Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
mún dreoilín san fharraige a mere drop in the ocean
" Airím i gcónaí nach bhfuil mé ach ag tosnú agus níl sa mhéid atá foghlamtha agam ach mún dreoilín san fharraige.
bualadh isteach drop in
" Is féidir le duine ar bith bualadh isteach ó mhí na Bealtaine go dtí deireadh mhí Mheán Fómhair.
san ionad buail isteach in the drop-in centre
" Bíonn siad ag cuidiú san ionad buail isteach atá i gceanncheathrú ICCM i Duke Street, Learpholl agus ag grúpaí sóisialta a eagraítear do na seandaoine sa chathair.
chun bualadh isteach chuig Simon to drop in to Simon
" Ní hamháin sin ach go raibh coinne eagraithe aige le hathair Simon agus go rabhamar chun bualadh isteach chuig Simon maidin Dé Sathairn! Níor chreid mé é go dtí gur chnagamar ar an doras agus cé a d’oscail é ach Crowe féin! Bhí mé dhá bhliain déag, lán de cheol nua, *rock ’n’ roll*, stáisiúin bhradacha raidió Bhaile Átha Cliath – Radio Dublin Two-Five-Three, Big-D Radio, Radio 257 – *punk*, na Sex Pistols, Johnny Rotten agus ár mbanna Éireannach, Bhleá Cliathach féin, na Boomtown Rats – cúigear buachaillí a bhí dána, réabhlóideach, torannach.
ceoldrámaí ina dtéann na carachtair i mbun amhránaíochta gan choinne muscials in which the character start singing at the drop of a hat
" Murab ionann agus leithéidí *Mary Poppins* nó *Singing in the Rain* - ceoldrámaí ina dtéann na carachtair i mbun amhránaíochta gan choinne - tá inchreidteacht ag baint le húsáid na n-amhrán sa scannán áirithe seo mar gheall ar gur ceoltóirí iad na príomhcharachtair.
bhuailfeas drops (in), visits
" Tá an amharclann agus na hionaid cruinnithe ar fáil le cur in áirithe as seo amach agus beidh fáilte chroíúil roimh dhuine ar bith a bhuailfeas isteach le páirt a ghlacadh in aon cheann den chlár leathan imeachtaí atá ar fáil i gCultúrlann Uí Chanáin, an t-ionad pobal Gaeilge is nua-aimseartha agus is fearr áiseanna sa tír, gan amhras.
braon te idir an dá bhois agam a warm drop in my hands
" Thosaigh tóraíocht an túláin, agus ní fada go raibh braon te idir an dá bhois agam.
laghdú ar luach tithe a drop in house prices
" Tugann roinnt fianaise ó na Stáit Aontaithe le fios go dtagann laghdú ar luach tithe nuair a thógtar feirmeacha gaoithe in aice leo.
laghdú ina sciar den mhargadh a drop in their share of the market
" Cé gur chuir cinneadh míofar GM go leor daoine le báiní abhus, bhí sé i gcomhfhios don saol mór le deich mbliana anuas go raibh an comhlacht ag sracadh leis an saol agus laghdú ina sciar den mhargadh le sonrú de réir a chéile.
de dheasca titim mhór sna síntiúis due to a large drop in subscriptions
" Tuairiscítear go mbeidh ar charthanais seirbhísí a chur ar fionraí de dheasca titim mhór sna síntiúis.