polaitíocht thoghchánach
electoral politics
Taobh istigh de chúpla bliain, áfach, bhuaigh Bobby Sands toghchán, chuaigh na poblachtánaigh le
polaitíocht thoghchánach agus iad níos dáiríre fúithi ná mar a bhí Bernadette féin, fiú.
cúrsaí toghchánaíochta
electoral matters
Shéan an rialtas go raibh aon bhaint ag
cúrsaí toghchánaíochta leis.
córas toghchánaíochta
electoral system
Agus
córas toghchánaíochta ann a thugann dhá vóta do dhaoine áirithe agus nach dtugann vóta ar bith do dhaoine eile, an aon ionadh é gur beag spéis a chuireann formhór de mhuintir na hÉireann sa Seanad?
Níos luaithe i mbliana d'fhoilsigh Coiste Uile-Pháirtí an Oireachtais tuarascáil oifigiúil a mhol athruithe maidir leis an Seanad.
cleamhnas toghchánaíochta
electoral match
Cé a bheas leis?
=======
Tá Bairbre de Brún ag suirí leis an SDLP, ag iarraidh
cleamhnas toghchánaíochta a oibriú amach, ag dúil go bhfaighidh beirt náisiúnaithe dhá thrian de na trí shuíochán atá ar fáil.
chóras toghchánach
electoral system
Rinneadh treisiú ar ár gcreideamh sa
chóras toghchánach ar scoil; cé nach mbeadh cead againn a bheith páirteach sa chóras sin go mbeadh muid ocht mbliana déag, thosaigh muid ag dul i dtaithí air trí bheith rannpháirteach i "dtoghcháin" scoile gach ceithre bliana.
thoghranna
electoral divisions
Tá corradh is 57, 000 logainm riaracháin sa stát, idir bharúntachtaí, pharóistí sibhialta, bhailte fearainn agus
thoghranna.
a chumhacht folaigh toghchánaíochta
its latent electoral power
Ba bheag iomrá a bhí ar Shinn Fein, a rinneadh dleathach an bhliain chéanna sin, 1974, ach a raibh
a chumhacht folaigh toghchánaíochta ina suan.
ceann de na toghcheantair is liobrálaí
one of the most liberal electoral areas
Níos measa fós, de bhrí gurb as cathair Nua-
Eabhrac é,
ceann de na toghcheantair is liobrálaí i Meiriceá, is minic é ceangailte le polasaithe liobrálacha, agus breathnófar air go fuar faoin tuath agus in iarthar na tíre.
ndáilcheantair
national electoral areas
Ceist An-Mhór
Cé gur ábhar réasúnta beag ar bhealach an méid seo, ardaíonn sé ceist an-mhór agus is í sin, cé chomh daonlathach agus atá an próiséas polaitaíochta faoi láthair?An ceart nó an fiú próiséas eile a fhorbairt a chuirfeadh leis an daonlathas agus a chinnteodh go raibh deacrachtaí agus dúshláin na bpobal á gcur ar chlár oibre na gcomhairlí contae?An bhféadfaí córais a fhorbairt i
ndáilcheantair ina mbeadh cruinnithe poiblí eagraithe ag coistí pobail le hiarrthóir dá gcuid féin a roghnú lasmuigh den chóras páirtí.
toghcháin
electoral
Chuile dhream a fuair an deis an pionna a chur sa phobal, thapaigh siad é: na polaiteoirí ó Fhianna Fáil agus ó Fhine Gael a thóg na ‘síntiúis phearsanta’ aimsir
toghcháin agus na costaisí móra; na habhchóidí a bhí in ann táille cúpla míle in aghaidh an lae a ghearradh ar an Stát le linn na mbinsí fiosraithe; na comhairleoirí leighis a bhí íocaithe níos fearr ná a macasamhail in aon tír eile san Eoraip, ach a bhí i gceannas ar an gcóras sláinte ba mheasa ó thaobh freastal éifeachtach a dhéanamh ar an bpobal.
dháilcheantair
electoral area
Ba mhinic Liam Adams ag obair le daoine óga i mBéal Feirste agus i nDún Dealgan, ach deir Gerry gur inis sé do na húdaráis go raibh amhras faoi Liam nuair a bhí a dheartháir óg ag obair i gCumann Óige i gceantar Chluain Ard in iarthar na cathrach, ina
dháilcheantair féin.
ndáilcheantracha
electoral areas
Tá an UUP fite fuaite sa pháirtí is mó a dhéanfá dochar do stíl mhaireachtála an ghnáthdhuine ó thuaidh agus sa Bhreatain, an Páirtí Coimeádach, ach tá Páirtí an Lucht Oibre (nach mithid an t-ainm a athrú?) agus na Lib-Dems chomh holc céanna!
