Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
déistin disgust
" Iarphríosúnaigh ======= Meastar go bhfuil ceann de a rudaí is mo a chuireann déistin ar lucht tacaíochta an RUC á ofráil sa cháipéis a eiseoidh an dá rialtas ag tús na míosa seo.
déistin disgust
" Cé go gcuirfeadh sé seo iontas agus b'fhéidir alltacht agus déistin ar éinne, is mó an déistin a bhí ormsa a leithéid a léamh tar dom seal a bheith caite agam leis an tSiúr Stanislaus Kennedy, bean a bhfuil na blianta fada caite aici ag déanamh obair cheannródaíoch ar son daoine bochta agus daoine gan dídean in Éirinn.
déistin disgust
" " Cuireann sé déistin air go bhfuil an rialtas sásta seilbh a thabhairt do chomhlachtaí ilnáisiúnta ar acmhainní nádúrtha na tíre (luann sé an gás amach ó chósta Mhaigh Eo agus na Gaillimhe mar shampla de seo).
déistin disgust
" Cé go bhfuil sé soiléir go bhfuil pobal na tíre seo glan in aghaidh na sceimhlitheoireachta agus gur chuir eachtraí na míosa seo caite déistin orthu, an leor an méid sin féin lenár neodracht a chaitheamh ar leataobh? Is oileán beag í Éire ar imeall na hEorpa.
samhnais nausea, disgust
" Chuir sin tuilleadh samhnais ar Antóin.
Graince disgust, loathing
" "Bhail bíodh a fhios agat, a Leamh Uí Chuinneagáin," a bhladhraíonn Balor na Graince, "Go bhfuil fearg a dhóthain ar Bhalor agus nach baol don fhearg sin a bheith caillte!" Is é atá ag cur isteach ar Fhear na Súile Nimhe nach bhfuair sé féin mar aitheantas ach seans dul ar "Cé atá ag Iarraidh Bheith ina Mhilliúnaí?", seó speisialta na Nollag, leis an Ghé Ó Broin.
déistin disgust
" Is duine foighneach mé an chuid is mó den am, ach anois is arís cuirtear déistin orm.
déistine disgust
" B'in é an fáth gur chuir sé oiread déistine orm nuair a chonaic mé romham ina amhasóir é mar bheadh sé tagtha as Ifreann chun ceiliúradh na mílaoise a chur ó rath.
déistin disgust
" Ceann de na nithe is mó a chuireann déistin ar chuairteoirí ná an salachar agus an bruscar atá le feiceáil sna háiteanna is áille sa tír.
tSamhnais disgust
" Is cóir Am an tSamhnais a thabhairt air i bhfianaise na rudaí samhnasacha gránna atá tagtha chun solais le cúpla seachtain anuas i ndiaidh chraoladh an chláir cháiliúil teilifíse sin.
glonnmhar disgusting
" 'Tá sé sin gránna, glonnmhar agus déistineach!' Agus chuir siad stop leis.
déistin disgust
" Ach chuir a bhfaca sé maidir le traenáil foirne idirchontae déistin air - sliotar amháin do sheisiún traenála, gan córas ar bith chun scileanna a fhorbairt i measc na n-imreoirí ach díreach cluiche a chur ar siúl ina measc.
déistineach disgusting
" Bhí an bia go dona, agus bhí na leithris déistineach.
dhéistineach disgusting
" "Níl mo Shúil Nimhne sách nimhiúil, dar leis! Bhuel, chífidh muid!" agus scaoil sé broim mhór fhada dhéistineach shamhnasach shásúil.
ráiteas gnéaschlaonta agus déistineach a sexist and disgusting statement
" Is fear garchabhrach mé féin sa choláiste agus nuair a bhí mé ag labhairt faoi shrón mná a bheith ag cur fola go dona cúpla lá roimhe sin, rinne Richard Griffiths, oifigeach airgeadais agus bainisteoir sinsearach, ráiteas gnéaschlaonta agus déistineach.
dhéistineach disgusting
" "Níl mo Shúil Nimhne sách nimhiúil, dar leis! Bhuel, chífidh muid!" agus scaoil sé broim mhór fhada dhéistineach shamhnasach shásúil.
déistine disgust
" Le teann feirge agus déistine scríobh sí litir láidir ag cáineadh an chumainn a raibh oiread sin measa aici air le fada.
