Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
theip failure
" Agus mé ag breathnú ar Bhóthar na bhFál agus ar Bhóthar Gharbh Achaidh, is siombail láidir í gach bratach thrídhathach de theip Paisley 37 bliain níos moille.
chliseadh failure, loss
" Tá mo mhisneach á thrá; mo choinsias á chliseadh.
teip failure
" teip ======= Níl aon amhrán Gaeilge ar an albam nua seo, in ainneoin cinn den scoth a bheith scríofa i nGaeilge ag Spillane agus a dhlúthchara, an file Louis de Paor.
teip failure
" Cad é eile a dtiocfadh libh bheith ag dúil leis ach amháin teip, agus sibh ag gabháil do chluichí na nGall!!'" Ag sodar i ndiaidh na n-uaisle agus na nGall atá lucht seirbhíse na tíre seo dar le Balorina na Súile Glinne Nimhe.
mhilleán blame, responsibility for failure
" Ní thig an locht a chur go hiomlán ar chúinsí lasmuigh den tír go bhfuil titim thubaisteach i ndiaidh tarlú sa ghnó seo - is féidir go leor den mhilleán a chur orainn féin.
is mó a bhainfidh leas as an teip seo who will benefit most from this failure
" Is iad Sinn Féin agus an DUP is mó a bhainfidh leas as an teip seo.
teip failure
" Ag breathnú siar air, níor cheart go gcuirfeadh teip na Meiriceánach iontas ar éinne, go mór mór sa tír seo.
laige croí forlíonta congestive heart failure
" Is cúis an-mhór imní é gur féidir drugaí mar seo a n-éiríonn daoine tugtha dóibh a dháileadh thar an idirlíon, go háirithe nuair a chuirtear san áireamh go bhfuil líon chomh mór sin Meiriceánach á dtógáil agus go bhfuil sé cruthaithe go bhfuil seachthorthaí dainséaracha ag baint leo, mar shamplaí taomanna inchinne, an galar dubhach, preabadh croí, ardú i mbrú fola, agus laige croí forlíonta.
teip failure
" Bíodh is gur ceanglaíodh cinniúint Nice leis an reifreann in Éirinn, bhí teipthe ar Nice sular thosaigh pobal na hÉireann ag smaoineamh air mar chonradh.
teip failure
" * Gluais • Glossary mo dhícheallmy best a gheallaim dom féinI promise myself san fhásachin the desert d'fhéadfainn staonadh ó sheacláidI could abstain from chocolate don Charghasfor Lent cleastrick chuirfinn dallamullóg orm féinI'd delude myself blastatasty íobairtsacrifice maitheasgood bródúilproud casacht mhór ghroía great big cough tairseachthreshold tanaíthin fiáinwild de shíoralways seanfhaiseantaold-fashioned láchfriendly, pleasant mearbhallconfusion cheapasI thought a bhlas tuaisceartachhis northern accent chloisimis a chasachtwe used to hear his cough bhímis ar bíswe used to be excited/impatient cúbógacollections of Easter eggs scaoilimis gach uile ní uainnwe'd cast everything aside go scafántaspeedily ghlacadh sí buíochas leisshe would thank him chuireadh sí i bhfolach éshe would hide it ag iomrascáil lena chéilewrestling one another suachmáneasy-going person gan puth análawithout a puff of breath parlúsparlour, sitting-room deireadh sí linnshe would say to us cur i gcéill iomlántotal pretence thuigeadh siseshe'd understand bheannaímis dówe would greet him d'fhiafraímis dewe'd ask him d'fhreagraímiswe would answer go fuarbhruiteindifferently ag tóraíocht an mhálasearching for the bag nodclue go n-alpfadh Daidí siar iadthat Dad would devour them beadaílover of sweet things dá bharras a result d'éalaigh méI escaped cófrapress ag póirseáil thartrummaging about málaí plaisteachaplastic bags doirtealsink de phreabsuddenly go raibh mo