Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
onnmhairíodh 313 ML 313 ML were exported
" Sa bhliain 2000, táirgeadh 806 ML agus onnmhairíodh 313 ML, luach $1.
onnmhairí exports
" In ainneoin a bhfuil de thrácht ar an eacnamaíocht "nua", braitheann an Astráil cuid mhaith fós ar onnmhairí traidisiúnta - ina measc gual, olann agus mianraí.
shaineolaí export
" Táim freisin i mo shaineolaí ar na cnaipí atá ar na seaicéid atá ag na reisimintí éagsúla, agus maireann Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann thall i bPálás Buckingham - reisimintí Albanacha agus Éireannacha ina measc.
easpórtálacha exports
" Má thosnaíonn muid ag plé le GMOs scriosfar ár gcuid easpórtálacha agus caillfidh na mílte duine a gcuid postanna.
easpórtálacha export
" Téann 4% de na easpórtálacha éisc as Éirinn chuig na tíortha atá faoi chaibidil anseo, beagnach 100% chuig an Éigipt, agus b'fhiú €18m é seo in 2001.
dár n-easpórtáil dhomhanda of our exports throughout the world
" Sin, áfach, níos lú ná 1% dár n-easpórtáil dhomhanda agus níos lú ná 1% dár n-olltáirgeacht náisiúnta don bhliain chéanna.
a easpórtáiltear which is exported
" Deir Feidhmeanach Taighde Margaíochta agus Eolais Bhord Iascaigh Mhara, Richard Donnelly: "I gcás na scadán a easpórtáiltear chuig an Éigipt, ní dhéantar ach brabús de €10 nó €20 in aghaidh an tonna.
honnmhairiú caorach sheep exporting
" Tá an-tábhacht ag baint le honnmhairiú caorach agus beithíoch beo as an Astráil go dtí an Meánoirthear agus an Áis.
tráchtáil onnmhairíochta export trade
" Ag deireadh na gcaogaidí ceapadh é mar Rúnaí ar an Roinn Airgeadais agus, le linn a thréimhse sa roinn sin, chuir sé polasaithe maidir le sochair chánach d'infheisteoirí eachtrannacha, saorthrádáil agus tráchtáil onnmhairíochta chun cinn - bunchlocha an gheilleagair a tháinig faoi bhláth sna nóchaidí.
easpórtáil mhairteola beef exporting
" Ní bheidh deireadh le srianta ar easpórtáil mhairteola go dtí SAM go ceann ocht mbliana déag.
heasportálacha ola oil exports
" Dá dtitfeadh réimeas Saudi as a chéile, agus dá gcuirfí stop le heasportálacha ola ón tír sin, a deir Wolf, dhéanfaí táirgeacht dhomhanda na hola a laghdú 10 faoin gcéad ar an bpointe.
ag onnmhairiú an éisc exporting the fish
" Sa mheánaois, bhíodh a lán feirmeacha éisc thart ar an Mhainistir Liath, agus is dócha go raibh na manaigh ag próiseáil agus ag onnmhairiú an éisc.
Onnmhairíodh ... was exported
luach onnmhairithe export value
" Maidir le luach onnmhairithe de, tá fíon anois ar an aonú táirge déag is tábhachtaí ón Astráil.
sean-onnmhairithe traidisiúnta the old traditional exports
" Níl sé fós i ngar a bheith chomh tábhachtach leis na sean-onnmhairithe traidisiúnta mar chruithneacht, gual, olann agus mianach iarainn ach tá éacht déanta aige mar thionscal nuair a smaoiníonn tú nach raibh mórán brí ag baint leis dhá scór bliain ó shin.
a easpórtáladh that was exported
" Agus tá a fhios ag gach duine faoin mhéid bia a easpórtáladh as Éirinn le linn an Ghorta.
onnmhairiú exporting
" Measann siad nach bhfuil na buntáistí tairgiúlachta a bhí á maíomh fíor ach is é an rud is mó atá ag cur as dóibh go ndéanfar an-dochar d’onnmhairiú bia as an Astráil má tá modhnú géiniteach de shaghas ar bith á dhéanamh ar bhia sa tír.
onnmhairiú cruithneachta the exporting of wheat
" Tá monaplacht aige ar onnmhairiú cruithneachta as an Astráil, gnó gur fiú $4 bhilliún (€ 2.