déistin disgust
" Gabhfaidh siad Baghdad, fiú, cé go dtógfaidh sé roinnt míonna an sprioc sin a bhaint amach agus beidh déistin ar a lán faoin líon sibhaltach a mharófar.
múisce disgust
" "Is cén áit a gcaithfear í a ghearradh, mar sin?" a d'fhiafraigh sé os ard, é ag cur múisce ar sheanbhean a dhruid de leataobh san am céanna.
masmasach disgusting
" Bíonn tuairisc neamhchriticiúil ar a bparáidí sa pháipéar gach bliain, mar aon le grianghraf masmasach, lán Oráisteach ag baint suilt as an lá.
samhnas disgust
" Le héifeacht an ghalúin go leith Red Bull a bhí ólta ag Rí an Oileáin chuaigh sé thart ag pógadh gach a raibh i láthair, idir fhir agus mhná, é á thachtadh féin le mórchúis agus le paisean na hócáide, agus an mhuintir bhocht a d'fhulaing na póga á dtachtadh féin le samhnas.
déistin disgust
" Na criticeoirí, na polaiteoirí agus an pobal scoilte ar an cheist seo: an taispeántas fiúntach ealaíne é seo nó an sorcas faiseanta é? An bhfuil rud ar bith fágtha le rá ag an ealaín chomhaimseartha? An gcaithfidh an ealaín geit a bhaint asainn nó déistin a chur orainn chun ár n-aird a tharraingt? Tá an criticeoir agus láithreoir ealaíne Matthew Collings den tuairim go bhfuil an ealaín chomhaimseartha seafóideach.
déistin disgust
" ón gcéfrom the quay ag éalú ó Sergioescaping from Sergio bhí dul amú uirthishe was wrong láithreachimmediately díomádisappointment ón mbriseadh croífrom the heart-break spriocannatargets, ambitions santachgreedy craosvoracity matáinmuscles a chúl leathanhis broad back N'fheadar an fear séimh éI wonder if he's a gentle man ceachtlesson dainséarachdangerous pónairíbeans ar bhonn páirt- nó lánaimsearthaon a part-time or full-time basis grástúlachtgracefulness gníomharthaactions friochtánfrying-pan gluaiseachtmovement rinceoirdancer le fáil go fliúrseachplentiful ag taitneamhshining go hainnismiserable nuair a bhíonn na líonta folamhwhen the nets are empty Bíonn go deimhinIt is indeed a chuid pleidhcíochtahis fooling around Ní bhaineann sin leatMind your own business ró-áthasachto happy Gabhaim pardún agatI apologise fiosrachinquisitive castacomplicated conas a chríochnóidh cúrsaíhow things will finish up mo mhuinínmy trust ar teitheadh uaidhfleeing from him ionraichonest mímhacántadishonest deoratears déistindisgust mórthimpeall orthuaround them ag soilsiúshining ná bac leisdon't bother with him
le teann déistine with sheer disgust
" Maidir liom féin, ní raibh a fhios agam an raibh mé ar tí pléascadh amach ag caoineadh, nó mo bhricfeasta a chur amach le teann déistine de bharr na sonraí uafásacha a bhí á gcloisteáil agam.
samhnas disgust
" bunúsmost cé a bheadh ina dhiaidh ormwho would blame me faraoralas leaspáindancing, coloured lights before eyes ag gliosarnachglistening dhá liathróid mearcairtwo balls of mercury le míshuaimhneasuneasily clóscríobhántypewriter úsáid inteachtsome use i sruthannain torrents (of words) ainmhí fiáinwild animal teorainneacha mo chuid leathanachthe borders of my pages aibhneacha mo chuid dúighthe rivers of my ink déistinnausea samhnasdisgust ag tarraingt na léine allasaípulling the sweaty shirt buarthaworried scalltawretched, puny sa bhúireachin the roaring ag preabarnaílthrobbing aicíd ghallda inteachtsome foreign disease folcadh mór fadaa very long bath tintreacha ifrinnthe sparks of hell i dtólamhalways galar na dúiseachtathe disease of wakefulness bándeargpink níor chuir duine ar bith chugam ná uaimnobody bothered me seileogaspits mo mhacasamhailsethe likes of me doilighdifficult mo phlucmy cheek nimhneachsore conáiltefreezing ailleog cheoilburst of song i mo chuid samhlaíochtain my imagination creathashivers trupnoise gnúisface farraige fhíochmharferocious sea go fuarbhruitelistlessly ealaíswans faitíos millteanacha great fear tráidiretray
shamhnasach disgusting
" "Mo shoraidh céad slán le mí dhéistineach shamhnasach mhúisciúil mhasmasach na Bealtaine," a ghuíonn Balor, Saoi na Scríbhneoireachta, Laoch na Litríochta.
