Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Eacnamaí economist
" Eacnamaí ab ea é agus thaispeáin sé go raibh infheistíocht ní ba mhó á déanamh ag fir bhána ina n-oideachas tré fhreastal ar na hollscoileanna ab fhearr.
eacnamaí economist
" " Deireadh na gcaogaidí ======= Is mar eacnamaí, seachas mar Ghaeilgeoir, áfach, a bhain Whitaker amach ionad sa stair dó féin.
eacnamaithe economists
" Conas, mar sin, ar féidir comparáid a dhéanamh idir an tír seo agus aon tír eile san Eoraip? Cen mhaith a bheith ag caint faoin ollchaiteachas sa chóras sláinte nuair is soiléir go gcaithfear daonra na tíre a chur san áireamh agus an caiteachas sin á mheas? Go hidirnáisiúnta, nuair a bhíonn na heacnamaithe ag plé cúrsaí caiteachais, déanann siad tagairt don chaiteachas mar chéatadán den Olltáirgeacht Intíre (OTI).
i mbéarlagair na n-eacnamaithe in the jargon of the economists
" Bíonn múnlaí difriúla ag na grúpaí, agus déanann siad freastal ar ghrúpaí éagsúla daoine - ar "mhargaí" éagsúla, mar a chuirtear síos orthu go coitianta i mbéarlagair na n-eacnamaithe a chuireann comhairle ar an Rialtas.
eacnamaithe na heite deise right-wing economists
" Is léir gurb é an chomhairle atá á tabhairt ag eacnamaithe na heite deise ná gur cheart an aerlíne a phríobháidiú.
Eacnamaí Eagnaí na liarlóige seo the Wise Economist of this rag
" "Maith thú, a Leamh! Coinnigh ag gabháil! Ní fada go mbeidh tú réidh leo!" a deir Eacnamaí Eagnaí na liarlóige seo.
eacnamaithe economists
" De réir roinnt de na saineolaithe (go mórmhór na geolaithe), tá an pointe seo (“buaic na hola”) sroichte cheana féin nó ag teacht roimh 2007, agus de réir dreama eile (go mórmhór na heacnamaithe) beidh sé 15 nó 20 bliain eile sula sroichfear an pointe seo.
mar atá á thuar ag go leor eacnamaithe as a lot of economists are predicting
" Fadhb ollmhór a bheas ann amach anseo má chuireann an ECB leis an mhéadú seo agus má ardaíonn rátaí úis na tíre seo go 3%, fé mar atá á thuar ag go leor eacnamaithe.
eacnamaithe economists
" Is de bharr sin atá eacnamaithe ag tuar go dtiocfaidh lag trá ar an gheilleagar cé nach bhfuil éinne ag rá go dtarlóidh aon cheo go ró-thobann.
i dteoiricí an eacnamaí Mheiriceánaigh Milton Friedman in the theories of the American economist Milton Friedman
" Ach níor mhínigh sí dúinn gur chreid sí i dteoiricí an eacnamaí Mheiriceánaigh Milton Friedman agus na n-airgeadaithe, agus go mbeadh deireadh leis an gheilleagar measctha a bhí i bhfeidhm sa tír ón bhliain 1945.
mhaígh an t-eacnamaí the economist claimed
" Ina leabhar ‘The Moral Consequenes of Economic Growth’, mhaígh an t-eacnamaí Benjamin Friedman go dtagann feabhas ar shaol sóisialta an phobail nuair a bhíonn an geilleagar ag fás.
geilleagraí economist
" Ina thuarascáil ar athrú aeráide sa bhliain 2006, mhol an geilleagraí Nicolas Stern do rialtas na Breataine go gcaithfí luach a chur ar an charbón.
príomheacnamaí senior economist
" Sa tuarascáil sin, ‘Tuar Fuinnimh an Domhain’, dúirt Fatih Birol, arb é an príomheacnamaí leis an GIF é, gur féidir le ‘buaic na hola’ teacht chugainn chomh luath le 2020 mura ndéanfar infheistíocht ollmhór i mbonneagar thionscal na hola.
lucht geilleagair economists
" Bhí geilleagar na tíre ag cúlú agus an tUachtarán Obama ag glacadh a phoist 21 mhí ó shin, agus ní léir go fóill go bhfuil an cúlú thart, ainneoin go bhfuil lucht geilleagair ar a ndícheall ag iarraidh cur ina luí ar dhaoine go bhfuil an chuid is measa thart.
lucht polaitíochta agus geilleagair politicians and economists
" Roimhe sin, do bhíodh sé mar uirlis ag an lucht polaitíochta agus geilleagair a bhí i gceannas díluacháil a dhéanamh ar a gcuid airgid féinig agus iarracht a dhéanamh ar an tslí sin, teacht thar n-ais agus níos mó earraí a chur thar lear agus a leithéid.
fhear geilleagair economist
" Is léir go raibh sé ag smaoineamh mar fhear geilleagair agus ní mar eolaí polaitíochta.
t-eacnamaí economist
" Bhí an t-eacnamaí John Maynard Keynes ar an bheagán daoine a chreid gur cheart níos mó airgead a chur isteach sa gheilleagar nuair a bhí rátaí dífhostaíochta go hard, ní a mhalairt.
lucht eacnamaíochta economists
" Ba iad na bainc agus iasachtaí fophríomha a bhí ag déanamh imní do lucht eacnamaíochta idir 2008 agus 2009, ach ón bhliain seo caite ar aghaidh is í sóchmhainneacht na náisiún is mó atá ag cur as dóibh.
tharraing aird lucht geilleagair drew the attention of economists
" Ar feadh seachtó bliain, ó chogadh na saoirse go dtí na nóchaidí, an rud ba mhó a tharraing aird lucht geilleagair faoi Éirinn an dóigh ar theip uirthi forbairt ar nós na dtíortha Eorpacha eile.
an tEacnamaí Eagnaí the Wise Economist
" Cuireann Balor, an tEacnamaí Eagnaí, comhairle orthu siúd a bhfuil na milliúin punt sterling le hinfheistiú acu.
eacnamaí mór le rá well known economist
" Agus an tír seo i gcuilithe géarchéime eacnamaíche, labhair Ciarán Mac Aonghusa leis an eacnamaí mór le rá, David McWilliams, faoi na fachtóirí ba chúis leis an mheathlú agus faoi na bealaí gur féidir leis an rialtas a chinntiú go dtiocfaidh an geilleagar aniar sa tréimhse atá romhainn.