Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
seachas except
" Mar shampla, labhair mé le hÉireannach a shíl nach raibh dolmainí le fáil áit ar bith eile seachas in Éirinn.
seachas except
" Pléadh na cásanna ar an chlár, eagraíodh cruinnithe agóide, labhair polaiteoirí amach ar son na ndaoine a bhí tar éis litir a fháil, agus cuireadh brú ar na bainc eolas a bhí ina seilbh a thabhairt dá gcustaiméirí saor in aisce, seachas ar chostas €500 faoi mar a bhí á bhagairt acu.
seachas na téacsleabhair except the textbooks
" "Is dócha go raibh sé sort *exotic *ag an am, mar scríbhneoir a bhí ann agus bhí sé sin neamhchoitianta sa mheánscoil agus tú ag teacht isteach ó fhobhailte Bhaile Átha Cliath! Bhí sé ana-mhaith ó thaobh na teanga féin agus ó thaobh Gaeilge a labhairt agus a bheith ag caint faoi gach rud faoin spéir, seachas na téacsleabhair! Ach bhí an t-ádh liom.
cé is moite den bháisteach except for the rain
" Bhí Elisa den tuairim go raibh an tír go hálainn, "cé is moite den bháisteach, an ghaoth agus an ceo!" Bhí meascán ann ó thaobh aimsire de i mí Iúil, ach cé go raibh sé dian in amanna, níor chaill sí féin ná a cara Sara Cerrutí lá ar bith de shé lá an chúrsa, rud atá neamhchoitianta.
seachas cur as duit except to harass you
" "Nuair atá rudaí ag tarlú i do cheantar féin, nuair atá saighdiúirí Sasanacha ag rá leat 'Up against the wall!' - cad é atá ar intinn acu seachas cur as duit? Tosaíonn tú ag lorg léargais ar na fáthanna go bhfuil fadhbanna mar seo ann.
seachas except
" Is beag eile a chuimhneoidh an náisiún uilig air seachas an méid sin.
seachas except
" San aonú haois is fiche, níor chóir d'eagraíocht spóirt aon fhealsúnacht a chur chun cinn seachas fealsúnacht spóirt, an argóint a chuirtear chun tosaigh go minic, amhail is go bhfuil fealsúnacht eagraíochtaí ar nós an FAI agus an IRFU teoranta do chúrsaí spóirt amháin.
cé is moite den except for
" Ach tá an scéal ag athrú go tapa agus, cé is moite den Chumann Lúthchleas Gael (CLG), is beag trácht a chloisfeá anois ar an spórt amaitéarach in Éirinn.
seachas except
" Níor bhain a saothar féin an t-aitheantas céanna amach riamh agus, spéisiúil go leor, níor lig sí dó bean ar bith eile a phéinteáil seachas í féin.
Cé is moite de except for
" Cé is moite de phóca anseo is ansiúd i gContaetha na Mí, na hIarmhí, Ros Comáin, Mhaigh Eo, an Dúin agus go mór mór in Aontroim, is fásach iomána é tuaisceart na tíre.
cé is moite de except for
" Bhí an-díomá orm féin agus ar mhórán eile, le fírinne, cé is moite de mhuintir Chorcaí, nuair a theip ar Phort Láirge an bua a fháil ar Chorcaigh i gcluiche leathcheannais iomána na hÉireann.
seachas tríd an bhfilíocht. except through poetry.
" Nó tá saghas dóchais ionat gur féidir rudaí a rá atá faoi cheilt de ghnáth ionat féin agus go minic, i measc daoine eile, rudaí ar deacair iad a scaoileadh seachas tríd an bhfilíocht.
Cé is moite den teaghlach, aside from, except for, the family
" Cé is moite den teaghlach, is é an t-oideachas an crann taca is tábhachtaí ó thaobh inmharthanacht na teanga de.
ach amháin mo chuid lochtanna a chur in iúl dom; except for all of my faults being pointed out to me
" Ní dhearnadh rud ar bith le mé a threorú ach amháin mo chuid lochtanna a chur in iúl dom; níor cuireadh comhairle ar bith orm maidir leis an dóigh a bhfeadfainn na lochtanna sin a leigheas.
cé is moite de except for
" Cé go n-éiríonn leis na húdair ar fad stíl shothuigthe neamhacadúil a úsáid, locht eile a gheobhainn ar an saothar ná go bhfuil na húdair ar fad bainteach leis an saol acadúil cé is moite de Bhreandán Delap agus de Liam Ó Muirthile – ar eagarthóir nuachta le TG4 agus file iad faoi seach.
ach amháin le linn na gCogaí Domhanda except for during the World Wars
" Tá na cluichí á n-eagrú acu chuile bhliain ó shin i leith, ach amháin le linn na gCogaí Domhanda.
Diomaite de except for
" Diomaite de na ceantair Ghaeltachta agus de chorr siopa mór nuachtán sna cathracha, níl aon bharántas ann go mbeidh na nuachtáin Ghaeilge le feiceáil ar sheilfeanna.
ach amháin go bhfuil siad faoi bhréagriocht except they are in disguise
" Iasachtaí fophríomha atá i gceist anseo ach amháin go bhfuil siad faoi bhréagriocht – tá na bainc ag séanadh na fírinne loime.
Ní raibh fanta ach all was booked except
" Ní raibh fanta ach suíocháin i mbarr an tí ar an gcúigiú stór – ‘i measc na ndéithe’ mar a deir lucht opera.
na sleachta Gaeilge a thaifeadadh uait to record the Irish excepts from you
" “Tá an grúpa ag ullmhú díolama maidir le scread Dheirdre sa mbroinn agus ba mhaith liom na sleachta Gaeilge a thaifeadadh uait.