déistine disgust
" I ndiaidh do Chearbhall Coal Woman cur isteach ar an Íochtarán le linn an agallaimh chlúitigh sin, chuir seisean amach uirthise le teann déistine agus bréantais.
bréantais disgust
" I ndiaidh do Chearbhall Coal Woman cur isteach ar an Íochtarán le linn an agallaimh chlúitigh sin, chuir seisean amach uirthise le teann déistine agus bréantais.
déistin disgust
" "I ndiaidh bhuamáil na hÓmaí (1998) agus marú na ndeartháireacha Quinn, bhí an pobal ar fad aontaithe, déistin orthu mar gheall ar thorthaí an fhoréigin," ar sé.
déistin disgust
" An rud a chuir déistin ar mhuintir na Gearmáine ná go gcuirfear airgead taisce na bpáistí san áireamh freisin! Tabharfaidh cigirí cuairt gan choinne ar na daoine féachaint an bhfuil aon rud luachmhar ina seilbh nár luaigh siad cheana.
déistin disgust
" déistin ======= Chuir an damáiste déistin ar a lán daoine, idir mhuintir na háite agus chuairteoirí, agus ní raibh iontas orm litir a léamh sa *Donegal Democrat *fá dtaobh de ar an 12 Lúnasa faoin teideal "Please Remove Glencolmcille Monstrosity".
dhéistineach disgusting
" Tá Gleann Cholm Cille ar cheann de na háiteanna is deise i dTír Chonaill … " Chítear domsa go bhfuil mionlach daoine sa pharóiste atá ag iarraidh áit dhéistineach a chruthú in ionad áit tharraingteach, agus an turasóireacht agus obair Oideas Gael a scrios.
déistin disgust
" Nuair a thosaigh sé, le hionsaí ollmhór buamála ar chathracha mar Bhagdad, ar ar thug Rialtas Stát Aontaithe Mheiriceá *"shock and awe"*, shílfeá ón dóigh a labhair iriseoir de chuid an BBC faoin ionsaí ar an teilifis gur taispeántas tine ealaíne a bhí ann, rud a chuir déistin ormsa agus ar a lán daoine eile sa cheantar.
déistin disgust
" Cé gur léir go bhfuil an pobal fíorshásta leis an phraghas réasúnta a ghearrtar ar a gcuid aerthicéad, chuir cinneadh Aer Lingus gan taisí daonna nó páistí gan tionlacan a iompar déistin ar go leor.
samhnas disgust
" Bhí samhnas ag teacht ar Shíle leis an tsalachar agus leis an stúr a bhí ag éirí thuas uirthi.
déistin disgust
" Ach bheadh déistin ar Mhichael Davitt faoina bhfuil ar siúl i Ros Dumhach faoi láthair.
múisc disgust
" ‘Chuir an bia múisc uirthi.
déistin disgust
" (Leis an déistin a bhraith sé a chur in iúl, deir Brian “Bhí giotár féin ag duine acu!") I ndiaidh tamaill, tháinig seancheoltóir a raibh seanéadaí air isteach – duine den lucht siúil – agus thosaigh a sheinm ceoil, an ceol ab fhearr dár chuala Brian riamh.
múisc disgust
" ‘Chuir an bia múisc uirthi.
déisteanach disgusting
" Ach má tá pórú mar seo i gceist, cá dtéann na hainmhithe ina dhiaidh sin? Fad is a bhí mé san Afraic Theas, fuair mé amach faoin thionscal ar a dtugtar *“canned hunting”*, ar rud déisteanach agus uafásach é.
