SF agus SDLP
Agus muid ag teannadh a fhad le holltoghchán Westminster (6ú Bealtaine, is dócha) an ndéanfaidh na líomhaintí seo dochar ar bith d'Adams agus do Shinn Féin?
An mbeidh muintir Iarthar Bhéal Feirste sásta vóta a thabhairt d'fhear - más fíor do Brendan Hughes - a d'ordaigh bás mhná a raibh 10 bpáiste aici, beag beann ar na líomhaintí ina éadan?
Tá an brú ag méadú ar Uachtarán Shinn Fein agus daoine a rá nach ndearna sé go leor nuair a hinseadh dó go raibh a dheartháir, Liam, ag tabhairt
drochíde ghnéis ar a iníon.