhair”, rud a bhíonn ar siúl acu féin nuair a fheileann sé.
Níor fheil sé sin don rialtas. That didn't suit the government.
" Níor fheil sé sin don rialtas.
feileann sé it suits
" Ach feileann sé, mar a fheileann scéalta na hÉireann, don *genre *seo, na húrscéalta grafacha, agus ní gá go mbeadh an oiread sin téacs ann.
a fheileann that suits
" Is scil ann féin é fios a bheith ag amhránaí cé mhéad ornáidíochta a fheileann don amhrán.
gur fheil cruinniú mar seo don rialtas feidearálach that a meeting like this suited the federal government
" Tá daoine ann a déarfadh gur fheil cruinniú mar seo don rialtas feidearálach, go dtabharfadh sé le tuiscint don phobal go raibh rud éicint ar siúl acu tar éis neamhaird a bheith tugtha ar na fadhbanna acu le deich mbliana.
le huirlisí nach bhfeileann. with unsuitable instruments.
" Baineann siad úsáid as catagóirí na Canóna agus déanann breithiúnas le huirlisí nach bhfeileann.
Cé nár fheil an cur chuige sin dom agus mé óg Even though that approach did not suit me when I was young
" Cé nár fheil an cur chuige sin dom agus mé óg, d'fheil sé go maith dom nuair a bhí mé in Newark.
níor fheil seo go rómhaith do chorp na n-imreoirí. This did not suit players' bodies too well.
" Mar a thuigfeá, níor fheil seo go rómhaith do chorp na n-imreoirí.
go bhfeileann modhanna eile iompair níos fearr dóibh, that other modes of transport suit them better
" Nochtadh sa suirbhé go bhfuil trí phríomchúis le nós na rothaíochta a bheith dulta i léig: braitheann comaitéirí go bhfeileann modhanna eile iompair níos fearr dóibh, síleann siad go bhfuil an trácht róchontúirteach agus tá siad den tuairim go bhfuil an aimsir ródhona le dul amach ar rothar.
Ní fheileann jabanna a thógann na blianta dom; Jobs that take years don't suit me;
" Ní fheileann jabanna a thógann na blianta dom; b’fhearr liom jab a dhéanamh a bheadh réidh tráthnóna.
feileann drochthalamh do bhláthanna fiáine, poor land suits wild flowers
" D'inis sí dom go bhfeileann drochthalamh do bhláthanna fiáine, agus tá na gairdíní i NWC déanta as brice brúite, aolchloch, seanéadaí agus dlúthdhioscaí brúite, fiú.
Feileann sé domsa it suits me
" Feileann sé domsa go ndíríonn daoine ar Glen.
níor fheil didn%u2019t suit
" Bhreathnaíomar ar na Fordanna, na Dodgeanna, na Chevyanna, na Cadillacanna, na Buickanna, agus na Chrysleranna, agus níor fheil oiread is ceann amháin dúinn.
fheil an aidiacht di the adjective suited her
" Cinnte, bhí sí óg tráth agus níl aon amhras ach gur fheil an aidiacht di, nó fiú, go raibh gá leis an aidiacht a úsáid chun idirdhealú a dhéanamh idir í agus Bríd Ní Bhuachalla eile a bhí in aon teach nó in aon rang léi ar scoil.
nach bhfeilfidh shall not suit
" Measaim féin go gcaithfidh foireann iarracht a dhéanamh an cluiche a imirt ar bhealach nach bhfeilfidh sé do Chill Chainnigh - an sliotar a choinneáil ag gluaiseacht go híseal agus go tapa ó thaobh go taobh agus i dtreo na gcúinní agus síos fan na gcliathán, nó, mar a rinneadh ó am go ham cheana, imreoir a thógáil as na tosaithe agus a chur ag imirt taobh thiar dá leathchúlaí láir mar a rinne Áth Cliath i gcoinne Chill Chainnigh le déanaí.
fheileann suits
" Ceann simplí ná formhór na habairte a fhágáil ar lár: “ Breatnach go Ó Sibhleáin, Ó Sibhleáin go Ó Braonáin, cúl!” Cleas eile ná ardú agus ísliú an ghutha féin de réir mar a fheileann don drámatúlacht ar ala na huaire.
feilfidh shall suit
" Mar dhúshlan, feilfidh an post nua dó agus tá roinnt scéimeanna a bhí faoina shean-Roinn tugtha leis.
d’fheilfeadh which would suit
" Ach ar an drochuair ní raibh a fhios fós cé hiad na samhlacha gnó a d’fheilfeadh don idirlíon.
Feileann sé don aigne Éireannach it suits the Irish mind
" Feileann sé don aigne Éireannach an locht a leagan ar Rialtas na Breataine faoi bhéarlú na logainmneacha Gaeilge sa 19ú aois, ach feictear domsa go bhfuil an míniú sin róshimplí.
d’fheil sé do na húdaráis it suited the authorities
" An deighilt a tharla ó thuaidh, d’fheil sé do na húdaráis ag an am go mbeadh gnáthmhuintir na Sé Chontae deighilte agus nach seasfadh an lucht oibre ar fad le chéile ón taobh aontachtach agus ón taobh poblachtach nó náisiúnach.
Níor fheil an féinscrúdú do self-examination didn’t suit
" Níor fheil an féinscrúdú do Margaret óg, agus ba bheag a spéis, de réir dealraimh, i smaointí teibí fealsúnachta taobh amuigh dá páirtí caomhach muirneach.
an múnla is fearr a d'fheilfeadh the mould which would best suit
" ’Sé an múnla is fearr a d'fheilfeadh, dar liom, ná múnla na féinfhoilsitheoireachta (nó an fhéinordaithe) faoi mar atá in úsáid ag an iris An Gael.
ar fheil an láidreacht strength suited
" Ní iontas ar bith dá bhrí sin gur bhain siad amach cumas, cáil agus gradaim níos déanaí i spóirt na coraíochta, an iomraimh, na rothaíochta, na dornálaíochta agus an tarraingt téide, spóirt ar fheil an láidreacht, an aclaíocht agus na scileanna a d’fhoghlaim siad le linn a n-óige dóibh.
Feileann suits (me)
"Feileann an éagsúlacht a bhaineann leis go mór dom,” ar sí.
d’fheil siad go seoigh it suited perfectly
" Turcaigh na Cipire fágaim, 10% de dhaonra an oileáin tráth dá raibh, d’fheil siad go seoigh don Sasanach.