déistin disgust
" * Gluais • Glossary úrscéalnovel gráinhatred shamhlaigh séhe imagined údar bróidreason to be proud brúpressure déistindisgust ní túisceno sooner scíthrest bata agus bótharthe sack cloí leis an spriocto stick to deadlines sobalcólaísoapaholic mealltabeguiled sáiteengrossed fuil ina chuisleblood in his veins anáil ina pholláiríbreath in his nostrils ruaig séhe banished néaróganerves mírpiece airdattention torann ceolmhar an fhóinthe musical noise of the phone a leannán nuaher new boyfriend lán de chacfull of shit giúmar an leithristoilet humour dleachtaroyalties go borbabruptly go searbhasachsarcastically ag caint seafóidetalking rubbish sáiteánjibe otharpatient a ainm baistehis first name gearáncomplaint údarreason chaon duineeach of us ciontachguilty tostsilence mar is iondúilas usual cruógachbusy garmhacgrandson cionaffection a d’aimsigh an galar sinwho discovered the disease in éindí léialong with her sách ísealin a low voice béimstress ar bís le thú a fheiceáildying to see you tá do thuairisc á cur aicishe's asking for you dearmadachforgetful contúirteachdangerous d’fhéadfadh sí an teach a lasadhshe could set the house alight airecare go mífhoighdeachimpatiently aird iomlán a dhíriú ar a chuid oibreto fully concentrate on his work díomhaoinidle docharharm cuideachtacompany aghaidh a phróiseálaí focalin front of the word processor dá dtiocfadh an crú ar an tairneif the worst came to the worst curtha amúwasted leath a dhóthain ama dóhalf enough time to him coscban seafóidrubbish iarrachteffort chéad Chomaoineachfirst hold Communion ag tnúth leis an lá mórlooking forward to the big day an mac drabhlásachthe prodigal son brionglóiddream den seandéanamhof the old kind greamaithe lena rúitín le sreang leictreachaistied to his ankle with an electric cable deisopportunity smaoineamhidea ar scáileánon screen aiféalaregret an cailín ba thaitneamhaí sa sobaldrámathe most likeable girl in the soap opera in ainm is a bheith ag réiteachsupposed to be preparing greimbite ag béiceach agus ag screadaílshouting and screaming i mbun trodaengaged in fighting iontas na n-iontassurprise surprise iriseoirjournalist taithíexperience comhiriseoirfellow journalist mionsciortamini-skirt beannacht a bhí ceilte air go dtí sina blessing in disguise ar mhaithe lena cheirdfor the sake of his trade
taom samhnais a fit of disgust
" " Bhuail taom samhnais Pól agus é ag smaointeamh ar an luchtú agus an craos a bheadh ar dhaoine fán Nollaig idir bhia agus mhaoin shaolta.
déistin disgust
" * Gluais • Glossary úrscéalnovel gráinhatred shamhlaigh séhe imagined údar bróidreason to be proud brúpressure déistindisgust ní túisceno sooner scíthrest bata agus bótharthe sack cloí leis an spriocto stick to deadlines sobalcólaísoapaholic mealltabeguiled sáiteengrossed fuil ina chuisleblood in his veins anáil ina pholláiríbreath in his nostrils ruaig séhe banished néaróganerves mírpiece airdattention torann ceolmhar an fhóinthe musical noise of the phone a leannán nuaher new boyfriend lán de chacfull of shit giúmar an leithristoilet humour dleachtaroyalties go borbabruptly go searbhasachsarcastically ag caint seafóidetalking rubbish sáiteánjibe otharpatient a ainm baistehis first name gearáncomplaint údarreason chaon duineeach of us ciontachguilty tostsilence mar is iondúilas usual cruógachbusy garmhacgrandson cionaffection a d’aimsigh an galar sinwho discovered the disease in éindí léialong with her sách ísealin a low voice béimstress ar bís le thú a fheiceáildying to see you tá do thuairisc á cur aicishe's asking for you dearmadachforgetful contúirteachdangerous d’fhéadfadh sí an teach a lasadhshe could set the house alight airecare go mífhoighdeachimpatiently aird iomlán a dhíriú ar a chuid oibreto fully concentrate on his work díomhaoinidle docharharm cuideachtacompany aghaidh a phróiseálaí focalin front of the word processor dá dtiocfadh an crú ar an tairneif the worst came to the worst curtha amúwasted leath a dhóthain ama dóhalf enough time to him coscban seafóidrubbish iarrachteffort chéad Chomaoineachfirst hold Communion ag tnúth leis an lá mórlooking forward to the big day an mac drabhlásachthe prodigal son brionglóiddream den seandéanamhof the old kind greamaithe lena rúitín le sreang leictreachaistied to his ankle with an electric cable deisopportunity smaoineamhidea ar scáileánon screen aiféalaregret an cailín ba thaitneamhaí sa sobaldrámathe most likeable girl in the soap opera in ainm is a bheith ag réiteachsupposed to be preparing greimbite ag béiceach agus ag screadaílshouting and screaming i mbun trodaengaged in fighting iontas na n-iontassurprise surprise iriseoirjournalist taithíexperience comhiriseoirfellow journalist mionsciortamini-skirt beannacht a bhí ceilte air go dtí sina blessing in disguise ar mhaithe lena cheirdfor the sake of his trade
samhnas disgust
" Ach cuireann an díospóireacht chéanna samhnas ar fhormhór an phobail agus ní thagann amach le vóta a chaitheamh ach an 30% de phobal an stáit atá tógtha faoin gceist; tá móramh acu siúd nach bhfuil i bhfabhar aon leasú a dhéanamh ar an sainmhíniú ar an teaghlach, agus tá cás na ngrúpaí a bhí ag lorg an reifrinn curtha siar deich mbliana eile.