chosa nitethat it was all up with me polaitíocht an tuaiscirtthe politics of the north daoine muinteartharelations díospóireachtaí bríomharalively debates a chuairteannahis visits b'annamh cuideachta na bhfear aigehe seldom had the company of men ag útamáilfumbling ba ghiorra in aois diclosest to her in age mo dhála féin agus Tríonajust like myself and Tríona fé mar a chaitheadh Tríona liomsaas Tríona used to treat me barrúilfunny de shíor dár gcáineadhalways criticizing us ag spochadh as m'uncailteasing my uncle agus uasal le híseal á dhéanamh aigesean uirthiseand he was patronizing her tá sé chomh maith agamI may as well á leanúintfollowing him garda gradaimguard of honour cársánwheeze inchreidtecredible plúchadhasthma ag sméideadh ar m'uncailnodding at my uncle dá mbéarfaí ormif I was caught isteach sna gnáthchróite folaighinto the usual hiding-places macalla na nglórthathe echo of the voices tuaromen, sign an ceann ab ansa liom féinthe one I liked best mealltachenticing bonnánhorn fardoraslintel of door vardúswardrobe bheir mé barróg airI hugged him ag cóiriú na n-adhartánarranging the cushions glicsly caoi a chur ar an áitto tidy up the place margadhdeal a roinntto share stróic méI tore daitecoloured dúil chráitetorturous desire candaí móra seacláidebig chunks of chocolate blúire ar bhlúirebit by bit giodalachperky bhuail fonn múisce muidwe felt like vomiting tháinig iarracht den cheann faoi orainnwe became a little bit down smeartha le seacláidcovered in chocolate teipfailure
an teip agus an díomá failure and disappointment
" Is é a bhí sí a mhaíomh, má thuig mé i gceart í agus más buan mo chuimhne, gur beag duine a mbíonn sé de phribhléid aige an draíocht chéanna a bheith air arís leis an léitheoireacht, ach ina áit sin gurb iad an teip agus an díomá is gnách a bheith i ndán don léitheoir fásta.
teip failure
" Tá an oiread flosca chun cáinte air gur mór an t-iontas nár chuir sé an milleán ar Shinn Féin as teip fhoirne na hÉireann i gCaerdydd agus i dTel Aviv.
teip failure
" Beidh díomá ar chách má dhiúltaíonn an IRA scor agus is cinnte go gcuirfear i leith na bpoblachtánach gurb iadsan is cúis le teip Chomhaontú Aoine an Chéasta.
teip failure
" Má d’éalaigh Milosevic ó bhreith na cúirte, is ar cheann na cúirte féinig an teip sin.
teip failure
" ” Ach an dteipeann air uaireanta dul i bhfeidhm ar dhalta a bhfuil deacrachtaí foghlamtha aige? “Tarlaíonn sé uaireanta nach ndéanann tú an dul chun cinn a raibh tú ag súil leis.
ina gcliseadh in their failure
" Bhí rian den slad a rinneadh ar na Tóraithe i dtoghchán na Breataine i 1997 ina gcliseadh sa bhliain 2002.
an teip failure
" Ach sin ráite, b’fhéidir gurb é an teip a bhí i ndán i gcónaí dó.
teip failure
" Ach thuig an tIfearnánach tar éis teip 1975 go raibh gá le himreoirí ní ba láidre timpeall lár na páirce agus sa líne leath-thaca.
theip thubaisteach disastrous failure
" Ach ní mar a shíltear a bítear go minic agus tá na daoine céanna trína chéile i ngeall ar theip thubaisteach na nÉireannach sa bhFrainc.
admháil teipe admission of failure
" Mar shampla, dúradh i léirmheas amháin a léigh mé gur "admháil teipe” é an rogha teanga.
boladh tais na teipe the damp smell of failure
" Ach thar aon ní eile, dúirt sé go raibh oifig thruamhéalach acu – í leathfholamh agus boladh tais na teipe inti.
