Pota Focal Intergaelic
dea | dual | duan | duar | duas
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
an-dua a lot of effort
" Is léir go bhfuil na cumainn charthannachta ag caitheamh an-dua lena gcuid suíomh gréasáin, agus is maith an rud é nach ar mhaithe le brabús amháin atá suímh á bhforbairt.
dua effort
" Níl oiread agus eagraíocht amháin in Éirinn, dá bhfios dúinne, a bhfuil aon dua caite aici le forbairt siollabas do ranganna Gaeilge ná a chuireann aon bhéim ar oiliúint dá múinteoirí.
dua effort
" " Measann sí nach gcaitheann dánlanna áirithe dua ceart leis an obair seo.
dua work, effort
" dua agus pleanáil ======= Ach tharla sin ar fad sna laethanta roimh Sky Sports agus sacar chuile uair den lá ó cheann ceann na seachtaine, roimh chláracha scáiteála agus *Playstations*.
dua work, effort
" Am agus dua ======= Ar an gcéad amharc, déarfadh duine gur mhaith an rud é cúnamh a thabhairt dóibh siúd atá ag iomaíocht thar ceann na tíre ag leibhéal ard idirnáisiunta i spóirt aonair a mbíonn go leor ama agus dua ag baint leo agus costas go leor freisin.
an-dua a lot of effort
" " Tá an dlaoi mhullaigh á cur aici ar *Songs of a Hidden Ulster* faoi láthair, i ndiaidh an-dua a chaitheamh leis an obair le dornán blianta anuas.
dua labour, effort
" Ba dheas an rud é dá mbeadh an dua céanna á chur acu orthu féin ag fiosrú dhúmhmharú Caitliceach óg le tamall anuas.
dua work, effort
"duais €600 ag gabháil le chuile cheann acu! I gcás na píbe uilleann tá turas freisin chuig Féile Lorient! Ach i gcás chomórtas an veidhlín i mbliana níl ach trí iarratas ann! Níl ach trí iarratas ann do chomórtas na cláirsí! Tá an phíob uilleann agus ceol beirte thar barr agus beidh an-tráthnóna ceoil ann! Tá an caighdeán ann ceart go leor, ach níl an líon.
dua (hard) work
" dualgas cine agus dílseacht do mo mhuintir a spreag mé agus a choinnnigh orm cloí leis an obair go deireadh.
dua effort
" Agus ní bheidh siad níos saibhre ach oiread de bharr a gcuid dua, ach a mhalairt dar leis an GPA.
dua effort
" " Is iomaí duine ó dheas a raibh an aicíd chéanna air, ar ndóigh, ach nuair a tháinig Bríd go Contae Ard Mhacha i gcéaduair, oscailt súl a bhí ann.
dua work, effort
" " Sula bhfágaim slán le hAnna, fiafraím di an bhfuil sí sásta leis an chéad úrscéal seo, *Bás Tobann*, ar chaith sí oiread dua leis.
gan dua without difficulty
" Ach d'fháistinigh sé rud eile ag an am fosta: go mbeadh an dara téarma aici sa Pháirc, gan dua, agus go bhfanfadh sí go dtí go mbeadh sí suite go te san Áras don dara babhta lena cuid athruithe a chur i bhfeidhm sa tír seo.
gan dua without difficulty
" Cén fhís atá agat féin maidir leis an nGaeilge? Mar thoradh ar an Acht Teanga agus ar an aitheantas a thugtar anois don chomhionannas, tá súil agam go n-aithneoidh agus go n-éileoidh daoine a gcearta saol agus seirbhísí trí Ghaeilge a bheith ar fáil gan dua, gan mhoilleadóireacht, gan mhasla agus ar chaighdeán chomh hard le nó níos airde ná an tseirbhís atá ar fáil trí Bhéarla.
dua effort
" Tá meas agam orthu sa mhéid is go sílim gur chuir siad dua orthu féin an Ghaeilge a fhoghlaim nuair nach raibh na deiseanna céanna acusan is a bhí againne (sa deisceart).
