Tá Larkin, a bhí ina cheannaire sa Fhrithdhúnadh Mór i mBaile Átha Cliath i 1913, mór le rá go fóill i measc na nÉireannach agus na gceardchumannaithe ar Merseyside; bhí Jimmy Nolan, a bhí ina cheannaire sa fhrithdhúnadh fada sna dugaí i Learpholl 1995-1998, mar aoi-chainteoir ag an slógadh roimh an pharáid.
Bhí mámh ag an rialtas nua fosta – bhí 14 % de scaireanna an Mersey Docks and Harbour Company (MDHC), úinéir na ndugaí, ag an rialtas, rud a chiallaigh go dtiocfadh leo brú a chur ar an chomhlacht.
Cé go bhfuil líne dhíreach traenach ó Learpholl go Torino, trí thollán Mhuir nIocht, is le haghaidh lasta ó na dugaí amháin é, seachas paisinéirí, agus mar sin b’éigean dom féin, mo dheartháir is sine John agus a mhac Ciaran eitleán de chuid Ryanair a fháil go Treviso, atá ó thuaidh ón Veinéis.
Bíonn ócáidí spóirt go fairsing freisin, agus bhí rás mór na mbád seoil, rás Volvo, tagtha chuig cathair na dtreabh agus na mílte duine bailithe timpeall ar dhuga na Gaillimhe chun na báid a fheiceáil agus taitneamh a bhaint as an atmaisféar.
Nuair a bhí sé ag obair mar shaoiste sna dugaí i Learpholl i 1903, cuir i gcás, ní raibh sé sásta pá a thabhairt do na dugairí sa teach tábhairne, mar a bhí sé de nós ag na saoistí eile a dhéanamh, agus ní raibh seans ag fear ar bith a raibh boladh dí ón anáil post a fháil le Larkin.