Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
éigin réasúnach rational explanation
" Déanann daoine a ndícheall míniú éigin réasúnach a fháil agus bíonn sé mar aidhm acu leis an síorphlé a n-eagla anama a roinnt le daoine eile agus bac a thógáil i gcoinne rud éigin nach bhfuil daonna, dar leo.
míniú explanation
" An é go bhfuil duine ar bith atá in ann siúl in ann páirt a ghlacadh ann? Más é seo an míniú is cinnte gur cluiche iontach é ós rud é gur féidir le gach saghas duine é a imirt.
míniú sách cuimsitheach a fairly comprehensive explanation
" Creideann dlíodóir an Róistigh, Eamonn Carroll, toisc téarmaí tagartha athbhreithnithiú an Aire a bheith sách leathan, go mbeidh ar an Aire míniú sách cuimsitheach a thabhairt den chéad uair ar pé cinneadh a ghlacfaidh sé.
mhíniú explanation
" Is léir ón méid a deir siad go raibh an-díomá orthu nuair a ligeadh chun bealaigh iad, go speisialta nuair nár chuir Seán Boylan in iúl dóibh go pearsanta go raibh sé le tarlú agus nár thug sé aon mhíniú dóibh.
mhíniú explanation
" Níl aon mhíniú tugtha ag an rialtas ar cén fáth a raibh fórsaí as 32 tír páirteach sa bhfeachtas a dhíbir an Iaráic as Cuáit i 1991 ach nach bhfuil páirteach an iarraidh seo ach na Stáit Aontaithe, an Bhreatain agus an Astráil.
míniú explanation
" D'úsáid na haisteoirí agus ag na hamhránaithe go léir an Ghaeilge, ach cuireadh míniú as Béarla ar fáil i ndiaidh línte na n-aisteoirí.
míniú iontach simplí a very simple explanation
" Cad é mar a tharla sé sin? Bhail, tá míniú iontach simplí ag Balor na Gaoise ar an cheist dhoghrainneach sin.
míniú cuimsitheach comprehensive explanation
" I measc na n-áiseanna atá sa chlár tá foclóir leictreonach, chomh maith le míniú cuimsitheach ar rialacha gramadaí agus go fiú taifid fhuaime de théacsanna Gaeilge á léamh amach os ard.
míniú an-simplí a very simple explanation
" Dúirt iarspiaire amháin go raibh míniú an-simplí air sin - go raibh fhios acu roimh ré cén polasaí a bhí ag an rialtas agus nach raibh aon mhaith a bheith ag cur ina choinne.
mhíniú sásúil satisfactory explanation
" Tacaíonn an lagiarracht a rinne na Gardaí ar mhíniú sásúil d'fháil ar chuid de na rudaí aisteacha a tharla leis an tuairim nach bhfuil an fhírinne uilig ar eolas againn fós.
míniú sásúil satisfactory explanation
" Baineadh an leabhar de na seilfeanna gan mhoill agus dúirt an foilsitheoir nach mbeadh sé ar díol arís go dtí go mbeadh míniú sásúil ón údar.
mhíniú explanation
" Seachas tagairt do bhagairt an rialtais faoi rátaí úis, níl aon mhíniú tugtha acu ar an tubaiste.
míniú explanation
" B'fhéidir go bhfuil míniú eile ar fad ar an eachtra a tharla sa chluiche club úd, míniú níos soineanta b'fhéidir, ach is é an rud a ritheann liom ná go nglactar leis ró-éasca i measc mhuintir Chumann Lúthchleas Gael (CLG) gur cuid den chluiche a leithéid sin d'eachtra toisc nach mbristear gialla ná cnámha *de ghnáth*! Ag tarlú go rialta ======= Dar ndóigh, deir urlabhraithe éagsúla agus Uachtarán CLG é féin nach bhfuil aon áit don iompar sin sa CLG, ach cén mhaith sin nuair atá sé ag tarlú chomh minic agus chomh rialta is a bhíonn.
mínithe gramadaí grammatical explanations
" Scríobhas féin na cleachtaí agus na mínithe gramadaí.
mhíniú explanation
" Céard as a dtagann an t-ainm Different State nó céard a chiallaíonn sé? An mbaineann sé le Sliabh Luachra? PÓC: Níl an t-aon mhíniú amháin air.