gan dua without difficulty
" Ach tá faitíos ar shaineolaithe go bhféadfadh an víreas meascadh le fliú daonna sa gcaoi go bhféadfadh sé aistriú gan dua.
dua effort
" Chuir muid dua mór orainn féin ag dul chuig cúrsaí Gaeilge chun maslaí traidisiúnta a fhoghlaim.
ag spalpadh Gaeilge gan dua yapping aware in Irish
" Ní fhéadfaí a gcuid dintiúr Gaeltachta a lochtú: bhí siad ag spalpadh Gaeilge gan dua i gcroílár na Galltachta agus iad ag déanamh turas fada chuig an taobh eile den tír ar mhaithe leis an chultúr Gaelach.
dua effort
" Má d’fhág duibhe na bhfoirgneamh a rian féin ar The Smiths, bhí i bhfad níos mó ná an duairceas in ábhar taifeadta an ghrúpa.
dua toil
" De réir an bhéaloidis, bhí ballaí sheanbhaile ársa na Traí tógtha ar bhealach chomh casta sin nach dtiocfadh le naimhde ar bith a rinne a mbealach isteach sa chathair a mbealach a dhéanamh amach arís! Séadchomhartha suimiúil é Julian’s Bowers, agus is suntasach an méid dua (agus airgid) atá á chaitheamh air, ainneoin nach bhfuil an láithreán féin go hard ar liosta tosaíochtaí English Heritage.
le dua without difficulty
" ) Cad chuige ar chóir do dhuine ar bith scéal Uí Earáin a léamh? Mar gurb ionann a chás agus cás na mílte eile duine le Gaeilge fud fad na hÉireann: Gaeilge a fhoghlaim le dua agus í a chailleadh le díomua.
gan dua. without effort.
" Ach an oiread le Comórtas Oscailte na hÉireann agus an PGA, níor bhuaigh Pádraig Comórtas Oscailte na Breataine gan dua.
gan aon dua. without any difficulty.
" Thiocfadh an turasóir is gearr-radharcaí amuigh ar Majdanek gan aon dua.
an-dua a lot of effort
" ’” Chaith Seán an-dua leis an teanga agus taobh istigh de thréimhse ghearr bhí sé ag múineadh na Gaeilge in Staten Island agus ar chúrsaí deireadh seachtaine de chuid Daltaí na Gaeilge.
dua ollmhór a chaitheamh le clár staire to make a huge effort with a history programme
" Ní féidir éileamh ar oibrithe deonacha dua ollmhór a chaitheamh le clár staire nó le clár a bheidh go leor taighde ag baint leis.
Ní gan dua a tharla It wasn%u2019t easy
Le dua with difficulty
" Le dua fuarthas bealach lena scríbhneoireacht a mhealladh agus deis a thabhairt dó cumarsáid leis an domhan mór.
dua difficulty
" Ach, le cothrom na Féinne a thabhairt do Bhalor bocht, tá dua caite aige ag iarraidh an caitheamh a chaitheamh suas.
gan mórán dua without much trouble
" Ghabh na póilíní é sa deireadh gan mórán dua.
dua a chaitheamh ar to go to some length
" Cén dochar, ní bheidh maolú aon phioc ar an dúshlán a bheas roimh an Aire: ’s é sin a chur ina luí ar phobal amhrasach le linn cúlú mór eacnamaíochta gur fiú airgead agus dua a chaitheamh ar an Ghaeilge.
dua ná doghrainn stress or difficulty
" Rinne lucht fiontraíochta a lán airgid gan mórán dua ná doghrainn a chur orthu féin.
ar mhórán dua by great effort
" Ar chostas an-ard a d’éirigh liom é a dhéanamh, a léitheoirí dílse, agus ar mhórán dua, ach faoi dheireadh d’áitigh mé ar eagarthóir Beo Ar Éigean!, Seosamh Mac Slua Muirí, dul faoi agallamh.
