Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
heisimirce emigration
" Déanann na marcanna atá fágtha ag an taoide tagairt don stair atá ag an chathair ó thaobh na heisimirce de.
eisimirce emigration
" An eisceacht í a leithéid, nó an bhfuil go leor againn, inár gcroí istigh, den tuairim chéanna? Chuirfeadh sé seo i gcuimhne duit an ciúnas a bhíonn ann, nuair a bhíonn eisimirce throm in Éirinn, mar a bhí sna hochtóidí.
eisimirce leanúnach persistent emigration
" Cé gur in Albain atá Celtic lonnaithe, tugann bunús, stair agus lucht leanúna an chlub sárléiriú dúinn ar an toradh a bhí ar an eisimirce leanúnach as Éirinn.
imirce emigration
" Chuaigh roinnt acu ar imirce chuig Sasana agus go Meiriceá.
imirce emigration
" Go deireadh na seascaidí, bhí cuid mhór imirce ón taobh seo tíre go Sasana agus go Meiriceá ach níl an oiread sin ag dul thar lear anois, gidh go bhfuil an ceantar á bhánú mar nach bhfuil aon tionscal lonnaithe anseo atá fóirsteanach do dhaoine a bhfuil oideachas tríú leibhéal orthu.
imirce emigration
" Roimh 1970, bhí cúig scoil sa pharóiste (ag Ceann Garbh, Loch Muc, Sealagán, Béal an Átha Mhóir agus Droim an Aonaigh) ach tháinig laghdú ar na huimhreacha mar gheall ar an imirce.
imirce emigration
" "Is iontach an rud é nuair a smaoiníonn tú go bhfuil mé ag obair i Halla na Cathrach, agus go raibh mé mar ionadaí Halla na Cathrach ag ócáid a bhí ag tabhairt ónóra don imirce Éireannach go dtí an chathair seo," a dúirt Cunningham cúpla lá tar éis don Jeanie Johnston teacht i dtír.
Eisimirce emigration
" 2020: Eisimirce ar scála mór ón nGearmáin agus ón Ísiltír i dtreo na Spáinne agus na hIodáile.
ó thaobh na himirce de as regards emigration
" Ag cuimhneamh ar an stair atá ag an tír seo ó thaobh na himirce de, bheifí ag súil go ndéanfaí dlithe inti a léireodh meon caoin, fáilitiúil i leith na n-eachtrannach a chuireann fúthu anseo gach bliain.
eisimirce emigration
" Ar ndóigh, níor chuir an Tíogar Ceilteach stad leis eisimirce - téann Éireannaigh fós go dtí an Bhreatain le post a fháil nó b'fhéidir chun éalú ó dheacrachtaí atá acu sa bhaile.
an bád bán the emigration boat
" Bhí Éire céasta ag an dífhostaíocht agus ní raibh i ndán do go leor den aos óg ach an bád bán go Sasana nó Meiriceá.
eisimirce emigration
" Ní fhéadfaí a rá go gcuimhníonn lucht an rachmais atá ag fostú cuid de mhuintir na dtíortha iasachta seo ar chomh fada siar is a théann an eisimirce in Éirinn.
an bád bán the emigration ship
" Ó bhlianta an chogaidh ar aghaidh, thóg plúr na bhfear is na mban óg an bád bán go Sasana.
sruth na himirce the flow of emigration
" Bhí sruth na himirce ina thuile bhuí faoi 1954.
eisimirce emigration
" Deir Domhnall: "Bhí eisimirce ollmhór ann.
na scuainí imirce, the emigration queues,
" Tá postanna agus airgead ann in áit na scuainí imirce, tá árasáin áit a mbíodh na páirceanna agus tá *lattes* in áit na bpotaí tae!Bearna mhórNíl aon amhras ach go bhfuil buntáistí ag baint leis an saibhreas nua, ach ciallaíonn sé freisin go bhfuil an bhearna idir na haicmí ag méadú in áit a bheith ag laghdú.
an long eisimirceach the emigration ship
" Agus tá uaigh amháin ann do na daoine a fuair bás nuair a briseadh an long eisimirceach an *Canton* in 1849.
