In ionad margaí ildaite leabhar (idir shean agus nua) agus bia (ó *sushi go burritos*) dheireadh na seachtaine, agus féastaí fiáine na hoíche, níl le feiceáil ach cúpla duine ag brostú leo trí na cearnóga.
Cuirtear féastaí ar siúl fiú do dhaoine gan dídean ar an lá seo, agus is é Lá Altaithe ceann de thrí lá mhóra na bliana i Meiriceá (Lá Nollag agus an 4 Iúil na cinn eile, ar ndóigh).