Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Táthar ag dúil It is expected
" Táthar ag dúil go mbeidh olltoghchán Westminster ann ar an 7 Meitheamh ach Dé Domhnaigh seo caite (29 Aibreán) glacadh an chéad daonáireamh ó thuaidh le deich mbliana, agus táthar ag súil go mbeidh ardú suntasach i líon na gCaitliceach le sonrú ann.
Bítear ag súil leis bheith sa bhaile he is expected to be home
" Bítear ag súil leis bheith sa bhaile arís ag am áirithe tráthnóna don dinnéar ach ní mar sin a bhíonn; buailtear cnag ar an doras, cuirtear an drochscéala in iúl agus athraítear saol an teaghlaigh sin go deo.
de réir mar atáthar ag dréim as is expected
" * Gluais • Glossary fríd ghloine dhorchathrough a dark glass smúidmist, murkiness bréagachfalse is annamhit is seldom mionrudaíminor things doiléirvague i sruth na éiginnteachtain the stream of uncertainty glas ceart na gcuibhreannthe correct green of the fields sin an tuigethat's why ag stánadh amachstaring out léanalawn ag croitheadh a gcinnshaking their heads íomhánnaimages iontassurprise machnamh ceartproper thinking scáileánscreen ag preabadhjumping bladhaire coinnlea candle flame eachtraíevents chan éthat's not it dá thairbhe sinbecause of that rudaí neamhiontachaunexciting, ordinary things ar bharr na mbeannon the cliff tops an lá fá dheireadhthe other day ag coimhéad ar thonnta ag briseadh go díbhirceachwatching waves breaking with ardour substaintsubstance dá dtitfeadh mo chorp de bharr na mbeannif my body fell from the top of the cliffs taoidetide fiúntasworth gníomhact nó a mhalairtor the opposite blaiseadhtaste gan rud ar bith bheith gnóthaithe agam as m’aistearwithout having gained anything from the journey fuaimeanna fánachaoccasional noises díoscadhcreaking coiscéimeanna folmhaempty footsteps stánadh fadaa long stare craos na tineadhthe roaring fire dromchlasurface cha dtig liomI can't cha dtig liom í á threorúI can't guide it déanaim iarracht a gciall a scaoileadhI try to release their meaning le rachtanna fiáinein wild fits seileogaspits sáthadh scinethe stabbing of a knife aonarachsolitary staidéarthalevel-headed teas an phaisinthe heat of passion breithbirth a cheiltto hide anáilbreath is annamhit is seldom fiúntachworthwhile dathanna seachantachaelusive colours goitsecome on, come here neadrachanests seanbhallógaíold ruins deifrehurry cha raibh faill aigehe hadn't the time contráiltewrong go brách síoraíever ag déanamh iontaiswondering i bpeannaireacht chruinn shlachtmharin accurate neat writing stócach ógyouth bodhardeaf pian a fhuilstinto suffer pain mo bheomy life lena dhornwith his fist le mé féin a chosaintto protect myself ní léimfinn amach as a bhealachI wouldn't jump out of the way cinneadhdecision cinntídecisions go fadálachslowly chan fhuil an cinneadh déantathe decision has not been made déanaim mo chac agus mo mhúnI defecate and urinate cuideachtúilhelpful athrú séasúrthe change of seasons de ghlanmheabhairoff by heart gialljaw gobachprotruding gruaig fhionnblond hair dóighiúlachtbeauty tarraingteachattractive rud inteachtsomething buaireamhsorrow ag bruidearnaighthrobbing coimhthíochstrange idir barra na gcrannbetween the tops of the trees ag iarraidh mairstin airtrying to live on it nimhneachsore bhlais mé an phianI tasted the pain tchíthear domhit seems to me go dianstrictly samhailimage mar nach bhfuil sé de dhánacht ionam a bheith éagsúilbecause I haven't got the guts to be different daonnachtaíhumanist an cine daonnathe human race bréanfoul an bréantas a cheiltto hide the foulness cumhráin bhréigefalse perfumes lofarotten gnásanna sóisialtasocial customs béasamanners seanseiteannaold sets ag foscladhopening ag scamhadhpealing creatlachframe-work creidbheáilto believe scigdhráma an tsaoilthe farce of life de réir mar atáthar ag dréimas is expected táirgíproducts caiteoir eiseamláireachexemplary spender lúcháireachjoyous teorainneacha luaisspeed limits ag cailleadh foighdelosing patience sceadamánthroat mo bhrú folamy blood pressure sciathánarm go hionraice is a thiocfadh liomas honestly as I could comhairleadvice díomádisappointment sólassolace lagmheasarthachtrather small amount ag tochailtdigging
ní ainmneofar an té a bhfuiltear ag súil leis an pháirtí a ainmniú the person whom the party is expected to nominate will not be nominated
" Ligfear do Callely rith arís agus ní ainmneofar an té a bhfuiltear ag súil leis an pháirtí a ainmniú, Deirdre Heaney.