traidisiún na himirce séasúraí the tradition of the seasonal emigration
" Bhí an méid sin fíor faoi Dhún na nGall go háirithe, áit a raibh traidisiún na himirce séasúraí i dtreo fheirmeacha an Lagáin agus na hAlban buanaithe le fada.
eisimirce emigration
" Ag tús na haoise, ba phort tábhachtach eisimirce é Cromba, ach nuair a tháinig an t-iarnród go hInbhir Nis, b’fhearr leis na Híleantóirí traein a fháil ón áit sin go Glaschú nó Learpholl, áit a bhfaigheadh siad bád go Meiriceá nó Ceanada.
faoin sruth imirce sin about that stream of emigration
" Seo scéal nár insíodh go dtí seo faoin sruth imirce sin agus faoin uaigneas a lean é, agus atá ag tarlú go fóill i measc na mílte imirceach ón Liotuáin, ón Pholainn agus ón tSín.
fite fuaite le cúrsaí eacnamúla agus imirce. closely linked with economic and emigration matters.
" Tá stair CLG na Breataine fite fuaite le cúrsaí eacnamúla agus imirce.
imirce emigration
" *CMA: Tá eagla ar dhaoine go mbeidh an meathlú seo chomh dona leis an ghéarchéim sna hochtóidí; go bhfuil dífhostaíocht agus imirce i ndán dúinn agus go n-imeoidh an t-airgeadas poiblí ó smacht.
in ainneoin na heisimirce despite emigration
" Cumann Peile an Phiarsaigh nó ‘Na Piarsaigh’, cad eile, is ainm don chumann áitiúil agus in ainneoin na heisimirce, na dífhostaíochta agus na bochtaineachta sna blianta atá thart, tá ceann de na staid pheile is deise atá le feiceáil in Éirinn tógtha ag cumann na bPiarsach i Ros Muc.
eisimirce emigration
" Cuireadh an chonspóid seo i gcuimhne dom arís ar na mallaibh nuair a léigh mé aiste dar teideal ' I gcuntas Dé múin Béarla do na leanbhain': eisimirce agus an Ghaeilge sa naoú aois déag ' le Karen P.
imirce emigration
" org/wiki/An_Gorta_M%C3%B3r) D’athraigh sé sin an tír ó bhonn ar an ábhar gur chailleamar mórán daoine den ocras, d’aicíd agus den imirce.
oll-eisimirce mass outward emigration
" Cuireadh tús leis an oll-eisimirce de dheasca an Drochshaoil agus na bochtaineachta.
imirce emigration
" Cuir i gcás, ceisteanna ar an sceimhlitheoireacht, ar an fhuinneamh, ar ghalair, ar an aeráid, ar an imirce, agus ar ndóigh ceisteanna geilleagair.
heisimirce emigration
" ‘Na Piarsaigh’, cad eile, is ainm don chumann peile áitiúil agus in ainneoin na heisimirce, na dífhostaíochta agus na bochtaineachta sna blianta atá thart, tá ceann de na staideanna peile is deise dá bhfuil in iarthar na hÉireann tógtha ag CLG Na Piarsaigh i Ros Muc.
An Bád Bán emigration
" An Bád Bán ===== **CB: Is an raibh faic ráite agat aige baile?** MDÓS: Diabhal faic, ach dúrt leo go bhfanfainn i mBaile Átha Cliath ar feadh seachtaine le cara a bhí ag foghlaim Gaelainne i rith an tsamhraidh.