dua difficulty
" Ní raibh sé coincheapúil cosúil le hiarbhuaiteoirí na duaise cáiliúla seo: ní raibh uafás nó polaitíocht ar bith ag baint leis agus níor éirigh leis casadh aigne a chur ar dhaoine ach oiread.
dua effort
" Is féidir linn go leor a fhoghlaim óna bhfuil déanta in áiteanna ar nós na Nua-Shéalainne leis an Ma?ri agus in Haváí leis an Haváis toisc gur chaith siadsan a oiread sin dua le cláracha dian-tumoideachais sa teanga agus sa chultúr.
dua trouble
" An fiú an dua céanna a chaitheamh leis an nGaeilge a thabhairt le go n-iompóidh sí ina creole lá éigin, fiú más creole ag 250,000 duine é? B’fhéidir gur fiú ach tugann an díospóireacht faoin dréachtstráitéis deis dúinn ár bhfreagra a thabhairt ar an gceist.
dua effort
" Agus is é dualgas an stiúrthóra i leith a chuid aisteoirí ná pé rud atá ar siúl istigh iontu a aithint is a tharraingt amach astu tré sholas an lionsa.
a oiread sin dua so much trouble
" Agus cén dream is mó atá thíos leis na moltaí úd? Colm McCarthy agus a chuid comhleacaithe a chur a oiread sin dua orthu féin clár ciorruithe a chur le chéile, clár ar tugadh droim láimhe dó don chuid is mó.
dua effort
" Dréacht-Straitéis an Ghrinn Ní cúram mar mhagadh é an greann agus ní foláir dua agus am a chaitheamh leis.
dua difficulty
" Thar rud ar bith eile, is náisiún muid a bhfuil teacht aniar ionainn, a bhfuil réiteach ár gcuid fadhbanna againn, nach bhfuil eagla orainn roimh an dua ná roimh an dochma, agus a thógfaidh saol fónta in Éirinn do na glúine atá fós le teacht.
dua difficulty
" Elaine Byrne ag agóid go tréan ar son athruithe bunúsacha bunreachtúla a chuirfeadh, dar léi, cuma úrnua ar fhorais pholaitiúla na tíre agus a thabharfadh ar oifigigh an stáit a bheith ionraic, freagrach agus iad i mbun a gcuid dualgas.
dua effort, difficulty
" Seachas dua a chaitheamh ar ábhar úr nach bhfuil thar moladh beirte, caithim súil siar ar cheann a leag *Warner Brothers* fán ár mbráid i mbliain seanré na hóige 1967.
dua effort
" Is mór an moladh atá ag dul do Róise as an dua atá caite aici ag baint céille as na taifeadtaí stairiúla seo atá ag tabhairt ár ndúshláin le tamall chomh fada sin agus tréaslaítear léi a fheabhas a d’éirigh a cuid oibre léi, go háirithe sna limistéir taobh amuigh de Dhún na nGall áit a raibh sí ag tabhairt míniú ar ghlórtha agus iad ag labhairt i gcanúintí nach ann dóibh feasta.
dua stress
" An freagra lom neamhbhalbh, ná, nach maith le Teachtaí Dála, ach oiread leis an bpobal labhairt amach in aghaidh na Gaeilge, is fearr leo leanacht den sean-nós bréagchráifeachta a thugann le tuiscint go bhfuil ardmheas acu ar an teanga a fhad is nach gá dóibh aon dua a chur orthu féin leis.
dua difficulty
" I mBliana I mbliana, ag an gCincís mar is iondúil, is i gceantar Bhéal an Mhuirthead a eagrófar an comórtas peile agus ar nós mhuintir Ros Muc agus scata díograiseoirí eile ar fud na tíre go deimhin, tá dua agus airgead caite ag baill an chumainn áitiúil ar fhorbairt a gcuid áiseanna.
dua difficulty
" Ní hé go bhfuil na cúltaiscí ola ar fad ídithe, ach níl fágtha anois ach ola a bhfuil dua mór ag baint lena fháil.
