Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
idirdhealú distinction
" Ag an am céanna chuireadh daoine i mBaile Átha Cliath ceist air cad chuige a raibh sé ag cur a chuid ama amú le ceol clasaiceach thuas i mBéal Feirste! Mheas sé i gcónaí go raibh seo iontach greannmhar mar nach ndearna seisean idirdhealú riamh idir an dá rud.
idirdhealú distinction
" Pléifear freisin an t-idirdhealú a dhéantar i Stáit Aontaithe Mheiriceá i gcásanna clúmhillte idir duine atá i mbéal an phobail agus gnáthdhuine.
idirdhealú distinction
" Ní dhéanann sí idirdhealú ina hintinn, is cosúil, idir na dílseoirí sin as na ceantair bhochta den chathair, agus na Protastúnaigh chluthara chaoinbhéasacha a bhíonn le feiceáil amuigh faoin spéir thart ar Loch Cuan.
gradam ar leith special distinction
" Cén fáth sin? Mar tá sé ina rún daingean ag foireann Chill Chainnigh, mar a admhaíonn Brian Cody, bainisteoir na gCat, gradam ar leith a bhaint amach dóibh féin agus an stair a scríobh tríd an dara Craobh as a chéile a bhreith leo.
idirdhealú distinction
" Tá mé ag seinm ceol tíre agus cheol traidisiúnta na hÉireann ó dheireadh na n-ochtóidí agus chítear domhsa nach féidir idirdhealú a dhéanamh idir an Ghaeilge agus an ceol.
idirdhealú distinction
" Déanann Marlin idirdhealú tábhachtach idir na Caitlicigh seo de chuid an Oirthuaiscirt, a bhfuil go leor "*cafeteria Catholics*" ina measc, is é sin iad siúd a roghnaíonn na gnéithe den chreideamh ar mian leo cloí leo, agus Caitlicigh eile.
idirdhealú rí-thábhachtach an extremely important distinction
" Ach, dar le Ray, is idirdhealú rí-thábhachtach é.
idirdhealú distinction
" “*Geolocation*” an t-ainm atá ar an gcóras seo, agus bheadh sé úsáideach do na seirbhísí éigeandála, mar shampla, go háirithe faoin tuath, agus is dócha go ndéanfadh sé idirdhealú idir an tUasal Ó Murchú sa Thrá Bán agus a chomharsa.
idirdhealú distinction
" “*Geolocation*” an t-ainm atá ar an gcóras seo, agus bheadh sé úsáideach do na seirbhísí éigeandála, mar shampla, go háirithe faoin tuath, agus is dócha go ndéanfadh sé idirdhealú idir an tUasal Ó Murchú sa Thrá Bán agus a chomharsa.
idirdhealú distinction
" Déantar idirdhealú idir scoil nó coláiste agus club, idir imreoirí faoi aois áirithe agus os a cionn, idir comórtas amháin agus comórtas eile.
idirdhealú distinction
" Agus níl aon bhealach le hidirdhealú a dhéanamh idir ceann amháin agus an ceann eile.
idirdhealú distinction
" Cé gur ar mhuintir na Liobáine is mó a bhí a n-aird, ní léir cén chaoi a raibh siad in ann idirdhealú a dhéanamh eatarthu sin agus daoine eile a mbíonn an chuma chéanna orthu go minic, daoine as an Iodáil agus as an Spáinn cuir i gcás.
bharrchéimíocht high distinction
" Le linn na Meánaoiseanna agus na hAthbheochana Léinn – an tréimhse órga ina raibh rath ar chúrsaí ealaíon agus smaointeoireachta – bhí Flórans ina chathair shaibhir chumhachtach agus rinne cuid de na mórtheaghlaigh a bhí i réim inti go leor dá saibhreas a chaitheamh ar thithe móra maisiúla, foirgnimh áille phoiblí, eaglaisí agus na healaíona mar léiriú, ní hamháin ar bharrchéimíocht na cathrach, ach ar a stádas agus a gcumhacht féin chomh maith.
idirdhealú distinction
" Is cuma cé mhéid cainte a dhéanann siad faoina “léirmhíniú” siúd agus faoin idirdhealú idir comórtais idir-ranna agus comórtais inmheánacha, is é an tuiscint atá ag an phobal ná go bhfuil creimeadh tagtha ar an chóras a tháinig in áit na Gaeilge éigeantaí.
an t-idirdhealú the distinction
" Agus ní mór é an t-idirdhealú a tharraingíodar idir trí eilimint na Tríonóide-lú-ná-Naofa sin.
nuair nach ann don aicmíocht. when class distinction doesn't exist.
" Ba é an tuigbheáil a bhí ag Marx de “dheireadh na staire” ná tréimhse nuair nach ann don aicmíocht.
idirdhealú distinction
" Ag tús mo sheala sa Nua-Shéalainn, bhíodh sé deacair orm in amanna a bheith cinnte cé acu an raibh daoine ag caint ar ghruaig, nó ar rud éigin a bheith ag a chríoch toisc nach ndéantar idirdhealú sa chaint idir hair agus here! Is aoibhinn liom a bheith ag éisteacht le caint na ndaoine, agus níl áit níos fearr lena aghaidh ná ar bhus.
idirdhealú distinction
" Is iontach an rud é go bhfuil na teicneolaíochtaí is nua ar fad in úsáid chun an comhluadar Gaelach a neartú ar an idirlíon – bímis ag blagadóireacht ar son na cúise! Ceann de na tionchair is mó atá ag an bhlag ar na meáin chumarsáide ná go bhfuil sé níos deacra anois idirdhealú ceart a dhéanamh idir iriseoireacht ghairmiúil agus amaitéarach.