Imirce emigration
" Imirce ab ea an rud ar fad an uair sin.
eisimirce emigration
" B’ait don bheirt againn gur gortaithe seachas cúrsaí eile ar nós scrúduithe, saoire, cúrsaí oibre nó eisimirce ba chionsiocair leis an tsáinn ina raibh an fhoireann.
imirce emigration
" Léirigh na figiúirí go raibh méadú beag tagtha ar dhaonra na gcontaetha is mó a raibh stair fhada ag an imirce iontu.
imirce emigration
" Sa leabhar sin a foilsíodh i 2005, maíonn Littman go bhfuil Ioslam ag coilíniú na hEorpa de réir a chéile trí imirce.
imirce emigration
" Ba dhíol suntais an saothar poiblí a chruthaigh sé agus tá samplaí de le feiceáil sa chuimhneachán ar Shéamas Ó Conghaile agus An Crann Óir atá suite i gcroílár Bhaile Átha Claith, an dealbh a rinneadh do chomóradh 500 bliain na Gaillimhe ar an Fhaiche Mhór, an cuimhneachán ar an Drochshaol i Westchester, Nua-Eabhrac agus ar an imirce chun an Oileáin Úir i nDoire Cholm Cille.
ar eisimirce as emigration from
" Is cuid de chúige Alba Nua í an Rinn Bhriotánach agus idir na blianta 1775 agus 1860, tháinig breis is 25,000 duine ar eisimirce as Albain le socrú ar an oileán, cuid mhaith acu a tháinig ó gharbhchríocha na hAlban.
ar deoraíocht emigration
" Iadh teorainneacha na tíre go gairid i ndiaidh theacht na dtancanna, ach sul má rinneadh, d'imigh os cionn seachtó míle Seicslóvacach ar deoraíocht.
himirce emigration
" (Níor tharla san i gcás cluichí na nGael mar is eol dúinn cé gur scaipeadh an liathróid láimhe níos deireanaí de bharr na himirce).
toradh an imeachta the result of emigration
" Tá folús fágtha sna teaghlaigh agus sna pobail a d’fhág siad ina ndiaidh agus i gceann achair gairid blianta, beidh toradh an imeachta le feiceáil in ísliú an daonra agus i ndúnadh scoileanna faoin tuaith.
na himirce emigration
" **SÓC: Cén ról atá ag an CLG i gcás na himirce?** MMGE: Go háirithe sa lá inniu, más gá duit dul ar imirce rachaidh tú go club i gcíbe tír a rachas tú ann agus sin iad na cairde a bheas agat.
tionchar na himirce sin the influence of that emigration
" Is é Yahaya Ahmed atá ina stiúrthóir ar an eagras timpeallachta DARE (Developmental Agency for Renewable Energies): “Níl muid cinnte cé mhéid daoine atá ar na bóithre mar gheall ar an athrú aeráide, ach tá tionchar na himirce sin le brath againn.
imirce emigration
" Bíodh is go bhfuil traidisiún láidir imirce sa Ghailís le céad éigin bliain, shílfeá gur leasc go mór leis an nglúin atá suas anois imeacht ón tír (agus a gceart sin acu) le hais a sinsear.
cumha na himirce the sadness of emigration
" Nuair a thosaigh mé á scríobh, chuaigh an siansa in aimhréidh agus nuair a bhí mé i Meiriceá, mhothaigh mé an chaointeacht sin arís – cumha na himirce, b'fhéidir agus tháinig gach rud le chéile ansin," ar sí.
imirce neamhbhuan impermanent emigration
" Léacht Eolais ===== Dúirt sé linn go raibh neamhaird tugtha do thaithí na n-imirceach, go mór mór nuair atá ‘imirce neamhbhuan’ i gceist.
imirce ciorclach circulatory emigration
" Agus tá imirce ciorclach ann fosta; is é sin na himircigh agus a gclann ag filleadh ar ais go Éirinn: “Thug mé faoi deara cé chomh tábhachtach a bhí imirce ciorclach nuair a bhí mé ag Ollscoil Manchain,” a dúirt sé linn.
a cheapann gur rud dearfach é an imirce who feel that emigration is a positive thing
" Foilsíodh figiúirí le déanaí ó dhaonáireamh 2011 Shasana is na Breataine Bige ar cúis ardaithe meanman iad do dhaoine a cheapann gur rud dearfach é an imirce a dtugann daoine faoi dá ndeoin féin.