Teip cumarsáide a communications failure
" Teip cumarsáide mar sin ó rialtas a bhfuil bolg ag teacht air tar éis chóir a bheith dhá bhliain déag i gcumhacht.
cliseadh failure
" 6 agus ráta dífhostaíochta 10% D'fhéadfaí go leor leor figiúirí eile a chur ar phár, ach léiríonn siad go léir an scéal céanna: ní meathlú beag séimh atá i gceist, ach cliseadh mór tobann.
teip failure
" Ba é an amhantraíocht neamhrialaithe sin ba chúis le teip os cionn 5,000 banc ó Chliseadh tubaisteach Wall Street i 1929.
teip an chórais airgeadais financial system failure
" ” Is dócha go bhféadfaí a rá gur saint an lucht rachmais, nach mbíonn sásta lena ndóthain, is bunchúis le teip an chórais airgeadais sa tír seo agus i dtíortha eile.
teip failure
" Chonaic an tÉireannach an teip agus an rath le linn a chuid oibre ó 1974 ar aghaidh.
teip chomhchoiteann a failure of both sides
" Is teip chomhchoiteann polaitíochta é a chaithfear a chur ina cheart.
Máthair an Mheatha the failure's cause
" Máthair an Mheatha Séard a tharla sa mhainistir ná gur tháinig ab úr chucu, ceannaire nua a bhí faoi thionchar Vatacán a Dó agus é lán de thuairimí nua.
teip failure
" Ba ghearr gur thosaigh saol na mainistreach ag teip áfach – na manaigh ag éirí tuirseach, tinn agus go dtí gur tháinig Tomatis ar cuairt, níor cheap éinne go raibh baint ag an dteip ná ag an easpa amhránaíochta lena chéile.
theip spioradálta spiritual failure
" Ach cad chuige na dallóga, agus cad a bheidh ar siúl sa seomra dorcha sin? Seans gur léiriú, b’fhéidir, ar theip spioradálta na brionglóide móire sóisialaí atá sa scannán seo.
Teip Tionóil Assembly failure
" Teip Tionóil Theip ar an Tionól agus ní bhfuarthas bua ar an IRA.
teip na cáinaisnéise the budgetary failure
" Grád: D Brian Lenihan (An tAire Airgeadais) Seans beag ann go bhfuil tuiscint níos fearr aige ar a chúram anois i ndiaidh teip na cáinaisnéise anuraidh (agus an chonspóid maidir le cártaí leighis na n-aosach ach go háirithe).
theip the failure
" Grád: B Micheál Martin (An tAire Gnóthaí Eachtracha): Meas tuillte ar a chuid iarrachtaí Éire a thabhairt chun míntíreachais san Aontas Eorpach i bhfianaise theip Chonradh Liospóin.
teipe móire big crash, failure
" Bhí gá le cur chuige nua de dheasca na teipe móire sin.
mheathlaithe failure
" Ansin, thit an tóin as an fhógraíocht (foinse mór airgeadais ag nuachtáin) de bharr an mheathlaithe.
cliseadh failure
" ie ar an fhocal 'collapsing' - imphléascadh, loiceadh, teip, tnáitheadh, tabhairt chun talún, turnamh, cliseadh srl.
teip failure
" org/profile/1992_Draft_Defense_Planning_Guidance) Agus ba é Foirceadal Greenspan, beartas creidmheasa éasca de chuid iar-chathaoirleach Chóras an Chúlchiste Fheidearálaigh, ba chúis le teip ar an margadh morgáiste fophríomha.
teip iomlán complete failure
"teip iomlán a bhí sa Chomhdháil um Athrú Aeráide a tionóladh i gCóbanhávan an mhí seo caite, ach léirigh sé a dheacra is a bheidh sé aontú mór cuimsitheach a fháil a chuirfidh deireadh le Ré an Charbóin.
