Tá an ASTI ag seasamh astu féin in aghaidh glacadh le socrú a chiallódh nach laghdófaí pá an chuid is mó de na múinteoirí (
iadsan faoi bhun €65,000 sa mbliain) ach go mbeadh ar gach múinteoir a bheith ar fáil sa scoil ar feadh uair a’ chloig breise le freastal ar chúrsaí oiliúna agus ar chruinnithe éagsúla, idir chruinnithe foirne, cruinnithe le tuismitheoirí agus cruinnithe pleanála.