Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
malartán exchange
" Toisc go raibh cúpla malartán agus trealamh teileachumarsáide de chuile shórt againn sa bhfoirgneamh, bhínn isteach is amach ann go minic á bhféachaint, ar feadh tamaill i ndiaidh an ionsaithe.
Malartaítear cártaí gnó business cards are exchanged
" Malartaítear cártaí gnó an t-am ar fad sa tSeapáin.
ag malartú exchanging
" Tá muid ag malartú síochána sa bhaile le cogadh thar sáile.
Stocmhalartán Stock Exchange
" Chuidigh sé leis an Transcontinental Railroad a mhaoiniú agus ceapadh é sa deireadh mar uachtarán ar Stocmhalartán Nua-Eabhrac in 1883.
stocmhalartán stock exchange
" Tá cúig chás le cur ina leith an mhí seo gur oibrigh sé an cloigeann ar an stocmhalartán le brabach a dhéanamh.
mar mhalairt air sin in exchange for that
" Fuair mé amach cuid mhaith fúm féin agus mé in Éirinn agus, mar mhalairt air sin, d'fhág mé píosa de mo chroí féin i mo dhiaidh.
luach scaireanna na gcomhlachtaí ar na stocmhalartáin the price of the companies' shares on the stock exchanges
" In áit é sin a dhéanamh, áfach, dhírigh na hollchomhlachtaí nua ar chostaisí a ghearradh, oibrithe a scaoileadh chun siúil, fiacha a ghlanadh, agus gníomhaíochtaí eile a dhéanamh a raibh sé mar aidhm ghearrthréimhseach acu luach scaireanna na gcomhlachtaí ar na stocmhalartáin a choinneáil chomh hard is a d'fhéadfaí.
malartú exchange
" Tá rudaí iontacha ag titim amach in Albain agus bíonn malartú idir iad féin agus féile in Oileán Sgiathanach - tagann amhránaithe Gàidhlig agus ceoltóirí Albanacha go hÉirinn agus téann na hÉireannaigh chun an oileáin.
na stocmhalartáin the stock exchanges
" Dhá lá ina dhiaidh sin, dhún na stocmhalartáin i Meiriceá agus innéacs mheán tionsclaíoch Dow Jones thar 12,000 den chéad uair riamh.
den idirmhalartú sin of that exchange
" Glacann sé leis an tábhacht a bhaineann leis an saibhreas cultúrtha sin – ach tá sé mar mhisean anois aige an dara leath den idirmhalartú sin a chur i gcrích, agus a chultúr Maorach a thaispeáint do na Pākehā.
ag babhtáil línte beaga simplí. exchanging little simple lines.
" Mé féin agus Rossa ag babhtáil línte beaga simplí.
a mhalartú to exchange
" Is deis iontach é le smaointe agus teicnící a mhalartú le daoine eile atá ag déanamh uirlisí.
ráta malairte exchange rate
" Is féidir an Linden a cheannach le fíorairgead – is é an ráta malairte ná US$1: 268 Linden.
leis na malartuithe a chur i gcrích. to perform the exchanges
" Ar an dóigh seo, tá ceangal an-réalaíoch idir an saol fíorúil agus an fíorshaol! Is amhlaidh go bhfuil córas speisialta i gceist, LindeX, leis na malartuithe a chur i gcrích.
forrán a chuir mé ar phóilín sráide addressing a street police man, an exchange I had with a street policeman
" Is maith is cuimhin liom féin forrán a chuir mé ar phóilín sráide i Chicago cúpla bliain ó shin nuair a d’fhiafraigh mé de cá raibh áit éigin.
malartú saineolais exchange of expertise
" Bhí an malartú saineolais agus an taithí phraiticiúil leis na rannpháirtithe eile sa rang an-luachmhar go deo agus thug sé comhthéacs do go leor den teoiric.
mar chúiteamh in exchange, as compensation
" Tá seisean sásta tacú linne mar chúiteamh.
ráta malartaithe exchange rate
" Mar a luaigh mé an mhí seo caite, tá an ráta malartaithe idir an punt sterling agus an euro ina chuidiú ag lucht turasóireachta (agus ag Tesco, comhlacht a ghnóthaigh brabús roimh cháin de £2,803 milliún punt anuraidh.
comhfhreagras teasaí heated exchanges
" Bhí mé ag súil fosta le comhfhreagras teasaí ó cheannasaithe, leithéidí Conradh na Gaeilge, Gaelscoileanna, Gael Linn agus Comdháil Náisiúnta na Gaeilge agus iad ag cosaint a gcuid luachanna agus a dtábhacht don teanga.
