Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
má dháiltear seirbhísí agus urraim dá réir if services and esteem are distributed accordingly
" Ar an taobh eile den scéal, má léiríonn an daonáireamh go bhfuil an líon céanna Caitliceach agus Protastúnach ann, agus má dháiltear seirbhísí agus urraim dá réir, má tá an "place in the sun" ag Caitlicigh, is lú an fonn a bheidh orthu buntáistí na Ríochta Aontaithe a fhágáil ina ndiaidh.
cláracha a dháileadh to distribute programs
" Caighdeán slándála ======= Tá caint freisin ar chaighdeán slándála nua ar a dtugtar Palladium, caighdeán a chinnteoidh go mbeidh greim scrogaill ag Microsoft ar ríomhairí sa todhchaí agus nach mbeidh sé indéanta cláracha a dháileadh gan cead speisialta a fháil ón gcomhlacht.
sceideal ár gcúrsaí a dháileadh to distribute our course schedule
" Le cuidiú na meán nua tá muid ábalta sceideal ár gcúrsaí a dháileadh ar fud na tíre.
a dháiltear which is distributed
" Chinnteodh comhairle reachtúil go mbeadh ar gach nuachtán a dháiltear sa stát seo, idir chinn dhúchasacha agus chinn ón Bhreatain, cloí leis na rialacha céanna.
le dáileadh ar a chomhairle féin to be distributed as he pleased
" Faoi mar a bhí an máimín cnónna ina séasúr, le dáileadh ar a chomhairle féin ar ghasúir Sheáin Liam.
an t-airgead a dháileadh amach to distribute the money
" Cuideoidh sé go mór leis an Chomhairle an t-airgead a dháileadh amach ar bhealach cothrom, agus má bhíonn ceisteanna nó achrann ann faoin stádas atá ag an cheol dúchais, an bealach is fearr chun sin a réiteach ná leis an fhochoiste seo.
a dháileadh to distribute
" html) chun grianghraif agus eolas eile faoina gcuid oibre a dháileadh.
ag dáileadh min bhuí distributing Indian corn
" Bhunaigh sí teach súip agus oifig chun airgead a bhailiú i mBaile Átha Cliath, agus chabhraigh sí leo siúd a bhí ag dáileadh min bhuí ar na daoine a bhí ag streachailt leis an saol ag tús an Ghorta.
scaipeadh bileoga flyers were distributed
" Ag deireadh mhí Aibreáin, scaipeadh bileoga ar thithe sa cheantar ag iarraidh ar bhunadh na háite bata agus bóthar a thabhairt do Chaitlicigh a bhí ina gcónaí in árasáin i gCearnóg Whitehall.
a dháileadh to distribute
" Chosain an tionscadal uilig cuid mhór orm, agus is dócha go mbeidh mé ag díol na hiasachta ar ais leis an bhanc go Lá Sheoin Dic; ach is fiú achan leathphighin domh é - a bheith ábalta a rá go ndearna mé "ar mo bhealach féin é", mar a déarfadh John Beag Sinatra! An rud atá á lorg agam anois, áfach, ná dream leis an dlúthdhiosca a dháileadh, so má tá comhlacht seachadta ar bith amuigh ansin atá ag iarraidh cúpla euro a dhéanamh orm …! AÓF: Agus céard atá ar an dlúthdhiosca seo go díreach? BNM: Tá trí amhrán déag air, 11 i nGaeilge agus dhá cheann i mBéarla.
a dháileadh to distribute
" Cinntíonn siad gur féidir le comhghleacaithe obair a dháileadh.
á seachadadh being distributed
" Beidh na léachtaí agus an t-ábhar teagaisc eile don Ard-Dioplóma i Scileanna Raidió á seachadadh ar an idirlíon, rud a fhágfaidh go mbeidh duine in ann an cúrsa a dhéanamh áit ar bith ar domhan, fad is go mbeidh deis aige teacht chuig ceardlanna a bheas ar siúl ó thráth go chéile in Áras Mháirtín Uí Chadhain ar an gCeathrú Rua i gConamara.
á dháileadh being distributed
" ” Tá cinneadh déanta ag Killoran agus ag a comhghleacaithe an bhéim a chur ar an drámaíocht agus airgead Chiste Craoltóireachta na Gaeilge á dháileadh.
a dháil na bronntanais who distributed the presents
" In áiteanna eile san Eoraip ba é an Christkindlen a dháil na bronntanais in áit Niocláis agus ba dhuine beag darbh ainm Pelznickel (nó Nioclás gléasta i bhfionnadh, mar a thugann an t-ainm le fios) a chuidigh leis.
é a dháileadh to distribute it
" AÓF: Cén áit a mbeimid in ann é a fháil? CÓD: Ní fheadar fós, ach tá súil againn é a dháileadh ar na siopaí leabhar agus ar na siopaí ceoil ar fud na tíre.
ag scaipeadh a gcuid físeán baile féin distributing their own home videos
" Agus tá a lán daoine ag scaipeadh a gcuid físeán baile féin saor in aisce freisin.
chun físeáin cheoil a dháileadh to distribute music videos
" Tá an tionscal ceoil chun cinn ar go leor earnálacha eile agus tá an-úsáid á baint as an idirlíon chun físeáin cheoil a dháileadh – cuid mhaith acu saor in aisce ar shuímh ar nós MySpace.
