Is ea seo cnámha scéil an cháis cúirte inar dearna an t-iomrall ceartais thuasluaite:
• Comhcheilg bhuamáil sceimhlitheoireachta sna seachtóidí;
• Seisear de shliocht chomhphobal eitneach gafa, ciontaithe agus pianbhreith daortha orthu;
• Na húdaráis in amhras faoin gcomhphobal seo as siocair iad a bheith ag tacú le feachtas ina dtír dhúchais neamhspleáchas a bhaint amach;
•
Admhálacha faighte faoi bhagairt, gan dlíodóirí i láthair agus gan síniú;
• Fianaise bhréagach sa chúirt agus fianaise eile coinnithe siar ag na húdaráis;
• Na seirbhísí rúnda lárnach sa chás;
• Póilíní sa chás os comhair na cúirte ní ba dhéanaí; agus
• Feachtas sna meáin leis an bhfíorasc a chur ar neamhní.