teip chruthaitheach creative failure
" ---------- Léirmheas na Míosa ‘*The Lovely Bones*’ le Peter Jackson In ainneoin sárthaispeántas Saoirse Ronan, i bpáirt Susie Salmon, agus carachtracht láidir, scanrúil inchreidte Stanley Tucci, an péidearastach comharsan a dhúnmharaigh í, agus tá an bheirt acu sainiúil sa dá pháirt sin, in ainneoin chomh maith crógacht an ábhair – an slad doleigheasta a imrítear ar shaol chuile dhuine i dteaghlach óna sciobtar páiste i gcúinsí mar iad, fiú ag cur san áireamh leis grásta agus soineantacht chumasach an bhanaisteora óg is foirfe ina raon aoise dá bhfaca mé le tamall, is teip chruthaitheach san iomlán é ‘*The Lovely Bones*’.
Cliseadh failure
" Cliseadh Airgid agus Cliseadh Misnigh Ceart go leor, is é an meath airgeadais is siocair le cuid mhaith den chlaochlú seo.
Teip failure
" An Teip Is léir anois nár éirigh linn deireadh a chur le meath na Gaeltachta.
cliseadh failure
" Coicís tar éis cliseadh Lehman tá an baol ann go dtitfidh an tóin as córas baincéireachta na hÉireann agus titim thubaisteach i luach scaireanna an Bhainc Angla-Éireannaigh.
chliseadh failure
" Níorbh é praghas na hola ba chúis leis an chliseadh gheilleagair, ach meastar go raibh sé ina chuid den luaineacht gheilleagair a chuir leis.
theipeanna failures
" Bíonn seans ag eagraíochtaí neamhrialtais a dtuairimí féin faoi thuairisc an stáit a nochtadh chuig an gCoiste, leis, agus i ndiaidh scrúdú na dtuairiscí, eisíonn an Coiste conclúidí agus moltaí a dhíríonn aird ar bhuanna is ar theipeanna an stáit chonarthaigh maidir le cur i bhfeidhm an Chonartha.
na teipe of failure
" I mbunú an pháirtí úrnua seo, tá cinneadh críochnúil déanta againn scaradh go deo le seanpháirtí na teipe; nach bhfuil d’oidhreacht fágtha aici ach an tubaiste agus an feall.
theip failure
" Ba theip a bhí i ndán don seanpháirtí ón uair sin ar aghaidh, go dtí go raibh sé de mhisneach againn líne a tharraingt agus beartú ar thús úrnua.
Teip failure
" Teip faoi Cheann Bliana nó Dhó =============== **SMM: Ní dóigh leat go mbeadh an comhrialtas athá ann faoi láthair chomh cliste sin agus go loicfidh siad ar na bannaí go gairid roimh an gcéad ollthoghchán eile, rud a chiallódh deireadh leis an €uro agus ar an tslí sin, go bhfaighfidís a lán dá gcuid vótóirí ar ais ar a dtaobh?** SÓhU: Ní dóigh liom go dtarlódh sé sin.
teip failure
" Tar éis teip cóilíneachta darbh ainm ‘Avalon’ i dTalamh an Éisc, d'éirigh leis cead a fháil ón rí ceann nua a bhunú ar chuan Chesapeake.
theipeanna failures
" “Suígh síos, a uncail Bhriain,” ar siad, “beimid leat nuair a chríochnós Glee!” Níl dochar ar bith sa tsraith teilifíse seo, a chuireann síos ar bhuanna agus ar theipeanna bhaill an chlub siamsaíochta agus múinteoirí na scoile.
teip failure
" An bhféadfaí praiseach a thabhairt ar an teip seo, a d'fhiafraigh mé de Collins ina oifig i lár Bhéal Feirste.
