Mí ó shin, d'fhóirfeadh toghchán go mór don DUP ach leis an ghníomh díchoimisiúnaithe an mhí seo caite, má thógann David Trimble ar an mholadh atáthar a thabhairt dó faoi láthair, seans mór go mbainfidh an UUP na vótairí a thréig iad, a bhuíochas sin ar an imní agus an mhímhuinín a bhí á spré ag an DUP.
Ní thiocfadh leat *charisma *a chur síos do Donaldson, Smyth ná Burnside agus ní dócha go rachadh cuid mhór ball eile den UUP sa seans!
Os a choinne sin, ainneoin go bhfuil cuireadh ón DUP ar a chrinilín, tá mímhuinín i measc an DUP sna triúr *amigos*.
I *Pygmalion* feictear an mhí-iontaoibh, fuath agus faitíos na n-íosaicmí bochta neamhliteartha i gcoinne na huasaicme, ach feictear go háirithe an srian a bhí ar mhná uasaicme chun a bheith ag tuilleamh airgid.
Agus fáilte chroíúil á cur roimh Eilís II (tuilleadh faoi san am atá le theacht), is cosúil go bhfuil stát na 26 Chontae sásta an aimsir chaite a cur ar leataobh, agus ainneoin drochamhras a bheith ar náisiúnaithe ó thuaidh, aithníonn siad nach bhfuil buntáiste ar bith i bheith ag síoramharc ar chúl.
Ré an Amhrais
========
Ní raibh baill den chomhrialtas idir Fhine Gael agus an Pháirtí Lucht Oibre chomh cinnte céanna áfach, óir cheapadar go raibh Ó Dálaigh róbháúil le poblachtánaigh agus nuair a chur sé an bille nua slándála, faoi bhráid na Cúirte Uachtaraí, mhéadaigh ar an amhras acu.