rud nach rabhthas ag dúil leis something that wasn't expected
" D’imigh rudaí ó smacht nuair a thosaigh poblachtánaigh an trioblóid agus go tobann – rud nach rabhthas ag dúil leis – chonaic na dreamanna sin a chreideann go bhfuil an Stát, an Tíogar Ceilteach, ag déanamh neamairt iontu, chonaic siad deis le buille fuilteach a bhualadh in éadan na n-údarás.
faoi mar a bhíothas ag súil go n-oibreodh sé as it was expected to work
" Is léir, áfach, go raibh cnámh lom na fírinne á hinsint ag an Ombudsman nuair a dúirt sí nach bhfuil an tAcht um Shaoráil Faisnéise ag feidhmiú faoi mar a bhíothas ag súil go n-oibreodh sé nuair a achtaíodh é.
táthar ag dréim le tuilleadh arduithe more increases are expected
" Ba é seo an tríú huair ó mhí na Nollag a tháinig ardú ar na rátaí úis agus táthar ag dréim le tuilleadh arduithe gan mhoill.
a rabhthas ag súil leo comhshamhlú. who were expected to integrate.
" Bhí seans ag an teanga maireachtáil ach cailleadh an seans mar gheall ar na Stáit Aontaithe agus a cumhacht agus sotal ar thaobh amháin, agus neamhchumhacht na gciní seo “gan tábhacht” ar an taobh eile, a rabhthas ag súil leo comhshamhlú.
bhíothas ag súil was expected
" Cén fáth a mbreathnódh siad ar scannán Gearmáinise nó Fraincise ach ní ar scannán Gaeilge?” Fuarthas an t-airgead agus rinneadh an scannán agus anois tá ardmholadh á fháil aige – i bhfad níos mó na mar a bhíothas ag súil leis.
chomh maith is a rabhthas ag dúil leis. as good as expected.
" Is minic nach mbíonn an todhchaí chomh maith is a rabhthas ag dúil leis.
mar a bhíothas ag súil leis, as was expected
" Tá an t-olltoghchán thart, na vótaí comhairthe agus, mar a bhíothas ag súil leis, tháinig athrú ar rialtas na hAstráile den chéad uair ón mbliain 1996.
níltear ag súil le hathruithe radacacha. radical changes are not expected
" Mar pholaiteoir, bíonn sé i lár báire agus, dá bharr sin, níltear ag súil le hathruithe radacacha.
Táthar ag súil it is expected
" Táthar ag súil go gceapfar an Dochtúir Stephens ina haire sa chomh-aireacht ar ball.
agus nach rabhthas ag súil leo. and which were not expected
" *(Tá sorry orm arís, a eagarthóir!)* Ní dhearna an snaoisín dochar ar bith do dhuine ar bith riamh, seachas smugairlí agus smaoiseanna agus sneatair a bheith in áiteanna nár chóir agus nach rabhthas ag súil leo.
Táthar ag súil it is expected
" Táthar ag súil go rachaidh cumas Uí Mhaoilmhíchíl go mór chun sochair don bhord – agus don Ghaeilge – sa tréimhse ceithre bliana atá amach romhainn.
Táthar ag súil go mór it is greatly expected
" Táthar ag súil go mór go maolóidh sé a bpian agus go dtabharfar dínit ar ais dóibh siúd a aistríodh go teaghlaigh eile agus institiúidí in éadan thoil a muintire.
nó pé áit a raibh tú ag dúil le bheith or whatever place you expected to be
" Faoin am a fhaigheann tú a fhad le Páras – nó pé áit a raibh tú ag dúil le bheith nuair a chuir tú an ticéad in áirithe (agus ní mar a gcéanna an dá áit go minic) – is ar éigean a thabharfaidh fear an tacsaí leis sa charr thú, agus sin tar éis neamhiontas agus míthuiscint i dtosach, agus ina dhiaidh sin díospóireacht, troid, búiríl, stróiceadh mionnaí móra agus tarraingt gruaige.
