Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
antoisceach extreme
" Anois tá eachtraí ar nós Ghort na Silíní agus dearcadh antoisceach an urlabhraí ar "Prime Time" ag cur cheist an Lucht Taistil i mbéal an phobail arís.
antoisceacha extreme
" Tá na Moslamaigh antoisceacha an-láidir sa dá thír sin agus tá lucht tacaíochta líonmhar ag bin Laden iontu araon, go háirithe i measc na n-óg.
faoi chúinsí áirithe thar na bearta in certain extreme circumstances
" Tá sé deacair acu glacadh leis go bhféadfadh duine ar bith againn, faoi chúinsí áirithe thar na bearta, an rogha mhícheart a dhéanamh.
antoisceach extreme
" "Ní raibh an pholaitíocht ansin riamh chomh hantoisceach le polaitíocht na Sé Chontae, ach tá cuid de na prionsabail mar a gcéanna.
an ola dhéanach extreme unction
" Chuir na sagairt an ola dhéanach ar gach duine, agus fuair deichniúr acu bás le tífeas dá bharr.
ola dhéanach extreme unction
" Tugadh an ola dhéanach dó san eaglais agus, cé gur tháinig an t-otharcharr go gasta, ní raibh leigheas ar bith ar an scéal.
bronntanais ghuaisbheartaíochta. extreme gifts.
" Ag labhairt le cliant eile tar éis dúinn an balla a úsáid, fuair mé amach faoi fhaisean eile: bronntanais ghuaisbheartaíochta.
tuairimí míchuíosacha ciníocha extreme racist views
" Lena chois sin, má bhaintear saothar Uí Shearcaigh den siollabas, cén áit ar chóir dúinn an líne a tharraingt? An amhlaidh go mbeidh ar an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta polasaí ar leith a dhréachtú ina ndéanfar cur síos beacht ar na cineálacha daoine a gceadófar a saothar ar shiollabais? Cén chaoi a ndéanfaí na cinntí? An nglacfaí le saothar daoine a chuir in iúl roimhe seo go bhfuil, cuir i gcás, tuairimí míchuíosacha ciníocha acu? Ní dhéanfaí staidéar ar DNA i scoileanna na hÉireann sa chás sin – is ciníochaí mínáireach é James Watson, an fear a bhuaigh Duais Nobel as ucht DNA a bheith fionnta aige.
imthosca foircneach extreme circumstance
" (Cé hiad an dream deireanach sin? – tá carr ag madaí an bhaile i Meiriceá!) De ghnáth, is mar gheall ar imthosca foircneach a bheadh duine mífhortúnach ag taisteal i gceann acu.
brú as cuimse extreme pressure
" Ach is cinnte go dtiocfaidh brú as cuimse ar fhoilseacháin na Gaeilge sna blianta beaga amach romhainn agus tírdhreach na meán ag athrú agus foinsí maoinithe ag dul i dteirce.
coinníollacha foircneacha extreme conditions
" Bíonn sé dodhéanta na tinte a choimeád faoi smacht nuair a bhíonn na coinníollacha foircneacha i bhfeidhm.
t-ádh dearg extreme luck
" Bhí an t-ádh dearg orainn nach ndearnadh aon dochar dár dteach féin.
mhillteanach extreme
" Tá an-chuid daoine thíos go dona leis an chúlú mhór mhillteanach seo, agus tá daoine óga ina measc siúd.
heite fíordheise extreme right-wing
" Tá gach cosúlacht ar an scéal go mbeidh an bua ag páirtí de chuid na heite fíordheise in olltoghchán an 9 Meitheamh agus go mbeidh fear atá cosúil le m’iar-mhúinteoir tiomána ina Phríomh-Aire ar an Ísiltír.
Deargádh extreme luck
" ”* Deargádh Mhuintir Silverstein ========== Duine amháin a raibh an t-ádh dearg air (nár luaigh Snopes) ná Larry Silverstein.
is géire most extreme
" Ní féidir an milleán faoi aon ócáid ar leith a leagan ar athrú aeráide an domhain i gcoitinne – bíodh an tonn teasa is géire riamh sa Rúis i gceist, nó an bháisteach mhillteanach atá ag cur na milliún as riocht agus ó theach is talamh sa tSín, nó fiú an dá mhilliún duine anois gan dídean sa Phacastáin.
teagmhais fhoircneacha extreme incidents
" Tugann samhlacha na gclíomeolaithe dóchúlacht dúinn in ionad na cinnteachta, agus ní féidir ach a rá go mbeadh teagmhais fhoircneacha níos coitianta as seo amach ná mar a bhíodh.
dianbhearta extreme measures
" Caithfidh ceannaire gach pobal atá i mbaol, “socht” a rá, táimid ag dul síos le fána in ionad suas, beidh deireadh iomlán leis an teanga mura ndéanfa muid dianbhearta éigin”.
meas as cuimse extreme goodwill
" Is iomaí polaiteoir in Éirinn a bheadh in éad leis sin! Agus ní ina thír féin amháin a bhfuil meas as cuimse ar an bhfear beag féasógach seo a mhúnlaigh cumhacht dhomhanda as tír a bhí, mar a déarfá, ‘ag forbairt’.
bheith chomh antoisceach sin to be so extreme
" Caithfidh saoithe an pháirtí fiafrái díobh féin ar mhaith leo cosmhuintir an pháirtí a bheith chomh antoisceach sin nuair is léir go gcaithfidh iarrthóirí an pháirtí vótaí a mhealladh ó lucht láir agus ó luasc-vótóirí na tíre freisin in aimsir an toghcháin.
Is mó go mór ná éacht aisteoireachta é seo this is surpasses extreme acting
" Is mó go mór ná éacht aisteoireachta é seo.
trí dul i muinín anmhéid foréigin by using extreme violence
" Chinn fórsaí al-Assad an t-éirí amach a chur síos trí dul i muinín anmhéid foréigin i gcoinne na gceannairceach, shocraíodar ar na huirlisí troda is troime agus is gránna a úsáid – tá siad ag cur ina luí ar a gcuid naimhde i gcónaí nach mbeadh drogall orthu uirlisí troda ceimiceacha a úsáid ina gcoinne cé gur thug Meiriceá foláireamh láidir dóibh gan a leithéid a dhéanamh.
comhghuaillithe claon eite na fíordheise crooked allies of the extreme rightwing
" Níorbh iad, ach comhghuaillithe claon eite na fíordheise - fantasóirí an Ghalair Mhóir Mheirceánaigh (féach Susan Faludi, ‘*The Terror Dream – what 9/11 revealed about America*’, 2007).
leagan dian den tsaorfhiontraíocht an extreme version of free enterprise
" Go bunúsach, leagan dian den tsaorfhiontraíocht a bhí ann.
lucht tacaíochta forchiníochas supporters of extreme racism
" Fir fronta agóid na mbratach, lucht tacaíochta forchiníochas an Oird Fhlannbhuí.
an-tábhacht go deo leis of extreme importance
" **Colm: Cé chomh tábhachtach is a bhíonn na cluichí?** Ruadhán: “Tá an-tábhacht go deo leis na cluichí.
an forchiníochais of extreme racism
" Ach ní deoch mheisciúil atá i gceist anseo ach gloine lán gheire na staire, an díoltais, an forchiníochais agus an fhuatha.