Ba dhoiligh idirdhealú a dhéanamh it was difficult to make a distinction
" Ba dhoiligh idirdhealú a dhéanamh idir é féin agus cainteoir dúchais.
idirdhealú a dhéanamh make a distinction between
" Cuireann an fhéile i gcuimhne dúinn gur linne ar fad an Ghaeilge, is cuma cárb as muid nó cé acu ar féidir linn idirdhealú a dhéanamh idir an tuiseal tabharthach agus an tuiseal ginideach nó nach féidir! Mar a deir mana na féile, “Croí na Teanga – *It’s You*!”Mar is gnáth, cuirfear tús le clár leathan imeachtaí leis an bhféile a cheiliúradh i rith na seachtainí díreach roimh Lá Fhéile Pádraig.
idirdhealú distinction
" Ba cheart ag an staid seo idirdhealú a dhéanamh idir iad siúd a bhfuil míchumas foghlama orthu i ndáiríre agus iad siúd atá ag cur i gcéill.
aicmíocht class distinction
" Sa ríocht seo – ina bhfuil aicmíocht i gceist óir tá cait áirithe faoi dhaoirse – níl ról lárnach ag daoine daonna, cé go bhfuil cúpla páiste daonna mar fhreastalaithe ag an mBanríon Bess.
idirdhealú sách soiléir clear enough distinction
" Mar sin, ní dóigh liom go ndéanann an Ghaeilge idirdhealú sách soiléir idir an dá rud.
idirdhealú distinction
" Gan deighilt ná idirdhealú ceart déanta ar réim a údaráis i gcomhréir lena Aire Sóisir, Martin Mansergh, agus is dócha ná a mhalairt go ligfear Cullen chun bealaigh gan rómhoill.
idirdhealú idir distinction between
" Siamsaíocht in ionad nuachta a chuireann siad ar fáil agus ní dhéanann siad idirdhealú idir an dá rud.
Gradam distinction
" Gradam suntasach gan amhras atá tuillte go breá acu.
idirdhealú distinction
" Tá gné thábhachtach eile den socrú nua institiúideach nach bhfuair mórán airde go dtí seo, is é sin an t-idirdhealú feidhmeanna idir Údarás na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
deighilt distinction
" Chualamar na scéalta céanna fiche uair: go bhfuil an Ghaeilge ar an dé deiridh mar theanga phobail sa Ghaeltacht, go bhfuil deighilt mhór idir pobal labhartha Ghaeilge na Gaeltachta agus lucht Gaeilge na cathrach, agus gur orthu siúd, Gaeilgeoirí na mbailte, a bheidh todhchaí na Gaeilge ag brath.
deighilt a shoiléiriú to clarify the distinction
" Deir Moladh 3 go mba cheart an ‘deighilt a shoiléiriú’ idir chúraimí an Údaráis agus cúraimí Fhoras na Gaeilge sa gcaoi is nach mbeadh ‘forluí idir scóp an dá eagras’.
deighilt distinction
" Is léir go bhfuil deighilt le sonrú i measc mhuintir an tuaiscirt i dtaca le riar na gcrogall inbhir.
dhochreidte éagosúlacht an incredible distinction
" Ba dhochreidte éagosúlacht na siopaí sofheicthe allúracha (na siopaí Briotanacha san áireamh) le hais an mhargadh faoin aer a reáchtáltar sna cúlsráideanna, gar do na hionaid siopadóireachta.
síor-idirdhealú seo this continual distinction
" Cé go dtaitníonn an riaradh ionannais agus an síor-idirdhealú seo go mór le daoine áirithe – an lucht acadúil fágaim – tá a thuilleadh atá amhrasach ina thaobh.
mórán gradam many awards, distinctions
" Ar an láimh eile, cuimhneofar fosta ar phearsain mhóra le rá nár thuill mórán gradam sa tSeanad ar nós an drámadóir Brian Friel agus an t-iar-iománaí as Tiobraid Árainn, John Doyle.
an t-idirdhealú céanna the same distinction
" Dhiúltaigh Lincoln íde speisialta a thabhairt dos na Stáit theas agus é beag beann beagnach ar a gcuid tréas bunreachtúil, agus dhiúltaigh Andy an t-idirdhealú céanna a dhéanamh ina shearmóin.
raibh de chumhacht ag an scoil idirdhealú den chineál sin a chur i réim the school could proffer a distinction of this sort
" Ins an chás sin, chaith an Chúirt Chuarda amhras i dtaobh tosaíocht a bheith ag páistí de chuid iarscoláirí, ach nuair a deineadh achomhrac chun na hArd-Chúirte rialaíodh go raibh de chumhacht ag an scoil idirdhealú den chineál sin a chur i réim ina dúnghaois iontrála.
Cad í an tsainiúlacht what is the distinction
" Cad í an tsainiúlacht atá ag anatamaíocht na polaitíochta? Dlúthpháirtíocht.
an idirdhealú idir the distinction between
" Is é a dhéanann na deacrachtaí seo go léir a chuirtear roimh eachtrannaigh, ar ndóigh, ná béim a leagan ar an idirdhealú idir saoránaigh agus inimircigh, rud a chruthaíonn sochaí a chuideodh leis an gciníochas.
nach bhfuil an t-idirdhealú aicme sóisialta social class distinction is not
" Maíonn siad go fíochmhar nach bhfuil an t-idirdhealú aicme sóisialta atá ina ghné lárnach i sochaí na Breataine, an mháthairthír, le sonrú abhus, agus is fuath leo daoine a bhíonn ag sodar i ndiaidh na huaisle.
idirdhealú a dhéanamh make a distinction
" Is minic a scaiptear teachtaireachtaí mar gheall ar víris bhréige (nó "hoax viruses") agus tá sé deacair idirdhealú a dhéanamh eatarthu seo agus rabhadh ar chóir aird a thabhairt air.