Teip thubaisteach a disastrous failure
" Teip thubaisteach don bhord stiúrtha ag aon chuideachta é má chliseann ar an chuideachta sin agus más gá éirí as a bheith ag trádáil.
freagracht ratha nó teipe responsibility of success or failure
" Dúisímis ==== D’fhéadfaí a mhaíomh mar chosaint ag an chóras stáit in Éirinn go luíonn freagracht ratha nó teipe ar an phobal, tharla gurb iad a roghnaíonn na teachtaí ar fad.
d’ainneoin na dteipeanna despite the failures
" Glacann roinnt daoine i dtólamh le seanteoiricí ar nós ‘the indomitable Irishry’ d’ainneoin na dteipeanna ar fad ó Chionn tSáile anuas go dtí gur díoladh Semi-Ireland le lucht bradaíola ar na mallaibh.
Scéalta tharainn na teipeanna go léir all the failures are a matter of the past
" A bhFuil Romhainn ========= Scéalta tharainn na teipeanna go léir, Cionn tSáile, an Drochshaol, díothadh na teanga, drochíospairt ar leanaí lenár linn féin, agus díol na tíre anuraidh san áireamh, ach sinn an leon a leigheas: Ní hí an ainnis is measa linn a bheith thíos go deo, ach an tarcaisne a leanann é nach leigheastar an leon.
dteip fhuilteach bloody failure
" An liobrálach in éide bunchreidmheach é nó bunchreidmheach in éide liobrálach é? An cadhan aonair é i bpáirtí ina bhfuil Sammy Wilson, Gregory Campbell, Nigel Dodds? Thug an triúr sin aithisc bhinbeacha, ag lascadh poblachtánach agus rialtas na hÉireann as a bhfaillí, ach ní raibh gíog astu faoin ról a bhí acu i dteip fhuilteach an Stáit ó thuaidh.
cliseadh an Méféineachais the failure of selfishness
" Tá fealsúnacht nua náisiúnta de dhíth orainn, a d´fhéadfadh a bheith mar threoir idé-eolaíochta don Éire Nua, a chaithfear a thógáil sa bhfolús atá fágtha tar éis cliseadh an Méféineachais, a tháinig chun cinn le linn réimeas Ahern/Harney/Mc Creevey.
theip an airgeadra the currency’s failure
" Chaillfidh an gnáthduine a chuid coigiltis go léir ach déanfaidh léithéidí George Soros na billiúin as an anachain mar gur chuir sé geall ar theip an airgeadra.
cionsiocair na teipe the fundamental reason for the failure
" Ba ea droimdhiúltú John Howard, Príomh-Aire na hAstráile um an dtaca sin, leithscéal oifigiúil a ghabháil leis an mhuintir dhúchais as an dochar a d’fhulaing siad mar gheall ar theacht na gcoilíneach Eorpach cionsiocair na teipe.
teip scríbhneoireachta a writing failure
" Sin teip scríbhneoireachta, teip scannánúil, teip stiúrthóireachta.
is teip dó an cead imeachta sin that permission to leave is a failure on his part
" Nuair is cuma leat fúthu, bíonn cead na gcos aon uair agat le linn na taispeána, agus, d’réir bata tomhais na gcaighdeán stiúrthóireachta a roinn Polanski go minic orainn cheana, fiú más beag féin í, is teip dó an cead imeachta sin atá againn.
ghoill teip ghrá an athar air the failure of his father’s love affected him
" Tuigtear do Cheyenne, ag coirm cheoil de chuid David Byrne, cé chomh mór is a ghoill teip ghrá an athar air, agus an t-anamghortú a chuir deireadh obann lena chuid ceoil féin.
Teip chumarsáide a communications failure
" Teip chumarsáide a bhí sa phróiseas seo ón tús.
ionfhabhtú chonair an fhuail failure of the urinary tract
" Is galar uafásach í clamadóis, atá sainiúil ar an gcóála, agus eascraíonn galair éagsúla eile aisti, eadhon daille, aimride, aicíd na scamhóg agus ionfhabhtú chonair an fhuail.
theip na hÉireann of Ireland’s failure
" Caint Roy ==== Tuigfear do Roy Keane a mhíchéadfa oíche theip na hÉireann ach cuimhnímis gur thacaigh sé ina chaint chéanna le lucht tacaíochta na foirne chomh maith.
ar chliseadh baincéireachta about the banking failure
" ”* Ba chóir do shaoránaigh na hÉireann éisteacht go géar leis sa léacht seo, ach go háirithe nuair a bhaineann sé úsáid as staidéar Walter Bagehot ar chliseadh baincéireachta, Lombard Street (1873).