a chuirfeadh aiseag ar asal who would disgust a donkey
" ” Cé atá faoi ionsaí ag Balor an Bromaire an mhí seo? Cé eile ach an bheirt phuipéad sin a chuirfeadh aiseag ar asal: Codger agus Dodger.
déistin disgust
" “Chuir sé déistin uilig orm.
déistin disgust
" Deir Kennaway é féin go gcuireann an ceangal seo le paraimíleataigh brón agus déistin i gcroí daoine macánta cráifeacha an Oird.
déistin disgust
" Tá ceist na *Disappeared *sna ceannlínte arís; tá déistin go fóill ar dhaoine fá dhúnmharú Robert McCartney, agus níor imigh ceist robáil Bhanc an Tuaiscirt, tá a fhios agat! Ach tá iarrachtaí amaideacha á ndéanamh ag a naimhde dochar a dhéanamh do Shinn Féin.
déistin agus uafás disgust and horror
" Bhí tuairim éigin agam faoi chultúr agus stair na mBundúchasach sula ndeachaigh mé go dtí an Astráil, agus fós féin chuir an méid a fuair mé amach faoin gcaoi ar caitheadh le pobail dhúchasacha na tíre déistin agus uafás orm.
oiread déistine the same amount of disgust
" Ar ndóigh, chuir an ráiteas seo oiread déistine ar Ghaeilgeoirí is a chuir sé ar aontachtaithe agus tá siad ag troid ina éadan ó shin.
an spórt fola is déistiní agus is samhnasaí agus is fuiltí the most disgusting and most nauseating and most bloody blood sport
" Tá Balor ag súil agus ag dréim agus ag dúil leis an spórt fola is déistiní agus is samhnasaí agus is fuiltí dá bhfuil ann, a léitheoirí dílse.
ródhéisteanach too disgusting
" Léirigh an fhístéip nach bhfuil teorainn le fiosracht an phobail agus nach bhfuil rud ar bith ródhéisteanach le cur ar an idirlíon.
Erectus an tSamhnais. the Erectus of Disgust.
" *An tErectus* a thugtar go geanúil ar fhéile mhór seo na Samhna – ní Oireachtas na Samhna, ach Erectus an tSamhnais.
samhnas disgust
" Mar is eol do gach scoláire Gaeilge, is ón scannán iontach sin *The Shining* (le Jack Nicholson i bpáirt Bhaloir) a fuair muid an focal “Samhain”, agus ón fhocal samhnas a fuair muid an focal “samhna”.
samhnas disgust
" Agus chuir anbhás Paul Quinn samhnas ar dhaoine a léigh tuairiscí ar an drochíde mhillteanach a fuair sé ó iarbhaill de chuid an IRA, nó, mar is beaichte anois a thabhairt orthu, baill an iar-IRA.
samhnas disgust
" ” Dúirt Billy McDowell, a gortaíodh go dona ag La Mon agus ar gortaíodh a bhean go holc fosta, gur chuir an caidreamh idir Ian Paisley agus Martin McGuinness samhnas air.
déistin disgust
" Dúirt Ian Óg go raibh caidrimh homaighnéasacha “mí-mhorálta, ionsaitheach agus déistineach”.
déistin disgust
" Cuireann dearcadh na heaglaise i leith homaighnéasachta agus moráltachta déistin air.
samhnas disgust
" É sin ráite, chuirfeadh an bhréagchráifeacht atá léirithe ag lucht na polaitíochta agus ag an lucht gnó i leith na ceiste seo samhnas ar dhuine.
