Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
dhul ar imirce emigrating
" "Ní smaoineoinn ar dhul ar imirce go deo," a deir sé, cé go n-éiríonn leis dul go hÉirinn go minic, chun taighde a dhéanamh nó cuairt a thabhairt ar a theaghlach.
a ghabháil ar imirce to emigrate
" Cosúil le gach baile ar chósta thiar na hÉireann, bhí ar bhunadh na háite a ghabháil ar imirce le linn an chéid seo caite.
a thug an bád bán orthu féin who emigrated
" Ach tá athrú mór tagtha ar an saol mar, i láthair na huaire, tá roinnt mhór de na daoine úd a thug an bád bán orthu féin ag filleadh anois agus ag lonnú arís sa mbaile inar tógadh iad.
gur theastaigh uathu dul ar imirce go Meiriceá that they wanted to emigrate to America
" "Chuir go leor daoine ar bhuail sí leo in iúl di gur theastaigh uathu dul ar imirce go Meiriceá ach nach raibh siad in ann é sin a dhéanamh de bharr an bhochtanais," a deir Murphy.
nach dtéann ar imirce. that don't emigrate.
" “Tá an ceart agat maidir le Polannaigh a fhanann sa bhaile agus nach dtéann ar imirce.
a chuaigh ar imirce go Londain who emigrated to London
" “Is féidir liom a rá go macánta gurb í an obair a bhíonn ar siúl ag an tionscadal Aisling a thug an spreagadh dom an scannán Kings a dhéanamh,” a dúirt an stiúrthóir, Tom Collins, agus é ag caint faoina scannán nua, a tháinig amach ar na mallaibh, agus faoin dea-obair a dhéanann Aisling i measc na nÉireannach a chuaigh ar imirce go Londain blianta ó shin agus atá anois fágtha gan dídean nó aon cheangal leis an bhaile.
tháinig sé ar imirce chun na hAstráile he emigrated to Australia
" Rugadh Lee sa Chóiré i 1985, agus tháinig sé ar imirce chun na hAstráile lena thuismitheoirí agus é ceithre bliana d’aois.
Chuaigh sé ar imirce he emigrated
" Chuaigh sé ar imirce agus é fós ina dhéagóir.
ar eisimirce to emigrate
" Tá faitíos ar leith orainn in Éirinn, áfach, mar feictear dúinn nach bhfuil an t-éalú céanna againn agus a bhíodh sna caogaidí agus sna hochtóidí le dul ar eisimirce; níl postanna ar fáil, ach an oiread, sna tíortha a mbíodh muid ag tarraingt orthu mar Shasana, Meiriceá nó Ceanada.
bhád bhán thar sáile emigrated overseas
" Díbríodh roinnt thar chuan agus theith an chuid eile lena mbeo ar an bhád bhán thar sáile.
d’imigh siad ar an imirce they emigrated
" ” Chuaigh cúigear nó seisear ó bhliain Uí Uiginn sa Mheánscoil chuig institiúidí tríú leibhéal; cuid eile chuaigh siad isteach sa Státsheirbhís ach bunús acu, d’imigh siad ar an imirce.
chuaigh ar imirce emigrated
" Cerbh í féin? Rúiseach ab ea Rachel Bluwstein (1890 -1931) a chuaigh ar imirce go dtí an Phalaistín sa bhliain 1909.
ar Deoraíocht abroad, emigrated
" Muintir na hÉireann ar Deoraíocht ================ **SÓC: Ag leanúint leis an diaspóra, inis dom faoi Chumann na gCurach i Milwaukee, an Cumann gníomhach iad?** JG: Tá a lán daoine as Conamara ina gcónaí i Pittsburgh agus bíonn siad ag iomramh curachaí ansin.
dul ar imirce emigrate
" Bíodh sin mar atá, ní thig a shéanadh gur choinnigh na monarchana beocht sna ceantair sin, trína chinntiú nach raibh ar bhunadh na háite dul ar imirce.
a chuaigh ar an bhád bhán who emigrated
" Deir sé nach raibh aon deacracht aige féin an teanga a fhoghlaim nuair a bhí sé ag teacht i méadaíocht i dTiobraid Árann ach gur beag tairbhe a bhí sa Ghaeilge dá chomhscoláirí a chuaigh ar an bhád bhán go Sasana.
tháinig a sinsear ar imirce their ancestors emigrated
" Deir an mhórchuid acu go bhfuil gaol acu le hÉirinn, ag maíomh gur tháinig a sinsear ar imirce go Ceanada agus gurbh é an ceangal sin a spreag iad chun iarracht a dhéanamh an Ghaeilge a fhoghlaim.
mar a ndeachaigh siad in imirce where they emigrated
" Is mó a fheictear iad sna stáit theas, áit ar thosaigh an sclábhaíocht, ach fiú sna stáit thuaidh, mar a ndeachaigh siad in imirce sa 20ú haois, fanann siad i mbailte agus i gceantair faoi leith, mar Los Angeles lár-theas, Bronzeville i Siceágó, Harlem Nua-Eabhraic, agus Newark, áit a dtóg mé an bus úd.
ar imirce emigrated
" D’imigh m’athair is mo mháthair go Sasana ar imirce mar gheall nach raibh aon obair sa mbaile agus go raibh siad ag iarraidh saol a dhéanamh dóibh féin.
Chuaigh an t-athair ar imirce her father emigrated
" Chuaigh an t-athair ar imirce nuair a bhí sé an-óg, 15/16 bliana d'aois, agus creideann Róisín go ndeachaigh an scéal sin i gcion go mór uirthi.
Bhí air an bád bán a ghlacadh he had to emigrate
" Bhí air an bád bán a ghlacadh le bheith ‘sa mbaile’ – más maith leat.
bhí scaipeadh mionéan na himirce orthu they emigrated to the four corners of the earth
" Bhí cónaí ar na fonnadóirí sna chríocha is iargúlta in Éirinn, é sin nó bhí scaipeadh mionéan na himirce orthu.
a chuaigh ar imirce who emigrated
" ” Measann Christy Evans go gcuireann Rialtas na hÉireann an-chuid béime ar mhaoiniú a dhéanamh ar thograí a bhaineann le daoine a chuaigh ar imirce go Sasana ins na seascaidí.
nár fhág ar an mbád bán didn’t emigrate
" Tá Colm ag obair i nGaillimh, agus an t-ádh leis gurb eisean an t-aon duine againn nár fhág ar an mbád bán – cé gur beag seans go dtarlóidh sé sin leis an tóir atá aige ar chúrsaí spóirt sa mbaile!Is léir gur theaghlach mór Gaeilge a bhí i muintir Uí Chuív ach, b’fhéidir go mbeadh róshimpliú i gceist anseo, ach is cosúíl go bhfuil daoine óga sa Ghaeltacht ag déanamh neamhairde ar an Ghaeilge ach ní sin mar a bhí Muireann.
d’Éireannaigh an bháid bháin of the Irish who emigrated
" Chuir Mícheál Ó hAodha spéis i scéal fir as ceantar Thrá Lí a raibh lámh aige i gcinniúint a lán d’Éireannaigh an bháid bháin i leath deiridh an chéid seo caite.