táthar ag súil it is expected
" Má leanann sé cúrsa atá bunaithe ar na siollabais, táthar ag súil go mbeidh an foghlaimeoir in ann cumarsáid bhunúsach a dhéanamh trí Ghaeilge.
ní fhéadfaí a bheith ag súil it couldn't be expected
" Fiú dá mbeadh an nuachtán ar aon mhéid agus ar aon chaighdeán leis an *New York Times*, ní fhéadfaí a bheith ag súil leis go gceannódh gach duine den 72,148 é.
táthar ag súil it is expected
" Tá a lán cosúlachtaí idir dualgais an ghobharnóra stáit agus dualgais an ard-ghobharnóra, agus mar sin de táthar ag súil go bhfuil an taithí chuí bainte amach aici lena dualgais a chur i gcrích go héifeachtach ag an leibhéal náisiúnta.
bhíothas ag súil go forleathan it was widely hoped or expected
" Dá bhrí sin, bhíothas ag súil go forleathan abhus go mbuafadh na hAstrálaigh níos mó bonn ná mar a bhain siad.
gluaiseachtaí ionchais praghais expected price movement
" Is é an sainmhiniú a thugann Foclóir Fiontair ar ‘díorthach’, ná “ionstraim airgeadais a luacháiltear de réir gluaiseachtaí ionchais praghais bunsócmhainne, ar féidir gur tráchtearraí, airgeadra nó urrús í.
táthar ag súil it is expected
" Dearcadh eile ar an mhargadh I gcás an chomhshaoil, táthar ag súil go dtuigfidh ceannairí rialtais an ceacht céanna.
táthar ag súil le (it) is expected
" Reachtáilfear an Chomhdháil Idirnáisiúnta um Rialtas Áitiúil i gCill Airne ag tús na míosa seo, fágaim, agus táthar ag súil le freastal maith air.
táthar ag súil it is expected
" Gan amhras smaoinigh Apple ar an rud céanna agus táthar ag súil sar i bhfad go mbeidh iPhone i bpóca gach mac agus iníon máthar beo.
bheifí ag súil would be expected
" Díreach mar a bheifí ag súil leis ó bhuaiteoir comórtais áilleachta, is bean ard donn dathúil í a thiontódh cinn, gan aon agó.
Bhíothas ag súil it was expected
" Bhíothas ag súil an t-am sin go ndúnfaí na bearnaí seo faoi dheireadh.
Mar a rabhthas ag súil leis as was expected
" Mar a rabhthas ag súil leis, thug gach ar labhair sa díospóireacht teasmholadh do chrógacht agus d’fhulaingt na saighdiúirí – ní dhiúltaíonn aon pholaiteoir don deis leas bolscaireachta a bhaint as íobairt na saighdiúirí! Mar a rabhthas ag súil leis freisin, thug an príomhaire agus ceannaire an fhreasúra araon, Tony Abbott, tacaíocht láidir don mhisean san Afganastáin.
faoi mar a rabhthar ag súil leis as was expected
" Tá an méid cánach a íocadh i rith na bliana go dtí seo faoi mar a rabhthar ag súil leis.
níltear ag súil it’s not expected
" Bíodh is go bhfuil an feachtas i bhfabhar phósadh comhghnéis ag bailiú nirt i bPáirtí an Lucht Oibre, níltear ag súil go mbeidh an tacú cuí ann ag an gcomhdháil náisiúnta i mbliana le dúnghaois i bhfabhar an pósadh comhghnéis a ghlacadh.
Bhíothas ag súil le it was expected
" Bhíothas ag súil le feachtas as an ghnáth, feachtas a mbeadh an t-ionracas agus an fhírinne ann, feachtas nach mbraithfeadh ar na sean-nósanna.
ná a mbeifí ag súil leis than expected
" Is breá le lucht leanúna spóirt na hAstráile a mhaíomh go rialta go ngnóthaíonn fir agus mná spóirt na tíre i bhfad níos mó sna comórtais idirnáisiúnta éagsúla ná a mbeifí ag súil leis, nuair a chuirtear san áireamh nach bhfuil ach daonra de 22.
táthar ag súil it’s expected
" Bhí an dúiche daoine i láthair ag an oscailt, ina measc an tAire um Ghnóthaí Leanaí, Francis Fitzgerald, a bhí ar cuairt chun na hAstráile, agus táthar ag súil go mbeidh na scórtha míle cuairteoirí ar an taispeántas, a leanfaidh go dtí deireadh mhí Iúil.
