Cén fhís atá agat féin don Ghaeilge?
Go bhfaigheadh lucht a labhartha a gceart ón stát; go dtarraingeodh lucht a labhartha le chéile; go gcaomhnófaí a cuid fuinnimh; nach ndéanfaí síorchomparáid idir í agus an Béarla; go mairfeadh sí beo sna ceantair Ghaeltachta; go scríobhfaí í le spleodar.
Fuinneamh
=======
Léiríonn saothar John the Painter, atá le feiceáil in Áras Nua-Ealaíne na hÉireann (IMMA) i mBaile Átha Cliath faoi láthair, fuinneamh atá gan srian agus lán spleodair.