Ní hé an Geilleagar a Amadáin!
I
ndáilcheantracha áirithe, ní hé an geilleagar é, a amadáin.
thoghlach/dáilcheantar
electoral area
Tá a fhios acu go smaoineoidh daoine anseo as seo amach go bhfuil siad mar a gcéanna leis na Coimeádaigh agus ní bheidh deis ar bith acu dul ar ais i gcumhacht i Halla na Cathrach, gan trácht ar
thoghlach/dáilcheantar anseo.
dtoghcheantair
electoral areas
Tá an tionscal mianadóireachta ar cheann de na fostóirí is mó sa tír agus fuair na feisirí parlaiminte achainíocha go leor ó na daoine ina
dtoghcheantair ag impí orthu diúltú don cháin, nó í a ísliú go mór ar a laghad.
toghcheantair
electoral areas
Bhuaigh Páirtí an Lucht Oibre suíocháin go leor sna bruachbhailte seo san olltoghchán trí bliana ó shin agus ba léir do na cúlbhinseoirí nua iontu go raibh imní ar lucht vótála ina d
toghcheantair roimh dhaonra mór.
toghcheantar
electoral area
Glacaim leis go bhfuil cás pobal Rann na Feirste ar intinn an Chomhchoiste, a bheadh thíos leis mar go bhfuil Rann na Feirste sa
toghcheantar céanna le Anagaire.
Dáilcheantair
electoral areas
Le meastúchán a dhéanamh ar chomhdhéanamh na chéad Dála eile, chaith mé súil ar na 43
Dáilcheantair.
toghcheantar
electoral district
”* Cé go bhfuil níos lú ná 25 faoin gcéad de lucht vótálá sa
toghcheantar ina nGiúdaigh, agus cé nach lia duine ná sainmhíniú maidir le cad is “leas na nGiúdach” ann, ní holc an t-achoimre é ar fheachtas Joel Pollak, Poblachtánach, an lámh in uachtar a fháil ar an sealbhóir oifige, Jan Schakowsky, Daonlathach.
roinnt toghranna
some electoral divisions
4 Atarraingt a dhéanamh ar
roinnt toghranna le cosaint a thabhairt do Ghaeltachtaí láidre cosúil le Rann na Feirste.
toghcheantar
electoral area
Mhol an t-aon fheisire de chuid an Pháirtí Ghlais, Adam Bandt, an rún, a d’iarr ar a chomhghleacaithe sa teach dhá rud a dhéanamh: a thabhairt faoi deara go raibh pósadh comhghnéis dlite i dtíortha go leor eile, agus ceist an phósadh chomhghnéis a spíonadh leis an lucht vótála ina gcuid
toghcheantar.
dáilcheantar
electoral region
Troid go hImirt Anama
==========
Ach, mar is eol dúinn, tá olltoghchán ag drannadh linn agus tuigeann iarrthóirí Fhianna Fáil gur troid go himirt anama atá rompu i ngach aon
dáilcheantar.
dáilcheantar
electoral area
Ní bheidh siad ach ag seasamh in aon
dáilcheantar amháin sa toghchán don tionól agus gan ach ochtar sna toghcháin áitiúla ach cad é mar a fheiceann Ervine a a pháirtí i gceann cúig bliana? “Ba mhaith liom go mbeadh suíocháin againn ar fud Thuaisceart Éireann,” ar sé agus ansin dúirt sé rud éigin thar a bheith suimiúil.
Dháilcheantair
electoral division
Bhí baill an pháirtí eagraithe isteach i gcumainn áitiúla agus chuir na cumainn teachtaí ag Comhairle
Dháilcheantair, a thagadh le chéile go rialta.
Dháilcheantair
electoral division
Bhí baill an pháirtí eagraithe isteach i gcumainn áitiúla agus chuir na cumainn teachtaí ag Comhairle
Dháilcheantair, a thagadh le chéile go rialta.
Dháilcheantar
electoral division
Go bunúsach, ní raibh Éamonn Ó Cuív sásta oiread is vóta amháin a chur i mbaol sna ceantracha sin ina
Dháilcheantar féin, a chaillfeadh stádas Gaeltachta in aon athbhreithniú eolaíoch a dhéanfaí ar theorainneacha na Gaeltachta.
mhuintir a dháilcheantair
the people of his electoral district
Ar íorónaí an tsaoil, agus Éamonn Gilmore ag dul isteach thar thairseach Theach Laighean mar Thánaiste agus é ina cheannaire ar an líon is mó Teachta Dála de chuid Pháirtí an Lucht Oibre i stair an Stáit, bhí duine de na daoine is mó meas sa pháirtí ag dul an bealach eile i ndiaidh saol mór fada ag freastal ar
mhuintir a dháilcheantair féin agus ar mhuintir na hÉireann le 40 éigin bliain.