don lucht frithimirce to the anti-emigration groups
" Tabharfaidh siad lón lámhaigh don lucht frithimirce, do dhaoine a mheasann go bhfuil an iomarca imirceach sa Bhreatain is atá i bhfách le breis srianta den sórt atá á gcur i bhfeidhm le cúpla bliain anuas.
gur chun freastal ar an imirce to service emigration
" Ar ndóigh, dá leanfaí leis an tuairim gur chun freastal ar an imirce atá córas oideachais na hÉireann, ní bheadh aon fhilíocht ná ealaíon á múineadh i scoileanna na tíre ach an oiread.
an imirce go tréan emigration going strong
" Bhí ocras ar an tír sna daichidí, bhí an imirce go tréan sna caogaidí, fuaireamar faoiseamh beag sna seascaidí, ansin bhí géarchéim an ola sna seachtóidí agus phléasc tuaisceart na hÉireann.
bhí an áit bánaithe ag an imirce the place was emptied by emigration
" Bhí Gaeltacht Chonamara dílis do Fhianna Fáil ó 1932 i leith, ach b’fhacthas don ghlúin óg a raibh baint acu le Cearta Síbhialta gur bheag an mhaith, ach a mhalairt, a rinne an dílseacht sin: bhí an áit bánaithe ag an imirce mar nach raibh mórán saothrú le fáil ann; ní raibh uisce i mórán de na tithe; ní raibh mórán áiseanna poiblí ar fáil don aos óg ach an oiread.
bhaineannú na himirce the feminisation of emigration
" Is mar gheall air seo atá trácht le cloisteáil le roinnt blianta anuas ar bhaineannú na himirce.
na suáilcí is na duáilcí a bhaineann leis an imirce the blessings and failings of emigration
" Téann na suáilcí is na duáilcí a bhaineann leis an imirce i gcion ar gach duine, idir fhir is mhná, ó liath go leanbh, agus is iomaí buntáiste agus míbhuntáiste a roinneann gach duine a thugann faoi thuras thar lear, pé inscne atá i gceist.
stádas daingean imirce solid emigration status
" Is éasca teacht i dtír ar dhaoine bochta i bhfad ó bhaile nach mbíonn stádas daingean imirce acu, agus iad go minic aineolach ar theanga na tíre ina mbíonn siad, gan trácht ar na cearta is na teidlíochtaí atá acu.
agus dlíthe imirce á ndéanamh when emigration laws are being made
" Is mithid leas na mban seo a chur san áireamh agus dlíthe imirce á ndéanamh agus á gcur i bhfeidhm.
cheist na himirce is na forbartha the matter of emigration and development
" Is leis an dearcadh leathan cuimsitheach seo a bhaineann an trácht atá le cloisteáil le blianta anuas ar cheist na himirce is na forbartha.
mba chóir eisimirce emigration ought to
" Aithníonn an coincheap seo go bhféadfaí agus go mba chóir eisimirce ón domhan forásach a chur chun sochair don chuid sin den chruinne, agus ní hamháin don Iarthar.
coincheap na himirce is na forbartha the concept of emigration and development
" Tá sé intuigthe ón gcoincheap seo go bhfuil a leithéid de rud is freagrachtaí domhanda ann agus is é domhan níos córa atá mar cheann de na cuspóirí ag daoine a chuireann coincheap na himirce is na forbartha ar aghaidh.
Roimh ré seo na himirce móire before these times of massive emigration
" Roimh ré seo na himirce móire, samhlaítí teanga le fód dúchais ar leith, agus is ar bhfód sin a labhraítí í.
Glúin Eile Seolta le Bád Bán another generation sent off into emigration
" Glúin Eile Seolta le Bád Bán ========= Don chlár ar an imirce, Róisín í féin a rinne an taifeadadh ag Aerfort Átha Cliath agus í ag caint le daoine a bhí le himeacht agus lena ngaolta croíbhriste.
