Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
éacht feat, exploit
" Is beag duine i nDún na nGall nár chuala an t-amhrán " Johnston's Motor Car", a cumadh faoin éacht a rinneadh ag Droichead an Ríleáin i 1921.
teacht i dtír ar an striapachas exploiting prostitution
" Is coir é cabhrú le striapach (mar shampla, coiscíní a dhíol léi nó cupán caife a thabhairt di agus í i mbun oibre) nó teacht i dtír ar an striapachas.
gaisce exploit, feat
" Tá a fhios aige Dia go ndeineadh an cinneadh ceart nuair a tugadh an cuireadh thar n-ais go Maigh Nuad dó mar is mó gaisce a rinne sé ansin.
éachtaí exploits
" Maidir leis an long í féin, tugadh ísliú céime di tar éis a cuid éachtaí ar fud an domhain.
éachtaí exploits
" Bhí cáil freisin ar na lomthóirí a raibh fochultúr dá gcuid féin ag baint leo - a gcuid taistil, an obair agus an spraoi a bhíodh acu agus na héachtaí (más fíor) a rinne siad.
gaiscí exploits
" Glacann foirne saoire le chéile (tá Loch Garman agus Ciarraí díreach thar n-ais) - comhartha buíochais dóibh as ucht gaiscí nó iarrachtaí na bliana roimhe.
éachtaí exploits
" Tá an scéal inste ag Banjo Patterson, Henry Lawson -agus ag tuilleadh de scríbhneoirí móra na tíre - faoi na héachtaí a rinne daoine ar nós the Man from Snowy River, Clancy of the Overflow agus daoine nach iad.
ina chuid oirbheart in his great exploits
" Tá beirt bhan aoibhne éifeachtacha a chuidíonn leis ina chuid oirbheart dar ndóigh, mar atá Máirín Mhaisiúil agus Emer Álainn.
éachtaí exploits
" Ní raibh a fhios agam go raibh nia Phadaí fós beo in Inis Eoghain, fear atá bródúil as éachtaí a uncail.
ag úsáid na dteangacha exploiting the languages
" Bhí sé i mo chinniúint go mbeadh orm leanúint ar aghaidh ag obair, mar tá go leor acu nach bhfuil suim acu in aon rud ach amháin bheith ag úsáid na dteangacha chun páipéir léannta a scríobh, a shaothróidh turais saor in aisce dóibh go dtí an Mhongóil, agus áiteacha mar sin.
éachtaí exploits
" Ceapadh Micheál Ó Duibhir ina bhainisteoir ar Chiarraí agus chuir sé suim an-mhór in éachtaí fhoireann Átha Cliath.
daoine ar thángthas i dtír ar a soineantacht people whose naivety was exploited
" Is é fírinne an scéil ná go raibh na daoine a bhí i gceist ar an teorainn: fir de réir an dlí, ach daoine ar thángthas i dtír ar a soineantacht dar le lucht déanta an scannáin.
a shaothrú. to exploit
" Ní haon ionadh é gur mhaith le corparáidí ilnáisiúnta saibhreas nádúrtha na tíre a shaothrú.
oirbheart exploit(s)
" Ní raibh deacracht ar bith an mhí seo áfach agus biaiste na hiomána idirchontae díreach thart agus ba é sin oirbheart agus gaisce iománaithe Chill Chainnigh a mholadh agus a mhóradh tar éis dóibh an ceathrú craobh shinsear iomána uile-Éireann as a chéile a ghnóthú.
a rinne dúshaothrú uirthi which exploited her
" Feictear dom go bhfuil sí fós i gcarcair – a bhuí leis na meáin a rinne dúshaothrú uirthi beagnach ón bhomaite a gabhadh í deich mbliana ó shin.