míniú explanation
" An é go bhfuil an IRA imithe go hiomlán as smacht nó an bhfuil míniú eile ar Shinn Féin bheith gann ar fhreagraí sásúla an babhta seo! I dtosach chuir ceannaire an PSNI, Hugh Orde, i leith an IRA gurbh iadsan a bhí freagrach as robáil Bhanc an Tuaiscirt, ansin dúirt an Taoiseach gur chreid sé siúd go raibh a fhios ag ceannairí Shinn Féin faoin robáil roimh ré.
míniú explanation
" Agus mé á dhéanamh sin, tháinig póilín isteach san fhorhalla, agus ar ndóigh d’iarr Síle míniú air go feargach faoi na gunnaí, an bhagairt báis agus mar sin de.
míniú explanation
míniú explanation
míniú sásúil éigin some satisfactory explanation
" Agus an fhianaise ag léiriú anois nárbh í Joanne máthair an linbh a fuarthas ar an trá, bhí géarghá le míniú sásúil éigin ar cén fáth gur shínigh gach duine de mhuintir Hayes ráiteas, agus iad go léir beagnach mar an gcéanna, focal ar fhocal, ag admháil gur thug siad corp linbh chuig an Daingean, gur sháigh siad é agus gur chaith siad isteach san fharraige é.
míniú explanation
" Déanann muid é seo le míniú dóibh go gcreideann muid i saoirse an chreidimh, i mbráithreachas agus i ndea-chomharsanacht.
míniú explanation
" An samplaí de chruthaitheacht ealaíonta na n-ainmhithe seo a leithéid nó, murab ea, cad é an míniú atá orthu? An Seansaol ======= Maidir le nós imeachta an chait, mar shampla, tá fianaise ann nach nós nua-aimseartha é seo agus go raibh meas ag muintir na sean-Éigipte ar na hiarrachtaí ealaíonta a dhéanadh a gcuid cat féin.
míniú ceart a proper explanation
" Thit mé i ngrá leis an teanga agus táim fós gafa léi, ach ní féidir liom fós míniú ceart a thabhairt ar cén fath.
mhíniú explanation
" Ach ansin, i 1982 in Albany in Inis Iocht, d’athraigh siad an polasaí gan aon mhíniú a thabhairt.
míniú explanation
" Níl míniú na Roinne Airgeadais inghlactha in aon chor.
míniú éigin some explanation
"míniú éigin ar chás na Meiriceánach (mar a dúradh thuas) ach an bhfuil léamh nó míniú ar thaispeántas Mhaigh Eo i gcoinne Chiarraí? Tá go leor tráchtairí, iarpheileadóirí agus ar uile, tar éis iarracht a dhéanamh ach dáiríre is mistéir é go bhféadfadh grúpa peileadóirí a d’imir chomh maith agus cróga ar feadh an tsamhraidh a bheith chomh hainnis ar an lá is tábhachtaí sa bhliain.
an míniú agus an insint the explanation and the telling
" Rud amháin a tháinig as cuairt na Sasanach ar Pháirc an Chrócaigh ná an t-ómós agus an urraim, an míniú agus an insint a tugadh sna meáin chumarsáide ar an méid a tharla ar Dhomhnach na Fola.
míniú explanation
" Maidir le míniú a thabhairt ar phríomhthorthaí na tuarascála, deineadh amach nach bhfuil aon fhianaise ann go bhfuil níos lú suime acu nó níos lú foinn ar dhaoine faoi mhíbhuntáiste a bheith rannpháirteach i gcúrsaí spóirt seachas mar atá i gcás aon dream eile.
míniú explanation
" ’ Claonadh cúisíoch coitianta atá ag an lucht léirmheastóireachta sa lá atá inniu ann ná míniú a lorg ar gach rud.
míniú simplí simple explanation
" Féachfaidh mé anois le míniú simplí a thabhairt ar cad é go díreach is féidir leis an tseirbhís seo a dhéanamh.
míniú explanation
" Is é an míniú a bhí ag an gclann ná nár thuig siad gur ghá bás na seanmháthar a chur in iúl do na húdaráis sa Fhrainc.
gan míniú inexplicably, without explanation
" Lily, a tréigeadh gan míniú, le páiste óg ina baclainn aici.