Dua Tosaigh initial difficulty
" Dua Tosaigh na Ceirde ======== D’inis sé dom cé chomh deacair is a bhí sé foilsitheoir a fháil le haghaidh a chéad úrscéal, *‘The Commitments’*.
dua agus doghrainn hardship and difficulty
" Thit an tóin as geilleagar na tíre dá dheasca sin agus tá a fhios ag gach duine cén dua agus doghrainn a bhí le fulaingt ag deireadh na n-ochtóidí nuair ab éigean d’fhear na scine, Ray Mac Sharry, ciorruithe uafásacha a chur i bhfeidhm.
dua difficulty
" Pé rud eile fúithí, deineann sí a seacht ndícheall, fiú más éagóireach an dua céanna, chun a teaghlach mífheidhmiúil a chosaint.
gan dua without a problem
dua stress, difficulty
" ” Toraigh á Léiriú ======== Tugann Ó Colm léargas dúinn fosta ar an dua a chuir Derek Hill air féin ag iarraidh Toraigh a léiriú dúinn ina ealaín: “Lá gaoithe móire a bhí ann agus an síobán ag tiomáint na dtonn roimhe aniar ó thuaidh agus meáchan mór na farraige ag roiseadh ar na carraigeacha faoi Theach an tSolais.
dua effort
" Ceisteanna le Cur ========== Chuir Ó Cuana ceisteanna mar seo a leanas ar na baill: cén fáth go bhfuilimid ag séanadh (go bhfuil íocaíocht a déanamh)? Cén fáth go gcraolaimid luachanna nach gcloítear leo? Nach mithid dúinn seasamh a ghlacadh os comhair an tsaoil? Dúirt an Cuanach go raibh roinnt contaetha ag cliseadh ina gcuid dualgas ar na ceisteanna seo agus go mba dhiomailt ama ag an eagraíocht dúnghaois a cheapadh mura gcuirfí i bhfeidhm í.
Dua na Dála the problem with the Dáil
" Ach, ar an láimh eile, má smaoiníonn tú “cén seort branda a dtig linn a dhíol thar lear cionn is gur de dhéantús na hÉireann é, cé atá ag baint tairbhe as sin? Cé atá rannpháirteach ann? Cad é chomh ceangailte is atá sé le cuimhne, le stair, le láthair atá sé?” Dua na Dála ======= Aontaíonn sé liom nach dtuigeann polaiteoirí ach síleann sé go bhfuil locht ar an dóigh a bhfuil obair na dTeachtaí Dála leagtha amach.
níos mó dua more difficulty
" **MDH: An bhfuil gnéithe éagsúla den teanga a chuireann níos mó dua ort ná gnéithe eile?** CL: Níor mhaith liom a admháil i ndiaidh domh 17 bliain a chaitheamh leis an teanga agus cosúil le mo dhaltaí Iodáilise féin, tá a fhios agam go bhfuil modh foshuiteach ann ach ní thig liom é a úsáid.
mórán dua much effort
" Is cosúil nach gcuireann an stát mórán dua air féin le luach airgid an cháiníocóra a fháil.
dua difficulty
" Bheadh an dua céanna ar gach aon cheannaire eile, rud a d’fhágfadh, is léir, go mbeadh achar fada ama i gceist.
dua agus am thar na bearta time and effort more than imaginable
" É sin ráite, creideann daoine maithe go bhfuil cúiteamh ar shaothar tuillte ag bainisteoirí a chaitheann dua agus am thar na bearta ar son na bhfoirne atá faoina gcúram.
ag caitheamh dua agus dúthrachta spending effort diligently
" Ach ní ar mhaithe le hÉirinn atá na daoine seo ag caitheamh dua agus dúthrachta leis an gcaid; is casta agus is simplí ná sin an scéal.
