Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
is follasach it is evident
" Nuair a amharcann tú air, is follasach go bhfuil ceol inmheánach á oibriú i gcónaí.
níos soiléire more evident
" Níl sé sin níos soiléire áit ar bith, bloc i ndiaidh bloic, ná ar Staten Island, Nua-Eabhrac.
míbhuntáistí follasacha evident disadvantages
" Níor bhac sí a mhíniú cén chaoi ar réitigh a cuid tuairimí leis na míbhuntáistí follasacha atá acu maidir le sláinte, tithíocht agus fostaíocht.
ríshoiléir totally clear/evident
" Tá sé sin ríshoiléir, nach bhfuil? Bhuel, b'fhéidir nach bhfuil, dar le húdair áirithe.
le sonrú evident
" Roimh an mbreisimirt úd, bhí an t-uafás teannais le sonrú in imirt na n-imreoirí agus iad ag teacht chun chríche.
tá sé le sonrú it is evident
" * Cloisim an dóigh a ndeachaigh an oiliúint a fuair sí ó thaobh an cheoil chlasaicigh de chun sochair di – tá sé le sonrú sa chomhcheol agus i struchtúr an cheoil é féin.
le sonrú evident
" Chinn Howard go mbeadh fórsaí Astrálacha páirteach sa chomhfhórsa in ainneoin nach raibh a lán tacaíochta don ionradh le sonrú i measc mhuintir na hAstráile faoin am sin.
níl difríocht dá laghad le sonrú san Iaráic there is no difference evident in Iraq
" Ach de réir dealraimh níl difríocht dá laghad le sonrú san Iaráic – nó in aon áit eile – anois agus an bhuíon bheag d’fhórsaí Astrálacha ar ais ar an bhfód dúchais.
le sonrú evident
" Níl casadh sa treo eile le sonrú sna stáit uirbeacha agus ar ndóigh, drochnuacht is ea í don pháirtí Poblachtánach.
soiléir evident
" An saol crua é a bheith os comhair ceamara sách minic chaon seachtain ar bonn seasta? BNC: Is obair chrua í, caithfidh tú i gcónaí a bheith ar an airdeall, caithfidh tú i gcónaí a bheith aireach faoi céard tá timpeall ort, céard tá ag tarlú sa domhan, bíodh tú i do láithreoir, nó id’ iriseoir, nó aon duine atá ag plé leis na meáin, mura dtuigfidh tú céard tá ag tarlú sa domhan mór, beidh sé sin soiléir! Ó chláracha do ghasúir, cláracha siamsaíochta, is cuma céard é an t-ábhar, mar ag deireadh an lae, tá bunús iriseoireachta leis an bpost.
soiléir clear, evident
" Ní gá ach breathnú ar leathanach Facebook Futa Fata agus feicfidh tú go bhfuil siad ag cothú pobail, ach ní dóigh liom gur ar phobal custaiméaraí is abhcóidí branda a bhí an tOireachtas ag smaoineamh nuair a chum siad an critéir ‘cothú pobail’! Níl sé soiléir cé leis a mbeadh an blag seo in iomaíocht (níl mórán soiléir ar shuíomh an Oireachtais, ach tuilleadh faoi sin ar ball) mar a thuigimse é le duais €1,000.
Ní léir It's not evident
" Ní léir don fhaitíos sin roimh an gcumhacht eithneach a bheith ar dhaoine sa Fhrainc.
léir evident
" ” Tá daoine ann a léighfidh an mhír thuas a cheapfaidh nach bhfuil ann ach tagairt chiníoch: “Seo frith-Sheimiteach eile ag rá go bhfuil na Stáit Aontaithe faoi smacht na nGiúdach!” Ach má ghlacann muid leis nach bhfuil na Giúdaigh go léir i gceist ag an duine seo ach mionlach beag díobh, ar antoiscigh iad, an bhfuil pointe aige? Maidir leis an gcéad mhaíomh, léirigh mé anseo, in alt dar teideal ‘Ar mhaithe le Síón,’ nach raibh difear ar bith idir Obama agus McCain ó thaobh a ndílseachta diongbháilte do Iosrael.