Chuir an teip seo go mór le himeagla this failure accentuated the feeling of terror
" Chuir an teip seo go mór le himeagla agus le báiní mhuintir Darwin agus thairg na húdaráis $100,000 mar luaíocht ar eolas a chuideoidh leo lucht déanta na coire a ghabháil.
cheanglaítear teip le failure is tied to
" Is iondúil go luaitear an dá fhocal 'Gaeltacht' agus 'deontas' lena chéile chomh minic is a cheanglaítear teip le foireann peile Mhaigh Eo.
ach go háirithe teipeanna éagsúla various failures particularly
" Ó Crualaoich an fear a bhain feidhm as saothar Mháirtín Uí Chadhain chun laigeachtaí na sean-nósanna stairiúla a bhéimniú, ach go háirithe teipeanna éagsúla an chur chuige stairiúil sin a chuireann an iomad béime ar thionchuir sheachtaracha.
Dúil sa Titim agus san Ainghníomh a great interest in failure evil deed
" Dúil sa Titim agus san Ainghníomh =============== Ocht milliún is fiche duine timpeall an domhain a bhí ag faire de réir lucht an chainéil, léiriú ar cháil Armstrong agus ar an tsuim atá curtha ag daoine ar fud na cruinne i scéal nach gcuireann in aon slí le huaisleacht nó le hardghradam an spóirt.
teip fhollasach pholatiúil a clear political failure
" Muna bhfuil sé ar chumas an Taoisigh castachtaí teicniúla na polaitíochta a mhíniú dom, creidim féin gur teip fhollasach pholatiúil is ea í sin.
Na Leiciméirí Morgáiste the mortgage failures
" Na Leiciméirí Morgáiste =========== Richie: Ar dtús, a Bhaloir, níor chóir do dhaoine morgáistí móra a thógáil amach mura raibh siad in ann an t-ús agus an caipiteal a íoc ar ais.
chliseadh na bhforas sóisialta ba bhunúsacha the failure of the most basic social institutions
" Lonnú Fada Ceamara ar an Láthair ============== Fear mór an “*show*” seachas an “*tell*” ab ea Simon sa chlár mór le rá eile aige freisin, The Wire, clár fíormhall a dhéanann mioniniúchadh mall réidh ar chliseadh na bhforas sóisialta ba bhunúsacha i mBaltimore.
na teipeanna the failures
" Ó Griffith go Walsh ======== Ar a laghad, ba chóir na teipeanna a bhaineas leis an ngeallúint ghinearálta in Art 44 a aithint.
ar chliseadh na mbanc about the failure of the banks
" Gné eile a chloistear sách minic nuair a bhíonn polaiteoir, tráchtaire, iarbhaincéir nó a leithéid ag caint ar chliseadh na mbanc, is ea gur ‘a culture of’ seo, siúd nó eile a bhí ann ag an am, amhail is a rá gur cuma anois faoi aon ghníomh as bealach a rinne, polaiteoir, tráchtaire nó baincéir cúig nó sé bliana ó shin.
gearán mar gheall ar theip na Gaeilge a complaint about the failure or Irish
" B’é seo an leabhar ina ndearna Ó Cadhain gearán mar gheall ar theip na Gaeilge nascanna intleachtúla dáiríre nua-aimseartha a chruthú le saothar liteartha de chuid na Mór-Roinne.