míniú explanation
" **SMM: Nuair a shéan lucht vótála thú do shuíochán arís i nDáil Éireann sa bhliain 2007, san am a raibh na vótóirí céanna ag tacú le polaiteoirí a mhill agus a bhochtaigh an tír seo, cad a chomharthaíonn a leithéid? Go bhfuil na daoine aineolach? Go bhfuil na daoine chomh dona lena gcuid máistrí, gur cuma leis an bpobal vótála gach ní ach a dteach féin agus a morgháiste féin? Cén míniú atá agat féin ar an diúltú ó am go chéile mar sin?** SÓhU: Ní fhéachfainn air mar sin in aon chor i ndáiríre.
míniúchán explanation
" D'fhoghlaimíomar as na cinn atá foilsithe go dtí seo go raibh Aire Dlí agus Cirt na hÉireann féin amhrasach faoi eitiltí seachadadh urghnách tríd an tSionainn, go raibh an Vatacáin maslaithe ag iarratas na hÉireann eolas a fháil mar gheall ar shagairt phéidifileacha, agus nár chreid foireann taidhleoireachta Mheiriceánach i mBaile Átha Cliath an míniúchán a thug an Roinn Airgeadais dóibh faoi ráthaíocht na mbanc – agus níl iontu sin ach scata cáblaí a bhaineann le hÉirinn.
mhíniú explanation
" “Ba é an tIRA an fhadhb, an t-aon mhíniú amháin a bhí ag daoine, ach ag an am céanna, bhí arm na Breataine ar na sráideanna, ag briseadh gach dlí dá raibh ann; bhí cinsireacht sna meáin; bhí Ceathrar Guildford agus Seisear Bhirmingham fós ar an leaba chláir ach bhí ruathair a ndéanamh ag an Chraobh Speisialta ar dhaoine a bhí ghníomhach ar son na córa in áiteanna ar nós Baile Bhútair féin!” arsa Ruane.
míniúcháin ghramadaí grammatical explanations
" Scríobhtar na míniúcháin ghramadaí i mBéarla agus tugtar na samplaí go léir as Gaeilge.
léargas explanation, meaning
" Rud a chuireann an léargas a thug Iar-Easpag dom ar nádúr an duine agus scéal Eamonn Casey idir chamánaibh againn - *‘There’s little room for grace in a very tight corner.
míniú ar bith eile no other explanation
" Níl míniú ar bith eile ar an scéal.
míniú ar fhocail agus ar nathanna deacra an explanation of difficult words and terms
" Is i nGaeilge shimplí atá na scéalta scríofa le míniú ar fhocail agus ar nathanna deacra.
aistriúcháin ar mhíniúcháin translations of the explanations
" Is féidir mar sin, aistriúcháin ar mhíniúcháin na ndánta agus na nótaí cuimsitheacha a ghabhann leo a léamh i mBéarla, más gá duit é.
tá teipthe ar an mhíniú seo anois this explanation has now failed
" Ach tá teipthe ar an mhíniú seo anois.
is míniú falsa é an díothú domhanda the global demise is a lazy explanation
" Má tá teidil cháiliúla, fhadbhunaithe imithe ar shlí na fírinne, cén deis atá ag nuachtán beag suarach i dteanga mhionlaithe atá lonnaithe ar imeall na hEorpa? Nach leochaillí i bhfad iad foilseacháin sainspéise ar nós meáin chlóite na Gaeilge? Ach is míniú falsa é an díothú domhanda ar bhás an nuachtáin Ghaeilge.
Tá míniú iomlán dlite do na híospartaigh sin those victims (…) deserve a full explanation
" Conas a tharla sé mar shampla gur cailleadh fianaise thábhachtach agus cé a bhí freagrach as? An fíor mar a mhaígh dlíodóir Uí Lubhlaí, James Orange, ag an am nár lorg na Gardaí cuid den fhianaise a bhain leis na líomhaintí agus nach bhfuarthas ráitisí ó fhinnéithe ar inis na híospartaigh a gcuid scéalta dóibh blianta sula ndeachaigh siad chuig na húdaráis? Tá míniú iomlán dlite do na híospartaigh sin nach bhfuair cothrom na Féinne ariamh.
