Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
toscaí polaitiúla political factors
" Measaim gur chaith an Foras airgead i dtreo *Lá *fosta de bharr toscaí polaitiúla.
thoscaí teagmhasacha fortuitous factors
" Tá an ré órga sin ag sleamhnú uainn agus ní thig linn bheith ag brath ar mheascán de thoscaí teagmhasacha le tionscal turasóireachta a thógáil agus a fhorbairt.
toscaí factors
" Bheadh tábhacht faoi leith ag daonáireamh na bliana seo (2006) sa phróiseas sin ach mhol an Coimisiún go gcuirfí toscaí eile san áireamh fosta: úsáid na Gaeilge sna scoileanna, i gcúrsaí gnó agus tionscail, sna haifrinn agus ar pháirc na himeartha.
na toscaí sin a chur san áireamh to take those factors into consideration
" Beidh ar cheannaire an LO na toscaí sin a chur san áireamh agus na roghanna éagsúla á meá aige.
na toscaí the factors
" Tá trí cheist curtha sa tuarascáil: Cé chomh tábhachtach is atá míbhuntáiste sóisialta maidir le rannpháirtíocht i gcúrsaí spóirt in Éirinn? Céard iad na toscaí atá taobh thiar den easpa rannpháirtíochta? Céard iad na himpleachtaí a bhaineann leis ó thaobh polasaithe spóirt? Aithníonn an Stát ina chuid polasaithe gur cóir go mbeadh gach saoránach in ann bheith páirteach i ngníomhaíochtaí a nglactar leo mar ghníomhaíochtaí atá normálta i measc daoine i gcoitinne sa tsochaí.
an dá thosc sin those two factors
" Cé gur fíor go mbíonn níos mó fear ná ban páirteach i gcúrsaí spóirt agus go laghdaíonn imirt le haois, is láidre ná an dá thosc sin (gnéas agus aois) tionchar ioncaim agus oideachais ar an rannpháirtíocht, a deirtear sa tuarascáil.
mar thosc as a factor
" Tá sé le tuiscint go bhfuil oideachas níos tábhachtaí ná ioncam mar thosc a bhfuil tionchar aige ar rannpháirtíocht an duine i gcúrsaí spóirt ar feadh a shaoil.
bunaithe ar thaighde ar chúinsí based on research on factors
" Tá na moltaí seo bunaithe ar thaighde ar chúinsí mar an costas maireachtála, costas tithíochta, boilsciú, etc.
an chloch is mó ar an phaidrín the most important factor
" Níl mé ag maíomh gur cheart duine a dhícháilliú siocair gur ball de pháirtí polaitiúil é, ach ba cheart go mbeadh critéir chinnte ann ina mbeadh cumas an duine, beag beann ar a chlaonadh polaitiúil, ar an chloch is mó ar an phaidrín.
bhfachtóirí riosca risk factors
" Tuigtear go soiléir go bhfuil an iomarca meáchain agus murtaill i measc na bhfachtóirí riosca is measa do réimse leathan galar ainsealach, leithéidí hipirtheannais, diaibéitis agus galair chardashoithíocha.
sceo na gaoithe windburn factor
" Thuig sé trí rud: cuireann na préamhacha srian le creimeadh na talún; bíonn foscadh faoi chraobh ó sceo na gaoithe agus ó dhó na gréine; agus is leasú créafóige atá sa duilliúr a sceitheann an choill sa bhfómhar.
Tréith thar a bheith aisteach is ea í seo this is a very strange factor
" Tréith thar a bheith aisteach is ea í seo, a déarfá, go háirithe i bhfianaise claonadh dochreidte láidir chun daoine a lochtú agus a dhamnú as ucht pé laigí a léiríodar san am atá thart.
mar eochair dó siúd chun a key factor for him
" Bheadh ardscileanna ár gcáirde anois mar eochair dó siúd chun ‘coiriúlacht na mbónaí mbána a sháinniú’.
na gnéithe láir intrinsic factors
"na gnéithe láir ann: smacht liogmhatánach, méid an bhallnaisc chroisigh, hormóin agus áit na coise ar an talamh.
tá na gnéithe seachtracha the extrinsic factors
" Ina theannta seo tá na gnéithe seachtracha: cúrsaí aimsire, an cineál bróige nó buataisí, an talamh imeartha agus an cineál spóirt - spórt teagmhála agus spórt neamhtheagmhála san áireamh” a deir sé.
Bíonn Blas ar an mBréagán a single toy has its wonder factor
" Bíonn Blas ar an mBréagán ============ Comhlacht eile atá ag déanamh rudaí spéisiúla le cló 3D agus bia ná NaturalMachines.
imreoidh cúrsaí staire factors of history shall influence
" Dá mbeinn in Albain ar an 18ú lá den mhí seo chugainn cén chaoi a gcaithfinn mo vóta sa reifreann? Leis an fhírinne a rá níl a fhios agam, agus ag amharc ar na hargóintí ar son agus in aghaidh na cúise, is léir go bhfuil an scéal fíorchasta agus is dóiche, sa deireadh thiar thall, gur mó an tionchar a imreoidh cúrsaí staire ná cúrsaí geilleagair, agus gur i gcroí na ndaoine a bheidh an freagra in áit ina gcloigne.
faoi na fachtóirí ba chúis leis an mheathlú about the factors which have caused the recession
" Agus an tír seo i gcuilithe géarchéime eacnamaíche, labhair Ciarán Mac Aonghusa leis an eacnamaí mór le rá, David McWilliams, faoi na fachtóirí ba chúis leis an mheathlú agus faoi na bealaí gur féidir leis an rialtas a chinntiú go dtiocfaidh an geilleagar aniar sa tréimhse atá romhainn.