léiríodh fíorbheagán suime very little interest was evident
" Tá sé suimiúil mar sin, léiríodh fíorbheagán suime sa rang i Muineachán, cuir i gcás, ansin i nGaillimh agus i gCluain Meala agus in áiteanna eile mar sin, léirigh daoine an-suim iontu.
sách soiléir plainly evident
" I gcás breithimh mar Clarence Thomas, a d'ainmnigh George Walker Bush i 1991, tá an chlaontacht sin sách soiléir - sular ainmníodh é, bhí sé ag obair do Monsanto, ollchomhlacht bith-theicneolaíochta talmhaíochta, agus tá a bhean ina ball de ‘Liberty Central’ - meitheal smaointe agus brúghrúpa atá i bhfad amach ar an eite dheis.
tá a shliocht ar it’s evident
" Ar an drochuair, nuair a atógadh na foirgnimh sna 1950í, ní raibh go leor ama, airgid ná cruthaitheacht ailtireachta ag na daoine, agus tá a shliocht ar an áit go dtí inniu féin.
beagán náire sa dá shúil a touch of shame evident
" ‘Polish very good,’ a deir sé, agus ansin, idir magadh agus dáiríre, ‘Polish no good,’ beagán náire sa dá shúil, ach é bródúil go leor as an dá fhocal Béarla.
d’fheicfí creathlach traidisiúnta a traditional form would be evident
" Dá gcuirfí na foinsí agus an staidreamh agus na giotaí próis ar leith dar roghnaigh an tUachtarán sna haithisc sin ar leathtaobh, d’fheicfí creathlach traidisiúnta ós do chomhair amach.
Is follasaí scoilteanna na Spáinne the divisions in Spain are more evident
" Is follasaí scoilteanna na Spáinne ná deighiltí na Fraince a dhéanamh amach; ceantair chumhachtacha iad an Chatalóin agus Tír na mBascach maidir le geilleagar na Spáinne de (murab ionann agus an Ghailís) a bhíonn ag éileamh de shíor scarúint ó fhlaitheas na Spáinne (mar a dhéanann polaiteoirí Gailíseacha ó thráth go chéile).
Mar is léir ar scaileáin teilifíse as evident from our TV screens
" Mar is léir ar scaileáin teilifíse chuile oíche, tá foréigean agus trodaíocht uafásach fíochmhar feicthe ag muintir Aleppo le míonna beaga anuas.
Mar is léir ón tsracfhéachaint seo as is evident from this glance
" Mar is léir ón tsracfhéachaint seo, tá claonadh i dtreo na n-iarrthóirí daonlathacha sa Seanad agus san Uachtaránacht, ach ar bhonn "áitiúil" (na hIonadaithe Comhdála agus na hiarrthóirí stáit, fágaim) tá claonadh i dtreo na bPoblachtánach, gné a léiríonn an bhéim ar áitiúlacht atá á leagan ag an Tea Party.
nuair is léir faoi dheireadh when it’s finally evident
" ‘Ní féidir leat é seo a choiméad suas’, arsa Eva le Georges, nuair is léir faoi dheireadh nach leor a dhícheall.
feiceálach i measc evident among
" Mhol sé na heagraíochtaí deonacha, mar Chúram Comhphobal Éireannach Merseyside, “Ar scáth a chéile a mhaireas na daoine,” agus dúirt sé linn go raibh an tréithe sin feiceálach i measc na n-imirceach agus an dóigh ar thug siad cuidiú do sheandaoine nó do dhaoine a bhfuil deacrachtaí acu.
an tuairim chéanna le brath the same opinion was evident
" Go deimhin, bhí an tuairim chéanna le brath ag Tóstal na Gaeilge 2013 a d’eagraigh Comhdháil Náisiúnt na Gaeilge Dé Sathairn seo caite.