ar mhíniú an fhocail explanation of the word
" Rinneadh cur síos sa tuarascáil ar mhíniú an fhocail forghneasú ná ‘hypersexualisation’: ‘Il s'agit d'un phénomène social, né Outre-Atlantique dans les années 2000, qui relèverait de stratégies humaines autour d'une mise en scène « sexualisée » du corps dans le but de séduire l'autre.
gur míniú maith é an teoiric seo this theory is a good explanation
" Is cinnte go bhféadfaí locht a fháil ar an teoiric ghinearálta seo a chuireann Dauvergne chun cinn, ach feictear dom gur míniú maith é an teoiric seo ar roinnt mhaith de na tionscnaimh atá á gcur ar siúl ag Stáit ar fud na cruinne le breis is deich mbliana anuas i ngort na hinimirce.
N’fheadar an fiú an míniú sin I don’t know if that explanation is worthwhile
" *” N’fheadar an fiú an míniú sin ach rud amháin a léiríonn an chraic seo le haischlibeanna ag carachtair teilifíse: tá ré na haischlibeanna linn.
gan aon mhíniú tugtha ar an mhoill no explanation of the delay given
" Tá an t-achomharc seo curtha faoi bhráid an Choimisinéara Faisnéise le beagnach bliain anois agus gan aon mhíniú tugtha ar an mhoill a bhaineann le rialú a dhéanamh ina leith.
na mionsonraí agus na mionmhínithe a sheachaint avoid the minute details and the minute explanations
" Ní chiallaíonn sé sin nach gá don scríbhneoir ach abairtí gearra a scríobh nó go mba cheart dó na mionsonraí agus na mionmhínithe a sheachaint ach go mbeadh feidhm agus riachtanas le chuile fhocal a bhreactar ar phár.
chun míniú simplí a chur air to give it a simple explanation
" An cheist dheireanach a chur mé air ná an raibh moltaí ar bith aige d’éinne atá go maith ag gnóthaí pócair agus seo an freagra a thug sé ar mo cheist: “Tá plean mór eile agam agus seo rud iontach tábhachtach fá choinne éinne atá i mbun pócair; sin ó thaobh do ‘rolla banc’ nó bankroll mar a thugtar air, chun míniú simplí a chur air—sin é do bhainc phearsanta ina choimeádann tú d’airgead ann- ach an rud is tábhachtaí ná chun é a bhainistiú i gceart agus cinnidh chiallmhara a dhéanamh leis.
mhíniú ar dhrochthorthaí fhoireann Shasana an explanation of the bad results of the English team go háirithe particularly
" Bhí go leor plé ar an ábhar seo le déanaí le linn Chorn na Cruinne sa sacar nuair a bhí tráchtairí agus lucht scagtha ag iarraidh teacht ar mhíniú ar dhrochthorthaí fhoireann Shasana agus fhoireann na Brasaíle go háirithe.
a nasc an tubaiste agus an míniú ina chéile which linked the disaster and the explanation together
" B’é an féinghrá an fhréamh a nasc an tubaiste agus an míniú ina chéile.
míniú sásúil satisfactory explanation
" Tá sé trí bliana ó fuair Brian Rossiter bás, ceithre lá i ndiaidh dó dul isteach i gcóma agus é faoi choinneáil i stáisiún Gardaí Chluain Meala i gContae Thiobraid Árann, ach níl míniú sásúil ar a tharla sa stáisiún ag an am faighte ag a theaghlach go fóill.
míniú sásúil satisfactory explanation
" Tá sé trí bliana ó fuair Brian Rossiter bás, ceithre lá i ndiaidh dó dul isteach i gcóma agus é faoi choinneáil i stáisiún Gardaí Chluain Meala i gContae Thiobraid Árann, ach níl míniú sásúil ar a tharla sa stáisiún ag an am faighte ag a theaghlach go fóill.
míniú agus treoir explanation and direction
" Tá gach míniú agus treoir faoi na bréagáin teicniúla is úire in alt seo Roseanne Smith.
míniú achan ghné de scéal an explanation of all aspects of the matter
"míniú achan ghné de scéal an iompú rialtais san Astráil ag Bearnaí Ó Doibhlin, athrú tobann a tharla ina mhaidhm sa mhullach ar Pháirtí an Lucht Oibre.