nDáilcheantar coiméadach
a conservative electoral area
Is in aghaidh an tsrutha a bhí sé ag snámh nuair a bheartaigh sé dul le polaitíocht i
nDáilcheantar coiméadach cosúil le Gaillimh Thiar.
de réir na dtoghroinn cheantair
by electoral divisions
Beidh orainn fanacht go deireadh na bliana le scagadh
de réir na dtoghroinn cheantair a fháil ón CSO.
dháilcheantar
electoral area
Bhí Tír Aodha ina chuid de
dháilcheantar Dhún na nGall sa chéad Dáil agus ina chuid den dáilcheantar Dún na nGall Thiar Theas ó roinneadh an chontae ina dhá chuid.
lá tosaigh bhiaiste na toghchánaíochta
the first day of the electoral season
Cé go bhfuil a fhios againn ó mhí Aibréain amach gurb é Mitt Romney iarrthóir na bPoblachtánach agus gurb é Barack Obama iarrthóir na nDaonlathach, is iad na coinbhinsiúin
lá tosaigh bhiaiste na toghchánaíochta.
toghcheantar
electoral area(s)
Agus nuair a bhí smacht acu ar an chomhairle, bhí smacht acu ar ghnóthaí tithíochta agus chinn siad nach dtógfaí tithe úra ar thaobh na Cathrach rud a chiallaigh go mbeadh dhá
toghcheantar acu go brách.
toghcheantair imeallacha go leor
plenty of peripheral electoral divisions
Tá na ceantair seo sna cathracha móra, in iarthar Sydney ach go háirithe, na ceantair cheannanna chéanna ina bhfuil
toghcheantair imeallacha go leor.
toghcheantair faoi leith
from distinct electoral divisions
B’fhéidir nach dtuigfeadh daoine – tá teachtaí dála ag teacht as
toghcheantair faoi leith, Gaillimh Thoir, Gaillimh Thiar, nó Maigh Eo, nó rud éicint mar sin, - ach nuair atá tú i do sheanadóir, tá tú in ainm is a bheith ag freastal ar phobal uile na tíre.
ina dháilcheantar féin
in his own electoral area
Go deimhin chuir an tAire Gaeltachta ag an am, Éamonn Ó Cuív, brú ar an gComhdháil éirí as an obair seo, obair ar cheart a bheith ar siúl ag a Roinn féin ó cheart ach ní raibh sé de mhisneach ag Ó Cuív, in ainneoin a bhladair faoin nGaeilge, dul in éadan na bhforbróirí
ina dháilcheantar féin.
trí thoghcheantar Eorpacha
three European electoral divisions
Seo thíos an briseadh síos a chuir mé le chéile ó na torthaí a tháinig isteach as na
trí thoghcheantar Eorpacha.
i dtoghcheantair
in an electoral division
Bhí mé spréachta le Sinn Féin mar gur chuir siad duine gan mórán Ghaeilge ag seasamh i dtoghchán na hEorpa
i dtoghcheantair ina bhfuil dhá mhórcheantar láidre Gaeltachta.
ina dháilcheantar
in his electoral division
An amhlaidh go bhfuil an Taoiseach ag iarraidh díoltas a bhaint amach in éadan ghluaiseacht na Gaeilge a chuir chomh binibeach sin in éadan a chuid moltaí i leith deireadh a chur leis an Ghaeilge mar ábhar éigeantach i ndiaidh an Teastais Sóisirigh? Ghlacfá an cheist a chur fosta: dá mbeadh meas ag an Aire Mc Hugh ar na pobail Ghaeltachta (beidh an Ghaeltacht is mó ó thaobh na tíreolaíochta de
ina dháilcheantar an chéad iarraidh eile) nár cheart dó diúltú do thairiscint an Taoisigh ar an bhonn nach mbeadh sé ábalta freastal ceart a dhéanamh orthu? Dá olcas a cheapacháin, chuir an Taoiseach an lasóg sa bharrach nuair a d'fhógair sé go sotalach go mbeadh Gaeilge líofa ag an Aire Stáit roimh dheireadh an tsamhraidh.
toghcheantair
electoral areas
Glór na bpáirtithe éagsúla anuas as an ardchathair agus glór an phobail aníos as na
toghcheantair; cá luíonn an daonlathas idir an dá ghlór? Ar féidir le ceantar láidir amháin amuigh faoin tír céim ar leith, nár tugadh riamh roimhe, a ghlacadh an iarraidh seo?
córais toghchánaíochta
electoral systems
Má dhruidtear é, caithfear, dar leis, na hathruithe cuí a chur i bhfeidhm ar na
córais toghchánaíochta agus ar na ceapacháin do na háisíneachtaí stáit san áireamh.