Táthar ag súil it’s expected
" Bhí mo bhean chéile agus mé féin ina measc agus labhair mise go dátheangach faoin áit is ansa liom in Éirinn - Gleann Cholm Cille, dar ndóigh! Táthar ag súil go dtaifeadfar scéalta go leor eile le linn an taispeántais.
Bhíothas ag siúl it was expected
" Bhíothas ag siúl go mbeadh trúpaí Astrálacha ar fiannas san Afganastáin go ceann dhá bhliain eile ar a laghad, ach mhaígh Karzai ar na mallaibh go raibh a chuid fórsaí féin réidh le freagracht a ghlacadh as an tslándáil i gceantair áirithe na tíre.
a bhí súil leis were expected
" Go fiú, bhí Mary *“Make and Do”* Fitzgerald i láthair leis! Is dócha go raibh i bhfad níos mó i láthair ná mar a bhí súil leis agus bí cinnte go bhfeicfimid i bhfad níos mó déantóirí ann an bhliain seo chugainn.
nach raibh éinne ag dréim leis that no one expected
" Fuair siad freagra nach raibh éinne ag dréim leis, freagra a ndiongbhála ó Rossa Ó Snodaigh.
rud nach rabhthas ag súil leis something which wasn’t expected
" Tharla macasamhail seo in áiteanna eile timpeall na tíre a raibh antoiscigh roghnaithe ag an bPáirtí Poblachtánach, agus b'é bun agus barr an scéil gur choinnigh an Páirtí Daonlathach greim daingean ar an Seanad, rud nach rabhthas ag súil leis.
tá súil le cinneadh an Bhoird the bord’s decision is expected
" Chuir an pobal a bhí i gcoinne na muilte seo achomharc os comhair An Bhoird Phleanála, agus tá súil le cinneadh an Bhoird gan mhoill.
a bhí ag dréim le heolas ar thailte gafa who expected information on occupied lands
" Ba bheag an tuiscint a bhí acu sular thug siad aghaidh amach agus ba lú, is léir, a bhí acu nuair a léirigh siad a gcuid grianghraf do dhaoine ar ais in Éirinn a bhí ag dréim le heolas ar thailte gafa agus ar chaighdeán maireachtála daoine sa Mheán Oirthir.
Bhíothas ag súil go forleathan it was widely expected
" Bhíothas ag súil go forleathan roimh an olltoghchán go mbeadh an ceann is fearr ag an bhfreasúra, Páirtí an Lucht Oibre.
Táthar ag súil it’s expected
" Táthar ag súil go mbeidh ar na teifigh amuigh is istigh ar chúig bliana a chaitheamh sna hionaid ar na hoileáin bhochta iargúlta seo sula bhfaigheann siad meas ar a n-iarratas tearmainn, agus ní bheidh aon chinnteacht leo go bhfaighidh siad cead teacht chun na hAstráile.
Bhí coinne agam go I expected
" Bhí coinne agam go míneodh an Taoiseach na castachtaí teicniúla seo dom mar ní mór dom a admháil nach dtuigimse an cheist ghabhlánach seo mar ba chóir.
bhíothas ag súil it was expected
" Nuair a bhuail an t-anfa sinn, bhíothas ag súil go gcuirfí ag smaoineamh sinn ar nithe atá i bhfad níos bunúsaí agus níos tábhachtaí.
a mbítear ag súil leis which is expected
" Ní hé an cineál iompair a mbítear ag súil leis ar pháirc rugbaí nuair a chuimhnítear gurb é lucht na haicme uaisle a imríonn an rugbaí de réir an traidisiúin.
ar bhonn nach raibh éinne ag súil leis at a level no one expected
" Bhí trí ríomhaire glúine ag Snowden, agus in ainneoin chomh hóg is a bhreathnaigh sé, níorbh fhada gur áitigh sé ar Greenwald go raibh cruthúnas aige ar na ríomhairí seo go raibh rialtas Mheiriceá ag spiaireacht ar eachtrannaigh agus ar a shaoránaigh féin ar bhonn nach raibh éinne ag súil leis.