Don chlár ar an imirce for the program on emigration
" Glúin Eile Seolta le Bád Bán ========= Don chlár ar an imirce, Róisín í féin a rinne an taifeadadh ag Aerfort Átha Cliath agus í ag caint le daoine a bhí le himeacht agus lena ngaolta croíbhriste.
féinmharú, uaigneas agus eisimirce suicide, loneliness and emigration
" Spreagann an CLG mothú féiniúlachta is muintearais ní hamháin i gcóngar ach i gcéin chomh maith, rudaí atá thar a bheith tábhachtach go háirithe do dhaoine na linne seo atá in ísle brí de bharr iliomad fadhbanna le dífhostaíocht, cúrsaí óil, féinmharú, uaigneas agus eisimirce.
ndírítear ar ghnéithe diúltacha na heisimirce people concentrate on the negative aspects of emigration
" D'fhéadfá do dhinnéar a ithe ar ag an gcaoi seo gach lá más maith leat, ach seans maith go mbeifeá ar leathchluais ag an deireadh! Measaim féin go ndírítear ar ghnéithe diúltacha na heisimirce go rómhinic sna meáin, um Nollaig ach go háirithe - gur sinne 'glúin na heisimirce', imirce daoine oilte, briseadh croí máithreacha na tíre a fágtar inár ndiaidh srl.
glúin na heisimirce the emigration generation
" D'fhéadfá do dhinnéar a ithe ar ag an gcaoi seo gach lá más maith leat, ach seans maith go mbeifeá ar leathchluais ag an deireadh! Measaim féin go ndírítear ar ghnéithe diúltacha na heisimirce go rómhinic sna meáin, um Nollaig ach go háirithe - gur sinne 'glúin na heisimirce', imirce daoine oilte, briseadh croí máithreacha na tíre a fágtar inár ndiaidh srl.
t-amhrán deoraíochta emigration song
" B'fhéidir gur sólás do Phádraig Ó Mileadha an t-amhrán deoraíochta a scríobh sé a bheith a rá arís céad bliain tar éis a scríofa.
B’í sáinn na heisimirce the predicament of emigration was
" B’í sáinn na heisimirce príomhbhéim na haiste seo, ach go háirithe iadsan a dhiúltaigh aon rud a dhéanamh chun é a leigheas ós rud é go gceaptaí go raibh buntáistí creideamhacha agus sóisialta ag baint leis an sruth daonna ollmhór sin.
ní hionann an imirce inniu emigration today isn’t the same
" Tá Droichead meafarach na nDeor in aerfort Bhaile Átha Cliath na laethanta seo ach ní hionann an imirce inniu agus an imirce san aimsir anallód.
ar an bhád bhán in emigration
" Iamhchríoch na Cathrach Abú! ============ Dá mbeifí le scairteadh amach ar bhonn seicteach/daonra, b’fhéidir go scairtfí “an Contae go leith abú!” nó “an Dá Chontae abú!” nó arís, “na Trí Fhichead Contae abú!” óir is é mo mheas go bhfuil an-líon daoine nár sheol amach ar an bhád bhán, ach nár chaith vóta, mo dhála féin le barr staince, gránach, le teann fuatha nó le héadóchais, b’fhéidir.
an imirce emigration
" … Ba í an imirce a bhí mar aidhm ag gach malrach scoile.
ar imirce by way of emigration
" Chomh maith le dualgas a ghabháil ann mar Rós, chuaigh gach duine taobh m’athar amach ar imirce ansin ach aon duine amháin.
ar shaol leochaileach na himirce in the perilous world of emigration
" Is iomaí bean, roinnt milliún acu, a chaill a cearta i bhfad óna muintir ar shaol leochaileach na himirce, mar a fhuair Alan Desmond amach.
i réimsí na himirce faoi dheireadh in the area of emigration at long last
" Tá Alan Desmond den bharúil go mb’fhéidir go bhfeicfimid roinnt na córach i réimsí na himirce faoi dheireadh má éiríonn le cruinniú áirithe sna Náisiúin Aontaithe an mhí seo chugainn (DF).
tairbhe áirithe le baint as an imirce certain benefits from emigration
"tairbhe áirithe le baint as an imirce má roghnaíonn tú ionad oibre spéisiúil duit féin, dar le Ross Ó Briain.