é a dháileadh to distribute it
" Tá sé ar intinn againn é a dháileadh gan mhoill ar na siopaí ina ndíoltar ceirníní traidisiúnta.
nuair a bhíothas ag dáileadh na bpostanna when the jobs were being distributed
" Go deimhin, táthar ann a deir go bhfuil na hionaid a roghnaíodh ag teacht salach ar an Straitéis Náisiúnta Spásúlachta mar nár cloíodh leis na “lárionaid chónaithe” atá leagtha síos ann nuair a bhíothas ag dáileadh na bpostanna.
go ndáilfí gléasanna raidió that radios be distributed
" I 1945 nuair a thug státseirbhísigh le fios don Taoiseach, Éamon de Valera, nach mbeadh aon éileamh ar stáisiún raidió Gaeltachta cionn is nach raibh gléas raidió ach ag 10% de thithe Gaeltachta, mhol de Valera go ndáilfí gléasanna raidió saor in aisce ar phobal na Gaeltachta.
nuair atá cáipéis le scaipeadh go forleathan when a document has to be widely distributed
" Tá comhaid PDF ar fheabhas agus an-úsáideach nuair atá cáipéis le scaipeadh go forleathan agus nuair atá sé tábhachtach go mbeadh an chuma chéanna ar an gcáipéis sin ar ríomhairí éagsúla.
dáileadh amach bia the distributing of food
" Thosaigh mo dhuine ag magadh faoina bhfaca sé agus dúirt gur chuir sé dáileadh amach bia san Afraic i gcuimhne dó.
á dáileadh distributing it
" ” Mar a deir Mairéad Perron, duine de mhúinteoirí idirlín an Chumainn, “thosaigh ár ngaol leis an teicneolaíocht in 1881 nuair a thosaigh Mícheál Ó Lócháin ag foilsiú ár n-irise *An Gaodhal*, agus á dáileadh ar Ghaeil ar fud Mheiriceá.
a seachadadh which was distributed
" Cogar leis faoi litir a seachadadh go déanach san oíche ag tabhairt le fios gurbh é an tUasal Bailey rogha an pháirtí “sa cheantar seo”, ag áiteamh ar dhaoine “d’uimhir a haon a thabhairt dó”.
á seachadadh ar thraenacha nó leoraithe distributing them by train or truck
" Thig nuachtáin a phriontáil in iliomad láithreacha anois seachas a bheith á seachadadh ar thraenacha nó leoraithe ó aon lárionad amháin.
go ndáilfí gléasanna raidió saor in aisce that radio sets be distributed free of charge
" I 1945, nuair a thug státseirbhísigh le fios don Taoiseach, Éamon de Valera, nach mbeadh aon éileamh ar stáisiún raidió Gaeltachta cionn is nach raibh gléas raidió ach ag 10% de thithe Gaeltachta, mhol de Valera go ndáilfí gléasanna raidió saor in aisce ar phobal na Gaeltachta.
ceol a dháileadh to distribute music
" Tá sé i bhfad níos éasca, mar shampla, ceol a dháileadh agus a fháil, tá an ceol níos saoire le ceannach, tá an fhéidearthacht ann fuaimeanna nua a chruthú agus seánraí nua a chruthú.
agus iad a scaipeadh go poiblí láithreach. and distribute them publicly immediately
" Tá Google Earth agus na híomhánna satailíte atá mar chuid den phacáiste sin á n-úsáid in am éigeandála cheana féin, ach bheadh sé i bhfad níos fearr dá bhféadfaí teacht go tapa ar íomhánna atá suas chun dáta agus iad a scaipeadh go poiblí láithreach.
ag scaipeadh ábhar margaíochta distributing marketing material
" Beidh siad ag díol síntiús, ag spreagadh siopaí agus ionad Gaeilge le *Lá Nua *a ghlacadh agus spás a chur ar fáil dó ar an tseilf, ag moladh do leabharlanna agus do scoileanna an nuachtán a bheith ar fáil acu, ag scaipeadh ábhar margaíochta don nuachtán agus ag cur ábhair ar fáil, idir ábhar scríofa agus ghrianghraif.
ag seachadadh na liathróide distributing the ball
" Ach tá sé cumasach i mbun pasála agus go maith ag seachadadh na liathróide chuig a chuid comhimreoirí nuair a bhíonn sé faoi bhrú.
á scaipeadh ar luas lasrach being distributed at a fast rate
" Tá eolas, caipiteal agus earraí á scaipeadh ar luas lasrach ar fud an domhain.
dháileadh distribute
" Tá costas ard ag baint le nuachtán a fhoilsiú agus a dháileadh ar fud na tíre.
dháileadh distributed
" Á dháileadh sna dúichí seo ag *Third Window Films….
scaipeann distributes
" Thar cinn! Tá teilifís athraithe chomh mór sin go bhfuil Nielsen, an chomhlacht a bhailíonn is a scaipeann eolais faoi scóranna féachana, ag bailiú eolais faoi *‘time-shifters’*, nó ‘lucht ceaptha an ama’ ó 2008.
dháileadh nó a athdháileadh to distribute and redistribute
" Tá – agus beidh – cead ag gach rialtas a ioncam féin a dháileadh nó a athdháileadh mar is mian leo.