Táthar ag súil go it’s expected that
" Táthar ag súil go dtiocfaidh suas le 300,000 duine ar cuairt chuig an chathair agus go mbeidh 20,000 ceoltóir ag glacadh páirte in imeachtaí éagsúla ceoil agus cultúrtha a dhéanfaidh ceiliúradh, chan amháin ar cheol traidisiúnta na hEireann ach ar an nasc láidir cultúir le hAlbain agus le tuaisceart Mheiriceá chomh maith.
an maide draíochta atá ceaptha an taoille a chasadh the magic wand which is expected to turn the tide
" Is dócha go bhfeictear sa státseirbhís gur ‘dul chun cinn’ an méid sin i bhfianaise an dualgas reachtúil atá le 10 mbliain anuas ar na Ranna agus Oifigí Rialtais céanna, seirbhís tré Ghaeilge a chur ar fáil faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla! Pleanáil Teanga ===== Chuireas spéis faoi leith sa ‘dul chun cinn’ a bhí le tuairisciú maidir le Pleanáil Teanga, an maide draíochta atá ceaptha an taoille a chasadh sa Ghaeltacht.
ní bhítear ag súil le hairgead ón Rialtas government loot isn’t expected
" Murab ionann agus Gatherings na hÉireann, ní bhítear ag súil le hairgead ón Rialtas lena rith, ná ní bhíonn an Rialtas ag súil le go gcaithfear mórán airgid acu.
Táthar ag súil it's expected
" Táthar ag súil go dtiocfaidh suas le 80,000 cuairteoir chuig an taispeántas i nDoire.
Bhíothas ag súil it was expected
" Súil Uí Dhubhda ====== Bhíothas ag súil go líonfadh athbhreithniú an Gharda ar an chás cuid de na bearnaí maidir leis an bhaint a bhí acusan le teip an cháis choiriúil.
Táthar ag súil go mór it’s greatly expected
" Táthar ag súil go mór nach raibh i gceist leis an dearcadh cúngaigeanta ar mhná a léirigh Abbott ina ráiteas thuasluaite ach baois na hóige.
tá tú ceaptha a bheith in ann you’re expected to be able
" Ba bheag nár thit mé i laige nuair a fuair mé amach gurb é an focal atá ann do bheoir ná cerveza! Cé nach raibh mé i bhfad ón mbaile, an bhféadfainn maireachtáil san áit choimthíoch seo ar feadh bliana, i ndáiríre? Cur i bhFeidhm na dTeoiricí ============ Go teoiriciúil agus TEFL déanta agat, tá tú ceaptha a bheith in ann an Béarla a mhúineadh in áit ar bith ar domhan, ón mBablóin go Timbeactú! Déantar na ranganna a theagasc d’eachtrannaigh sa sprioctheanga amháin, is cuma cén leibhéal teanga atá acu sa teanga sin.
Bhíothas ag súil leis was expected
" Bhíothas ag súil leis an chuairt seo tar éis cuairt na Banríon Eilís ar Éirinn sa bhliain 2011, nuair a thosaigh sí a haitheasc i gCaisleán Bhaile Átha Cliath leis na focail: “A Uachtaráin agus a chairde…” Samhaltas a bhí ann, ár ndóigh, mar lean sí ar aghaidh i mBéarla, agus dúirt: *“What were once only hopes for the future have now come to pass; it is almost exactly 13 years since the overwhelming majority of people in Ireland and Northern Ireland voted in favour of the agreement signed on Good Friday 1998, paving the way for Northern Ireland to become the exciting and inspirational place that it is today.
ceaptha appointed, expected to
" Ach nach é seo an cineál oibre, a bhíodh ar bun ag Glór na nGael go dtí seo? Anois tá Glór na nGael ceaptha a bheith ag plé le ‘Forbairt Pobail agus Eacnamaíochta’.
ceaptha iad a cheannach expected to buy them
" Bhí dhá fhoirgneamh i gCearnóg Mhuirfean le díol agus Seán Dunne ceaptha iad a cheannach.
bítear ag súil it’s expected
" ** N'fhad is a bhíonn an bhean torrach bítear ag súil go mbeadh sí ina suí ar a sáimhín só agus go mbeadh sí ag ithe i gcaitheamh an lae.
rabhthar ag súil it was expected
" Ar bhealach chuir sé díomá orm go rabhthar ag súil go bhfaighfí an t-eitleán Malaeisiach measartha gasta.
ach táthar ag súil it is expected
" Ní minic a thagann athrú ar rialtas náisiúnta na hAstráile, ach táthar ag súil go mbeidh ré an chomhrialtais reatha thart tar éis an chéad olltoghchán eile, a deir Bearnaí Ó Doibhlin.
a rabhthas ag súil leis as was expected
" Is léir faoin am seo nár tháinig an borradh céadtach faoin choiriúlacht a rabhthas ag súil leis, scéal a chuir Chiarán Mac Aonghusa spéis ann.
Bítear ag súil leis is expected
" Bítear ag súil leis an iomarca fulainge, foighde agus le breis uathu.