t-ollstocmhalartán leictreonach giant electronic stock exchange
" Rinneadh cathaoirleach NASDAQ (an t-ollstocmhalartán leictreonach) de sna nóchaidí.
babhtálann swap, exchange
" Agus muid ag taispeáint an chórais seo do dhaoine ar spéis leo a leithéid, seinnimse ina theannta agus babhtálann muid ‘licks’ le chéile.
mhalartú exchange
" Balor: Ach an fíor nach bronntanais a bhí iontu ag an tús, ach gur iarr tú two goats for two Irish government ministers? Deirtear nár thuig fear na ngabhar gur ag iarraidh na hairí a mhalartú ar na gabhair a bhí tú.
mhalartú exchange
" An Tiontú Teanga Mhaigh an tOllamh Declan Kiberd in aiste ar an Irish Times le déanaí go ndearna muintir na hÉireann margadh leis an todhchaí sna 1830í – go dtabharfaidís cúl dá dteanga is dá gcultúr mar mhalartú ar rath eacnamaíochta (rath nach bhfuair siad faraor géar!).
haistriú cumhachtaí exchange of powers
" Tá ceist na mórshiúlta i mbéal an phobail arís agus ceangal déanta ag an DUP le haistriú cumhachtaí cirt agus póilíneachta go Tionóil Thuaisceart Éireann.
Aistriú exchange
" (Cén stádas atá ag Robinson agus ag Foster anois? An bhfuil biseach ar Iris?) Bhí na nuachtáin lán dóchais go mb’fhéidir go raibh socrú ar na gaobhair, go raibh fuinneamh úr sa chóras agus go raibh an DUP réidh leis an bheart a dhéanamh maidir le hAistriú Cumhachtaí Póilíneachta agus Cirt.
malartú exchanging
" B'iad seo an dá áit is mó malartú spiairí aimsir an chogaidh fhuair.
mhalartaithe exchange
" An Imirt Chothrom ar Chách ======== D’fhógair an tAire Inimirce, Chris Bowen, go raibh comhaontú socraithe le rialtas na Malaeisia scéim mhalartaithe i dtaca le teifigh a cur i dtreoir.
chúiteamh in exchange
" Glacfaidh an Astráil cúigear dídeanaithe, atá aitheanta cheana féin ag Oifig Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe (UNHCR), ón Mhalaeisia mar chúiteamh ar gach duine a chuirtear chun na Malaeisia faoin scéim.
malartaithe exchange
" Is éard atá ann, rannóg san ollscoil ag plé le mic léinn ón iasacht a thabhairt isteach agus scéimeanna malartaithe ar fud an domhain.
córas ráta malairte chomhlúthaigh floating exchange rate system
" Tar éis Bretton Woods ní raibh ceangail dhaingne idir na hairgeadraí – tháinig córas ráta malairte chomhlúthaigh ar an fhód agus cuireadh deireadh de réir a chéile leis sna srianta trasteorann.
mhalartaigh an bheirt a móidí pósta the couple exchanged their marriage vows
" Cuireadh cathaoireacha amach ar an trá i gCapitola, agus mhalartaigh an bheirt a móidí pósta os comhair feidhmeannaigh oifigiúil.
malartáin stoic stock exchanges
" Beidh sé le feiceáil sna malartáin stoic i dtosach thar thréimhse coicíse nó mar sin.
Idir óg agus aosta ag malartú fonn both young and old exchanging tunes
" Idir óg agus aosta ag malartú fonn, amhrán agus scéalta, coirmeacha móra, baiclí beaga ag seinm ar na sráideanna agus sna hostáin agus sna láithreáin champála.
malartú eolais information exchange
" Éascóidh an Córas seo comhoibriú agus malartú eolais idir ballstáit an Aontais lena chéile agus le FRONTEX agus cuirfidh sé leis na huirlisí faireachais atá ar fáil cheana chun monatóireacht a dhéanamh ar na teorainneacha seachtracha.
ag babhtáil bronntanas exchanging gifts
" Oh dear!” Ansin thosaigh siad ag babhtáil bronntanas.
mhalartú cultúrtha cultural exchange
" Mar chuid den mhalartú cultúrtha seo, chuaigh beirt fhilí, Dáithí Ó hÓgáin agus Dolores Stewart, an t-amhránaí Seán Garvey agus an ceoltóir Colm Dubh Ó Méalóid trasna go hAlbain idir 1-7 Samhain 2004.
teasaíocht cainte heated exchange
" Léiríonn Bearnaí Ó Doibhlin thíos cuid den teasaíocht cainte agus tuairime a ghin an téamh domhanda i bpolaitíocht na hAstráile ar na mallaibh.