líon na n-earraí a onnmhairítear number of good which are exported
" Tá laghdú 7 faoin gcéad tagtha ar an ráta dífhostaíochta ó 2004, tá líon na n-earraí a onnmhairítear ag méadú an t-am ar fad, tá an-chuid infheistíochta coigríche sa Pholainn agus tá na céadta milliún euro á gcur abhaile ag Polannaigh atá ag obair i dtíortha éagsúla ar fud an domhain.
a easpórtáil to export
" Deir daoine eile, áfach, go bhfuil sé ag iarraidh an carr saor Síneach – an Chery – a easpórtáil.
easpórtáil export
" Tabharfar an ola trasna Iosrael go dtí Eilat, atá suite ar an Muir Rua, agus uaidh sin, féadfar í a easpórtáil go margaí móra na hÁise.
easpórtáil export(ing)
" 6 billiún anuraidh agus tá tionscal easpórtáil an oideachais ag méadú in aghaidh an lae le blianta anuas.
onnmhairiú export
" Bhí dúnghaois ag a pháirtí in éadan úráiniam a onnmhairiú chuig aon tír eile nár ghlac leis an gConradh maidir le Neamhleathadh Arm Núicléach de chuid na Náisiúin Aontaithe.
onnmhairiú export
" Ach tá roinnt mhaith cosúlachtaí idir an dá thír freisin: is tír bheag í an Fhionlainn (tá daonra de 5 milliún ann) atá ag brath ar onnmhairiú chuig tíortha móra.
n-onnmhairithe exports
" ’ (Woodham-Smith, 122) (Tagairt do ‘Trevelyn’s corn’: Bhí an fear céanna, Routh, i gcoinne na n-onnmhairithe barr mine as an tír mar ‘*serious evil’*.
onnmhairiú exporting
" Sa bhliain 2007, dar léi, bhí Iosrael ag onnmhairiú $1.
onnmhairiú export
" Tabharfaidh sé seo borradh don gheilleagar trí thús a chur le hathshlánú eacnamúil a bheas bunaithe ar onnmhairiú earraí.
onnmhairiú to export
" Thabharfadh sé sin deis dúinn fuinneamh glas a onnmhairiú trí idirnascairí aibhléise idir Éirinn agus an Ríocht Aontaithe, cosúil leis an gceann atá chun dul i gcrích i 2012, agus b'fhéidir ar aghaidh go dtí Mór-Roinn na hEorpa amach sa todhchaí.
onnmhairithe export
" Tá cuid mhaith de dírithe ar onnmhairithe agus tá an earnáil sin ag fás go measartha maith arís.
a allmhairiú to export
" Stáisiún Ginte Eithneach? ============ Má chuirtear chuige i gceart, an bhfuil aon chúis ar domhan ann nach féidir linn an bonneagar céanna a chur ar bun in Éirinn? Nó an é go bhfuil sé in am againn díospóireacht a bheith ann faoi stáisiún cumhachta eithneach a thógáil sa tír? Ní hamháin go bhféadfaí brath ar an soláthar fuinnimh dá mbeadh stáisiún eithneach dár gcuid féin againn ach ní bheadh orainn an méid céanna fuinnimh a allmhairiú.
onnmhairiú na Gearmáine German export(s)
" Don chéad uair riamh tá an tSín chomh tábhachtach leis an Fhrainc ó thaobh onnmhairiú na Gearmáine de.
onnmhairiú export
" “Thig le cathracha cuid mhór cultúir a onnmhairiú, faisean, ealaíona closamhairc, srl.
earnáil na honnmhairíochta the export sector
"earnáil na honnmhairíochta ag fás léi cheana féin.
ní bheimis beo gan an onnmhairíocht we wouldn’t survive were it not for exports
" Sa deireadh thiar thall, tá cónaí orainn ar oileán ar imeall na hEorpa agus is tír oscailte í Éire atá ag brath go mór ar theagmháil le tíortha eile, agus ar ndóigh, ní bheimis beo gan an onnmhairíocht.
D'onnmhairítí gluaisteáin cars ... used to be exported
" D'onnmhairítí gluaisteáin de chuid GM ón Astráil go dtí 28 tír eile tráth dá raibh.
onnmhairiú caorach the exporting of sheep
" Tá feirmeoirí na hAstráile ag gnóthú go leor airgid as onnmhairiú caorach ach is minic a fhulaingíonn na hainmhithe cuid mhór agus iad á n-iompar thar lear.