chuir alltacht disgusted
" Chríochnaigh aitheasc Obama ar an 24ú Feabhra le freagra ó Ghobharnóir Louisiana, Bobby Jindal, a chuir alltacht ar go leor.
casadh aigne disgust
" Is í an fhírinne lom a chuireann casadh aigne orainn: is duine cosúil linn féin é an t-ainbheartach oilc seo.
déistin disgust
" Chuir na dúnmharuithe déistin ar an phobal - agus ní abraim an dá phobal, mar ba léir gur labhair idir náisiúnaithe agus aontachtaithe d'aon ghuth an iarraidh seo.
déistin disgust
" Cuireann sé déistin ar an phobal nár admhaigh na hairí rialtais, go háirithe iad siúd atá i gcumhacht le fada, go raibh siadsan in ainm is a bheith ag stiúradh na tíre le deich mbliana anuas agus go ndeachaigh siad amú.
samhnasach disgusting
" Creideadh gur daoine míshibhialta iad a itheann bia samhnasach is nach bhfuil éirim ná luachanna morálta acu.
samhnas disgust
" Siúlann sé is siúlann leis,Gan neach ar cheachtar taobh de,Scaipeann samhnas béil na hoíche,Gáire calcaithe na teilifíse.
casadh aigne disgust
" Ní raibh sé coincheapúil cosúil le hiarbhuaiteoirí na duaise cáiliúla seo: ní raibh uafás nó polaitíocht ar bith ag baint leis agus níor éirigh leis casadh aigne a chur ar dhaoine ach oiread.
alltacht disgust
" Ní nach ionadh, chuir fíochmhaire an dúnmharaithe alltacht ar dhaoine ag tréimhse ina bhfuil imní ag méadú ina measc go bhfuil dream beag daoine réidh le feachtas fadtéarmach paraimíleatach a chur sa tsiúl.
alltacht disgust
" Cuirtear alltacht ar an phobal nuair a nochtaítear gur thug an tUas Wall mála le stg£30,000 do Bhertie a cuireadh i dtaisce ina oifig Dáilcheantair sular cuireadh isteach i mbanc i Sráid Uí Chonaill é.
déistin disgust
" “Bhí saol suáilceach i ndáiríre agam, go dtí gur thosaigh an réamhscoil agus níos measa fós, an scoil – chuir an réaltacht chumannach déistin orm.
ag cur samhnais disgusting
" ” Cúis mhór ghearáin eile a bhí ag Balor faoi Oireachtas na Gaeilge i gCill Airne ná líon na mbaincéirí, na n-iarbhaincéirí, na bhfobhaincéirí agus na neasbhaincéirí a bhí i láthair agus a bhí ag cur samhnais ar na fíor-Ghaeil lena mbréagchrábhadh faoi thábhacht theanga na Gaeilge ina saol agus i saol an náisiúin.
dhéistineach shamhnasach shásúil disgusting, nauseating, satisfying
" “Tá rún agam éirí as an phost seo le Beo Ar Éigean!” a dúirt Balor an Bligeard os ard le haer cumhra na pluaise, “agus sin céad rún na bliana úire seo!” Ansin scaoil sé broim mhór fhada dhéistineach shamhnasach shásúil, agus chinn sé ar chúpla rud a scríobh faoi na rúin a bhíonn aige féin agus ag daoine eile.
samhnas disgust
" Chuir an feallmharú samhnas ar mhuintir na Seanchille, daoine a mbeadh an PUP ag brath orthu.
Chuir sin alltacht ar that disgusted
" Chuir sin alltacht ar Dhéaglán agus Daithí: *"What, we need our mums to sign a form to go up on the hills with you! We're getting sent to Iraq when this course ends in the summer"* a dúirt siad liom.
An Tiontú chun Samhnais changing to disgust
" An Tiontú chun Samhnais ============= Is tír í an Fhionlainn nach bhfuil ach rud beag os cionn cúig mhilliún duine inti.
bhí déistin orthu they were disgusted
" Nuair a theilg na Naitsithe na mílte buamaí anuas ar shráideanna Béal Feirste 70 bliain ó shin an mhí seo caite - maraíodh suas le míle duine - cuireadh páistí amach chun na tuaithe le hiad a choinneáil slán, ach baineadh geit as muintir na tuaithe nuair a chonaic siad cad é chomh lag, gannchothaithe is a bhí na páistí, bhí déistin orthu.