Ní gan dua it’s not easy
" Ní gan dua a bhuaitear bonn óir sna Cluichí Oilimpeacha.
is orm féin a thiteann an dua it falls to my lot
" Ar an drochuair, is orm féin a thiteann an dua.
dua difficulty
" Ball Lag an Rialtais Áitiúil =========== Cuireann na húdaráis pleanála dua, costas, agus imní ar dhaoine agus iad i mbun teach a thógáil agus san am chéanna tugann siad cead pleanála do na cuideachta móra fuinnimh muilte ollmhóra a thógáil sna háiteanna is áille sa tír.
ag caitheamh dua making the endeavor
" Measann daoine atá in eadan an vóta gur cuntas seiceach cloigeann a bheas ann, ach sin mar a bunaíodh an Stát sa chéad dul síos! Bhí ciall sa rud a dúirt an feisire sóisialach, Joe Higgins, sa Dáil an tseachtain seo nuair a dúirt sé gur córa go mbeadh an aicme oibre Chaitliceach agus an aicme oibre Phrotastúnach ag caitheamh dua le theacht le chéile leis na fadhbanna a chránn iad araon a réiteach in áit a bheith gafa ag ceisteanna ceannasachta.
gan mórán dua without much trouble
" Tualang Uilíoch ======= Aithnímid uile ‘luach’ an ghrá idirphearsanta seo gan mórán dua ach tá sé dodhéanta ‘luacháil’ chruinn neamhphearsanta a dhéanamh air, dar liom.
Má tá tú braon den dua if you’re tired of the hard effort
" ========= Ach ní gíceanna amach is amach na daoine seo… Tá fianaise agam! Má tá tú braon den dua a bhaineann le hoíche ar an rancás is féidir Raspberry Pi a úsáid chun d’oíche féin scléipe a eagrú sa bhaile.
nach bhfuil ag cur dua orthu féin not forcing themselves
" Tá siad ann a deir gur chóir na híocaíochta seo a laghdú dóibh siúd nach nglacann áit ar chúrsa oiliúna nó nach bhfuil ag cur dua orthu féin ag cuartú oibre.
chun an dua breise a bhaineann leo a sheachaint to avoid the extra work which comes with them
" Chuirfeadh sé seo leis an ualach páipéarachais ar an tiarna talún is ar an inimirceach araon, ach níos measa fós, b’fhéidir go mbeadh tiarnaí talún ag iarraidh gan árasáin a ligean ar cíos le hinimircigh chun an dua breise a bhaineann leo a sheachaint.
dua ag baint leis (it’s) toilsome
" Tá córas 2 mall, beartaithe agus tá dua ag baint leis.
tuilleadh dua a chaitheamh to spend more effort
" B’iad chéad iarrachtaí sin Huygens agus fear de bhunadh na Danmhairge darbh ainm Thomas Walgensten a thug ar eolaithe agus aireagóirí tuilleadh dua a chaitheamh le teoiricí a bhain le cúrsaí solais, lionsaí, teilgeadh íomhánna agus eile.
an dua a caitheadh the effort spent
" Cá bhfios an t-am agus an dua a caitheadh lena dhéanamh agus é anois thart ar an leanbh go suaimhneach.
b’éigean dó an-dua a chur air he had to go to great lengths
" Níl aon ghréasan gan sreang sa bhaile ag Diarmaid Mac Mathúna agus b’éigean dó an-dua a chur air féin chun ceann a aimsiú.
b’éigean dó an-dua a chur air he had to go to great lengths
" Níl aon ghréasan gan sreang sa bhaile ag Diarmaid Mac Mathúna agus b’éigean dó an-dua a chur air féin chun ceann a aimsiú.
dua labour
" Tá aithne ar Cholmán Ó Raghallaigh mar fhoilsitheoir agus mar údar leabhar páistí ach is fear é a bhfuil dua caite aige le go leor rudaí eile ina shaol chomh maith, mar a fuair Éamonn Ó Dónaill amach nuair a labhair sé leis le gairid.