Tchítear sa tír seo féin it’s evident even in this country
" Tchítear sa tír seo féin nach annamh a chuirtear cosc ar shagart a labhródh go hoscailte faoi cheisteanna móra an lae, cuirim i gcás ról na mban san Eaglais nó ceist na haontumha.
Ní raibh an tréigean seo le feiceáil this exit wasn’t evident
" Tá Mealladh na nAstrálach Inti =============== Ní raibh an tréigean seo le feiceáil i mbliana, áfach, mar go bhfuil cóisir ar siúl ó cheann ceann na bliana le céad bliain na cathrach a cheiliúradh agus imeachtaí éagsúla go leor ann le freastal ar gach riachtanas.
le sonrú go soiléir clearly evident
" Tá seanbhlas agus cur i gcéill an stáit i leith cur chun cinn na Gaeilge le sonrú go soiléir ins an dóigh ar cuireadh mianta tionscal na cógaisíochta chun tosaigh ar chearta phobal na Gaeilge le déanaí, óir tá sé admhaithe anois ag an Roinn Sláinte gurb iadsan a chur tús leis an phróiseas le treoir Eorpach a athrú ionas nach mbeadh dualgas ar chomhlachtaí leighis lipéidí i nGaeilge a chur ar chógais a dhíoltar in Éirinn.
Tá an ghné pholaitiúil iontach soiléir the political aspect is very evident
" Tá an ghné pholaitiúil iontach soiléir san allagar seo.
bhí eascairdeas le sonrú idir a coldness was evident between
" Tháinig réad chun solais roinnt blianta ó shin, ámh, a bhain le tréimhse neamhghnách sa chaidreamh nuair a bhí eascairdeas le sonrú idir an dá thír.
Bíonn tréithe áirithe feiceálach certain features are evident
" Bíonn tréithe áirithe feiceálach ina measc siúd.
Feictear seo go soiléir this is evident
" Feictear seo go soiléir i saothar Jeremy Deller i bpailliún na Ríochta Aontaithe, mar shampla, a dhíríonn súil ghéar ar intinn lucht an airgid agus na cumhachta sa phictiúr aige.
nuair a thagann sé chun solais when it becomes evident
" Tháinig an-bhorradh faoin tsuim atá ag muintir na hAstráile i gcúrsaí ginealaigh le blianta anuas agus bíonn daoine fíorbhródúil nuair a thagann sé chun solais go raibh sinsear acu ina dhaoránach, seachas a bheith náireach as an smál breithe mar a bhítí.
tá a shliocht sin ar this is evident in
" Ó chúlra cláir fháisnéise a thagann Daniellou, agus tá a shliocht sin ar Lann Vras.
Ba léir it was evident
" Ba léir ón grúpa fócais sin ar aon chaoi go dteastódh nuachtán Ghaeilge clóite a bheith ar fáil chomh maith lena chur ar an idirlíon leis an dá chineál léitheora a shásamh.
théarmaíocht lom ríshoiléir an ghealltanais bhunúsaigh sin that basic promise’s bare and perfectly evident terminology
" 4) cead don Stát cabhair a thabhairt do ghrúpaí creideamhacha i riocht airgid san earnáil oideachais, is deacair éalú ó théarmaíocht lom ríshoiléir an ghealltanais bhunúsaigh sin a chuireann cosc ar chánacha ginearálta an Stáit a aistriú go dtí forais chreidimh.
Bhí fonn spleodrach beoga le brath ar chách a lively cheerful atmosphere was evident (on all)
" Bhí fonn spleodrach beoga le brath ar chách i sráideanna Dhoire Cholmcille ar na mallaibh, nuair a bhí an 43ú Féile Phan-Cheilteach ar siúl ann.
le sonrú cheana féin evident already
" Tá toradh tubaisteach siollabas nua na Gaeilge don Ardteist le sonrú cheana féin, dar le Breandán Delap.