” An dara rud a chuirfeadh feabhas ar staid na Gaeilge ná na Protastúnaigh, ar dunadh an dorais orthu ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge i 1915, a fháscadh chugainn.
Fógraíodh tionscnaimh thábhachtacha le blianta beaga anuas – Acht na dTeangacha Oifigiúla, TG4, stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach, taighde cuimsitheach ar an nGaeilge go náisiúnta agus ar an nGaeltacht – ach níor foilsíodh cáipéis rialtais chomh huileghabhálach ná chomh cuimsitheach sin ar an nGaeilge le níos mó ná daichead bliain.
Ba é píonós seo na páise bunfhréamh aigne ait na Críostaíochta, dar le Foucault, an dearcadh sin a chomórann fulaingt agus fuascailt, an tinneas dar maolaíodh, an peaca dar maitheadh, an bochtán dar fáisceadh tar éis dó dólás an tsaoil a bhlaiseadh.
Cuireadh Máire Óg chun suain síoraí i nGlas Naíon na laochra an Déardaoin beag tharainn, i mbaclainn Ruairí arís, an grágheal a réitigh an ród roimpi, tá sé bliana anois ann.