Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
sainiúil distinctive
" Ní inniu ná inné a tosaíodh ar an chaint seo faoi mheath na teanga sna ceantair éagsúla ach an rud is tábhachtaí ná go bhfuil neart Gaeilge á labhairt sa Ghaeltacht, go fóill ar aon chuma, rud a chinnteoidh go gcoinneofar í ina pobal sainiúil ar feadh glúin nó dhó eile.
suntasach distinctive
" Ó thaobh margaidh de, tá pobal suntasach, dílis ag an stáisiún, daoine a cheannaíonn gluaisteáin, earraí tí, bia agus agus deoch agus a théann ar saoire.
sainiúil distinctive
" Tá siad sainiúil mar a bheifeá ag súil leis ó dhuine sainiúil mar é.
mhionchultúr suaithinseach distinctive minority culture
" Is sampla maith é Meiriceá Apaláiseach de mhionchultúr suaithinseach.
suaithinseach distinctive, unusual
shainiúil distinctive
" Measann muidne nach féidir tús a chur le caomhnú phobal Gaeilge na Gaeltachta go dtí: Go dtiocfaidh polaiteoirí agus lucht Rialtais ar an tuiscint gur fiú an Ghaeltacht a shábháil mar go gcuireann sí le féinmhuinín agus le féiniúlacht na tíre, agus gur gá di a bheith ann chun a chinntiú gur tír neamhspleách shainiúil a bheas in Éirinn i measc thíortha eile na hEorpa.
gaol suntasach distinctive relationship
" An féidir le gaol suntasach a bheith ann idir ailtireacht agus teanga, mar sin? Chuaigh mé go Béal Feirste ar thóir fheagra na ceiste seo agus chaith mé cúpla uair an chloig ar oilithreacht ailtireachta ar fud na cathrach leis an ailtire Michael Doherty.
suaithinseach distinctive
" Is iad na tréithe a bhaineann linne mar dhaoine, ár dteanga agus ár gcultúr suaithinseach, a mheallfaidh turasóirí go hÉirinn - ní na cosúlachtaí idir an tír seo agus Las Vegas nó Londain.
sainiúil distinctive
" Tá éagsúlacht an-deas ar an diosca agus ceol sainiúil, pearsanta ó chuid de na ceoltóirí is fearr atá sa tír.
dár gcultúr sainiúil féin our own distinctive culture
" Bhí uainn go mbeadh TnaG ag freagairt dár gcultúr sainiúil féin.
sainiúla distinctive
" Is é an cuspóir atá ag an taispeántas seo ná ceiliúradh a dhéanamh ar spiorad, chultúr agus stair na tíre agus ag an am céanna turasóirí agus daoine áitiúla a mhealladh chun na ba sainiúla seo a fheiceáil.
shuaithinseach distinctive
" Ina n-intinn siúd, níor deineadh coilíniú orthu riamh - maireann siad trí mheán a dteanga féin, tá siad ceangailte go láidir lena gcultúr agus stair shuaithinseach féin.
scáthchruth dearscnach distinctive silhouette
"scáthchruth dearscnach na mBeanna Boirche le feiceáil i bhfad uainn, agus, níos moille, tá Oileán Mhanann le feiceáil trasna na farraige.
sainiúil distinctive
" Ba bhreá linn a cheapadh go bhfuil ár gcuid ceoil sainiúil féin againn ach, ag an am céanna, nach bhfuil sé rófhada ó cheol iontach fidle iarthar na hÉireann.
a séala sainiúil féin its own distinctive mark
" Níl aon amhras ach go gcuirfidh Corcaigh a séala sainiúil féin ar ócáid 2005.
sainiúla distinctive
" Antaine Ó Faracháin: A Áine, cad a chiallaíonn "sean-nós" duitse? Áine Ní Dhroighneáin: Is traidisiún é - ealaín, dúchas, comhluadar, seanchas AÓF: An bhfuil aon tréithe áirithe sainiúla a bhaineann leis? ÁNíD: Amhráin as Gaeilge iad ar ndóigh! Agus freisin braitheann sé ar an gceantar.
sainiúil distinctive
" D sa Léann Ceilteach bainte amach aige, nó ceann a chur ar an bhfear as an tuaisceart a bhfuil a dhearcadh sainiúil féin aige ar chúrsaí ansin.
sainiúil distinctive
" Is é príomhláidreacht na Gaeltachta ná an cultúr sainiúil atá ansin, nach bhfuil caomhnaithe chomh maith céanna in aon áit eile.
sainchomhartha distinctive characteristic
" Is é sainchomhartha na litríochta de dhóigh Miller an cumas atá inti réaltachtaí samhalta a chruthú trí mheán na teanga.
sainchomhartha distinctive characteristic
" Is é sainchomhartha na litríochta de dhóigh Miller an cumas atá inti réaltachtaí samhalta a chruthú trí mheán na teanga.
shainiúil distinctive, unique
" Ní nach ionadh, fidléireacht den chuid is mó atá ar fáil - taifeadtaí baile de cheoltóirí áitiúla, den ghnáthbhunadh a d’fhás aníos leis na damhsaí baile agus le stíl shainiúil cheoil nach bhfuil cloiste ach ag scaifte beag daoine.
