Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
corraitheacha exciting, stirring
" " Ba bhlianta corraitheacha iad sin i stair an tuaiscirt.
spreagúil exciting
" Is cinnte go bhfuil féidearthachtaí ag baint leis an taispeántas amach anseo ach, ar an drochuair, go dtí go ndéanfar athbhreithniú ar an pholasaí atá ag an Acadamh taispeántais chomh mór seo a chur ar siúl, leanfar ar aghaidh ag déanamh faillí i go leor saothar atá fiúntach agus spreagúil.
corraitheach exciting
" Bíonn urraí an ghradaim, Gailearaí an Tate agus Channel 4, ag brath go mór ar chonspóidí chun rud *avant-garde*, corraitheach agus radacach a dhéanamh den ghradam.
spreagúil exciting
" *Gore-fest *fuilchíocrach, frith-Sheimíteach, foréigneach, spioradálta, spreagúil agus cumhachtach… Sin roinnt aidiachtaí a bhí in úsáid ag léirmheastóirí le gairid le cur síos a dhéanamh ar scannán úr mór-ráchairte Mel Gibson, *The Passion Of The Christ*.
corraitheach exciting
" Bhí oscailt na gcluichí ollásach agus seandiaganta sa mhéid is gur cuireadh Balor giota maith siar ar bhóithrín na smaointe go dtí laethanta a óige féin; bhí na cluichí féin corraitheach agus gríosaitheach sa mhéid is gur bhog tóin tamhanda Bhalor cúpla orlach óna chathaoir theolaí anois is arís le teann fuaiscnimh; agus bhí searmanas an chlabhsúir maoithneach agus rachtúil sa mhéid is gur fháisc sé deoir ghoirt an chumha amach as súil an chioclóp.
an Aigéan corraitheach Atlantach the exciting Atlantic Ocean
" Tá sé soiléir, áfach, gurb í an fharraige is mó a mhúsclaíonn a chuid suime, go bhfuil croí an fhir lártíre tógtha ag an Aigéan corraitheach Atlantach.
corraitheach exciting
" “Mar sin, bhí na fadhbanna seo uilig ann agus muid ag ullmhú don fhéile phíobaireachta, ach ba é rud a fuair na daoine a chuir an stró orthu féin dul chuig an chéad fhéile amach, ná go raibh sé corraitheach, ilghnéitheach, agus spraíúil.
saol corraitheach exciting life
" “Bhí tionchar ag an airgead gasta orm,” a deir sé, “ag na mná agus an saol corraitheach.
cluichí corraitheacha exciting games
" Sna *Minor Leagues*, déantar botúin go minic, agus ní annamh mar sin go bhfeictear cluichí corraitheacha nó imreoirí ag dul sa seans ar chaoi nach bhfeicfeá riamh sna sraithchomórtais mhóra.
forbairt an-chorraitheach a very exciting development
" Measann sé, cuir i gcás, gur forbairt an-chorraitheach é an dul chun cinn atá déanta maidir le bunú na Ceathrún Gaeltachta.
forbairtí corraitheacha exciting developments
" Go pointe áirithe, bheinn sásta a bheith ag ceiliúradh leo, mar níl aon amhras ach gur forbairtí corraitheacha iad na cinn atá ag tarlú faoi láthair.
corraitheach. exciting
" Mar a deirim, fáilteoidh mé roimh dheireadh an réamhbhabhta seo, a mhair ar feadh trí nó ceithre mhí níos faide ná mar a shíl aon duine go leanfaí de, ach ní hionann sin is a rá nach raibh sé corraitheach.
na nithe corraitheacha the exciting things
" (Ach níos mó ina thaobh sin ar ball!) Nuair a bhuail mé le de Spáinn, bhí meanma an-mhaith aige agus é ag caint faoi na nithe corraitheacha atá ag titim amach sa Chonradh faoi láthair.
corraitheach exciting
" Tá sé deacair dom smaoineamh ar aon ní chomh corraitheach is a bhí an banna “mór” le linn dó a bheith ag cleachtadh i halla na scoile i rith am lóin.
corraitheacha exciting
" Tá pleananna corraitheacha ag an Chomhairle na cnoic a chur ar fáil do lucht spaisteoireachta ar bhealach i bhfad níos éascaí, áis iontach do mhuintir na cathrach agus lucht turasoireachta araon.
spleodrach fast, exciting
" Tá úsáid bainte ag Somers as na scileanna agus na taithí uilig atá aige mar shléibhteoir agus mar údar le húrscéal inchreidte, spleodrach, sainiúil a chruthú.
lena amhrán corraitheach with his exciting song
" Tá éacht déanta ag an rap-amhránaí PSY, ó Phoblacht na Cóiré lena amhrán corraitheach *Gangnam Style*, atá i ndiaidh breis is 810 milliún amas a fháil ar *YouTube* (an méid is mó riamh faighte ar an suíomh físeán seo go sea) agus atá ag dul i bhfeidhm go mór ar dhaoine fud fad na cruinne.
ag tabhairt aghaidh ar an aistear nua corraitheach seo facing into this new and exciting journey
" Níl amhras ar bith ann go mbeidh dúshláin go leor ann, ach cabhróidh a thaithí foirne leis agus é ag tabhairt aghaidh ar an aistear nua corraitheach seo.
corraitheach exciting
" Ainneoin an dul chun cinn atá déanta ag streachailt na teanga le blianta beaga anuas, is léir go bhfuil bóthar fada corraitheach le taisteal againn go fóill le contúirtí an domhandaithe is nósmhaireacht an bhéil bháin i measc bhunaíochta na tíre seo ina mbagairtí fhollasacha ag fís athghabhála na Gaeilge.
tús spleodrach an exciting start
" Den chéad uair riamh, beidh Giro d’Italia— ceann de na rásaí is mó clú agus cáil ag teacht go hÉirinn chun tús spleodrach a chur le comórtas na bliana seo.
corraitheach exciting
" Ach níl siad chomh corraitheach agus a bhídís, dar le Brian Ó Broin.