múisiam disgust
" Ach b’é an rud is mó a chuir lagmhisneach agus múisiam orm faoin tsiúlóid ná an méid bruscair agus an dramhaíola, de gach cineál atá caite anseo is ansiúd ar feadh an bhealaigh.
le barr a ndéistine because of their disgust
" Do na Críostaithe consiasacha atá ag brath éirí as a bheith ag cleachtadh a gcreidimh le barr a ndéistine faoi dhrochiompar na gcléir san Eaglais Caitliceach, nach mb’fhearr i bhfad dóibh iompó ina bProtastúnaigh agus an creideamh pearsanta atá acu in Íosa Críost a chleachtadh i gcónaí.
smut mór múisiamach air a disgusted puss on him
" Nuair a tháinig sé ar ais, bhí smut mór múisiamach air.
déistin orm disgusts me
" Cuireann ‘Mná an IRA’ ar TG4 déistin orm faoin mbealach a bhronnann sé dlisteanacht ar chogadh seicteach gránna na bProvos.
olc a chuir ar to disgust
" Tuairim Curtha in Iúl ========= Ach is cuma liom ag an pointe seo: chuir mé mo thuairimí chuig na húdaráis agus más mian leo neamhaird a thabhairt orthu agus olc a chuir ar thurasóirí, sin a rogha féin.
go tarcuisneach in disgust
" Rinneadh athchóiriú ar Dhroichead na nOsnaí i 2010 agus mar thoradh air seo thug muintir na cathrach Droichead na bhFógraí go tarcuisneach air mar gheall ar an oiread fógraí a bhí crochta air.
a chuir samhnas orm which disgusted me
" Déanta na firinne agus mé ag fás aníos, bhí mé thar a bheith bródúil as nach raibh creideamh ar bith agam mar ba é an creideamh ba bhun le cuid mhór den olc sa tsochaí thart orm - an seicteachas agus rudaí eile a chuir samhnas orm - a bhí in ainm is a bheith Críostúil.
bhfuil déistin ar chuid mhaith many are disgusted
" Sílim go bhfuil déistin ar chuid mhaith faoin chaoi a bhfuil an cheannaireacht ag tógáil an pháirtí.
Bhí alltacht agus múisiam ar dhaoine people were revolted and disgusted
" Bhí alltacht agus múisiam ar dhaoine ar fud an domhain i 1997 nuair a bhain Mike Tyson plaic as cluas Evander Holyfield i mbabhta dornálaíochta trom-mheáchain.
déistin disgust
" Tar éis do Luiz Suárez, imreoir sacair de chuid Learphoill, a chuid fiacla a bhá i gcraiceann a chéile comhraic Branislav Ivanovic (ag imirt le Chelsea) i gcluiche i bPríomh-Roinn Shasana, bhí alltacht agus déistin ar dhaoine a chonaic an eachtra go háirithe nuair a taispeánadh athchraoladh físe ó cheithre cheamara éagsúla arís is arís ar an teilifís.
déistin ar disgusts
" Rachadh an mórshiúl i gcuimhne ar bheirt bhall den IRA - a maraíodh nuair a phléasc an bhuama a bhí siad a dhéanamh - thart leis an Cenotaph agus leis an eaglais Mhodhach ar an bhaile, rud a chuireann déistin ar chuid mhór Aontachtach.
a chuireann an-déistin ormsa which disgusts me
" Cé nach raibh éagsúlachtaí móra idir na páirtithe móra ó thaobh dúnghaoisí de le sonrú le linn an fheachtais, tá athrú amháin beartaithe a chuireann an-déistin ormsa.
Chuireadh an fhoraoiseacht samhnas agus ghrainc ar dhaoine forestry used to really disgust
" Chuireadh an fhoraoiseacht samhnas agus ghrainc ar dhaoine faoin tuaith scór go leith bliain ó shoin.
chuir déistin ar go leor disgusted a lot of people
" Cuireadh ina leith go ndearna sé trácht gairsiúil i leith mná a bhí ag obair ina oifig; shéan sé é seo go fíochmhar ach d’úsáid sé caint drochbhéasach le focail mhóra agus é á chosaint féin, rud a chuir déistin ar go leor.
déistin disgust
" Chaith Máire Ní Chuagáin sé seachtaine ag obair go deonach le hainmhithe san Afraic Theas i mí na Bealtaine agus i mí an Mheithimh i mbliana agus chuir an méid a d’fhoghlaim sí faoin tseilg mhídhleathach déistin ceart uirthi.