shainiúil distinctive, unique
" Ní nach ionadh, fidléireacht den chuid is mó atá ar fáil - taifeadtaí baile de cheoltóirí áitiúla, den ghnáthbhunadh a d’fhás aníos leis na damhsaí baile agus le stíl shainiúil cheoil nach bhfuil cloiste ach ag scaifte beag daoine.
suntasach remarkable, distinctive
" Rinneadh an phortráid 100 bliain ó shin nuair a bhí Vín aitheanta ag an phobal ealaíne ar fud an domhain mar lárionad taibhseach tábhachtach forásach ealaíne, agus is sampla suntasach é saothar Klimt den ealaín nua *fin de siècle *a bhí i réim sa chathair ag an am.
mar rud níos suntasaí ná atmaisféar as something more distinctive than atmosphere
" Le linn na bhfonn úd, aithnítear muid mar rud níos suntasaí ná atmaisféar.
ina stíl shainiúil ionraic féin, in his own distinctive honest style,
" Is minic a ceanglaíodh a stíl phéintéireachta le gluaiseachtaí ealaíne éagsúla – an réalaíochas, osréalaíochas nó eispriseanachas, cuir i gcás – ach is é an saothar dá chuid ina stíl shainiúil ionraic féin, a d’fhorbair sé thar na blianta, is mó a gcuirfidh daoine spéis ann sa taispeántas seo.
an ceann is suntasaí the most distinctive one
" Is é an ceann is suntasaí don chuairteoir ná an Manhattan Greenway, a théann timpeall chiumhais oileán Manhattan.
a léiríonn sainfhís an mháistir: which show the distinctive voice of the master:
" In ord a ndéanta, tá na teidil seo a leanas i measc na scannán is fearr a léiríonn sainfhís an mháistir: *Smiles of a Summer Night* (1955) *The Seventh Seal* (1957) *Wild Strawberries *(1957) *The Virgin Spring* (1960) *The Devil’s Eye *(1960) *Through a Glass Darkly *(1961) *Winter Light *(1962) *The Silence *(1963) *Persona *(1966) *Cries and Whispers (*1972) Tá áit acusan ar aon seilf DVDanna agus tá a bhformhór le fáil ar an idirlíon.
atmaisféar seachránach agus suaithinseach a straying and distinctive atmosphere
" Labhraím léi féin agus le Rossa faoin gceol a mbím ag éisteacht leis - ceol domhanda, ceol éadrom rithimeach, ceol dainséarach agus ceol cliste a bhfuil atmaisféar seachránach agus suaithinseach ag baint leis, mar atá i gceol Manu Chao.
sna ceantair shainiúla seo in these distinctive areas
" Anois, is gá pleanáil agus bainistíocht chuí a chur i gcrích sna ceantair shainiúla seo lena chinntiú go ndaingneofar na pobail Ghaeltachta atá láidir ó thaobh na teanga de faoi láthair.
ina shainstíl féin in his own distinctive style
" Ba ina shainstíl féin a léirigh sé an ceathrar ceoltóirí de chuid an bhanna ceoil, agus chuaigh an clúdach albaim seo i bhfeidhm ar an phobal i gcoitinne mar íomhá a bhí *cool*.
sochaí shainiúil distinctive society
" Mar gheall ar go bhfuil mé lonnaithe i measc an phobail, gheobhaidh mé ábhar don chlár thar thréimhse fhada, agus tá súil agam go gcabhróidh an fhísiriseoireacht liom léargas níos doimhne a thabhairt ar an tsochaí shainiúil seo.
suaithinseach distinctive
" Teach suaithinseach is ea Raheem Residency, a bhfuil stair choilíneach ag baint leis: bhí teaghlach rathúil Indiach – a bhí ag gabháil do thrádáil teicstílí – ina chónaí ansin ar feadh na mblianta.
rogha de léitheoireacht shainiúil a choice of distinctive reading
" Tá *Lá Nua* le moladh as rogha de léitheoireacht shainiúil a chur ar fáil do phobal na Gaeilge agus tá an baol ann go mbeidh sciar suntasach de Ghaeil an Tuaiscirt balbh gan é.
sainchomharthaí oileáin distinctive island features
" Bíonn sainchomharthaí oileáin cosúil leis an teach solais, na seaniarsmaí eaglasta, tithe mhuintir an oileáin agus báid na n-iascairí mar mhóitífeanna coitianta ina shaothar agus iad léirithe aige go haislingeach.
na saincheisteanna seo these distinctive question
" gurbh fhearr le haontachtaithe go mbeadh bratach os cionn Halla na Cathrach i mBéal Feirste ná an dul chun cinn geilleagrach a d'eascródh as socrú polaitíochta ar na saincheisteanna seo.
is suntasaí most distinctive, noticeable
" Ceann de na rudaí is suntasaí faoi bhunadh na Nua-Shéalainne, dar le Ruth Nic Giolla Iasachta, ná a meas ar an gcomhshaol.