Cuireann an teip seo fearg orthu this failure annoys them
" Cuireann an teip seo fearg orthu agus dírionn siad an fhearg sin ar iriseoirí,” ar sí.
teip an cháis choiriúil the failure of the criminal case
" Súil Uí Dhubhda ====== Bhíothas ag súil go líonfadh athbhreithniú an Gharda ar an chás cuid de na bearnaí maidir leis an bhaint a bhí acusan le teip an cháis choiriúil.
Siocracha na Teipe the causes of failure
" *” Siocracha na Teipe ======= Tá neart fáthanna go dteipeann orthu: - Easpa taithí - go háirithe le comhlachtaí teicneolaíochta is minic a bhíonn cruthaitheoir an teicneolaíochta óg agus mar sin bíonn, ar ndóigh, níos lú tuiscint acu ar conas gnó a reáchtáil.
gur teip iomlán a bhí sa seanscéim that the old scheme was a complete failure
" Ach dúirt Aire na Gaeltachta, Dinny McGinley, gur teip iomlán a bhí sa seanscéim agus go mbeadh seirbhís Ghaeilge níos fearr ag an phobal anois mar go mbeadh Gaeilge ag 6% ar a laghad do státsheirbhísigh úra.
Loiceadh na bPáirtithe the party’s failure
" Ciotaíl Chainte agus Loiceadh na bPáirtithe ============= A bhuí den Uasal Ciotach, gabh mo leithscéal, Chittick, nuair a chuirtear an scéal chun seafóide uilig uilig, feictear do dhaoine, dá ndaille iad an chuid eile den am, nach bhfuil stuaim sa deargnaimhdeas do theanga ar bith seachas a chéile.
taobh thiar den chliseadh behind the failure
" Ar an drochuair, tá bunfháthanna níos doimhne taobh thiar den chliseadh agus tá an baol ann nach bhfuil sa tsocrú is deireanaí ach sos.
cliseadh an Aontais Shóivéadaigh the failure of the USSR
" Chuir cliseadh an Aontais Shóivéadaigh amú iad.
I ngeall ar an teip seo due to this failure
" I ngeall ar an teip seo, an dóigh ar theip orainn an daonlathas a cheartú agus a chothú tar éis na géarchéime, tá ciall cheannaithe ag na daoine – níl meas ar bith ag daoine ar an vóta, ar an rialtas, ná ar an daonlathas féin.
borradh agus cliseadh growth and failure
" Bíonn borradh agus cliseadh i ngeilleagar na tíre go rialta mar iarmhairt ar an timthriall amaideach seo.
teip iomlán a completer failure
" Dúirt Aire na Gaeltachta Dinny Mc Ginley gur teip iomlán a bhí sa seanscéim.
teipeanna an údair féin the author’s own failures
" Ní minic a fhoilsítear leabhar a bhaineann le botúin agus le teipeanna an údair féin.
teip a fhostóra his employer’s failure
" Rinne an scríbhneoir Astrálach Don Watson iarracht speisialta teip a fhostóra Paul Keating san ollthoghachán i 1996 a mhíniú freisin ina Recollections of a Bleeding Heart: A Portrait of Paul Keating PM.
cliseadh failure, going bust
" Léiríonn cliseadh trí chomhlacht mhóra san Astráil gur beag tuiscint a bhí ag an dream a bhí ina mbun ar chúrsaí eitice, dar le Dáithí Ó Colchúin.
Teip cumarsáide a communications failure
" Teip cumarsáide a ba chúis leis an phracás a rinne an rialtas den chonspóid maidir le cártaí leighis do sheandaoine dar le Breandán Delap.
titim failure
" Comharthaí ‘dátheangacha’ a chrochadh sa Ghaeltacht, loiceadh ar na bannaí/ titim na hÉireann as an €uro agus díluacháil roimh an olltoghchán, an ceardchumainn chearta iad na *‘white collar unions’*? Bhuail Seosamh Mac Muirí chun cainte le Seosamh Ó hUiginn, FPE, i ndeireadh na Nollag chun a cheistiú faoi na hábhair thuas agus faoi ábhair nach iad.