Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
drochmheasa disrespect
" Ní hamháin sin ach is cosúil go bhfuil sé anois *cool*, mar a deir an dream óg as Béarla, suim a chur sna cluichí Gaelacha in áit an drochmheasa agus an chaithimh anuas a bhí coitianta roimhe seo.
dímheas disrespect
" An síorchuardach, an dímheas, an bhrúidiúlacht, an loitiméireacht, scrios thithe daoine bochta.
ní raibh mé ag iarraidh aon drochmheas a léiriú, I wasn't trying to show any disrespect,
" “An chéad rud a dúirt mé ná, agus ní raibh mé ag iarraidh aon drochmheas a léiriú, agus bhí ríméad orm glacadh le honóir iontach mar seo, ‘ach nach seanl*ads* is mó a bhíonn ag plé leis?’” Is é dúirt Liam ar ais ná go mb’fhéidir gur cheart do Thadhg breathnú ar a theastas breithe agus an dáta a sheiceáil! Cineál ambasadóra don Fhéile is ea Uachtarán an Oireachtais agus beidh Tadhg ag freastal ar na trí phríomhócáid: Oireachtas na Cásca i Leitir Ceanainn, bronnadh na nduaiseanna liteartha i mBaile Átha Cliath, agus Oireachtas na Samhna i gCathair na Mart.
drochmheas disrespect
" ) Ré órga ab ea é cinnte agus ní le drochmheas ar Chill Chainnigh, Corcaigh agus ar Thiobraid Árann a deirim é.
sruth lagmheasa nó dímheasa go minic, often a tide of weak respect or disrespect,
" In ainneoin cé chomh láidir is a bhí an sruth sin, sruth lagmheasa nó dímheasa go minic, ní raibh amhras dá laghad airsean oiread agus aon soicind amháin dá shaol gur amadáin an dream a raibh lagmheas nó dímheas acu ar an rud seo.
léiríonn siad dímheas ar dhaoine eile. they disrespect other people
" Bíonn iompar míchuí ar siúl acu agus léiríonn siad dímheas ar dhaoine eile.
drochmheas no respect, disrespect
" Más fíor do na suirbhéanna faoi dhearcadh na nAstrálach i leith na ngairmeacha éagsúla – a fhoilsítear sna meáin abhus go rialta – tá drochmheas ag muintir na tíre seo ar pholaiteoirí, mar atá acu ar dhlíodóirí, ar dhíoltóirí carranna athláimhe agus, sa lá atá inniu ann, ar lucht na teileamhargaíochta.
le teann dímheasa with sheer disrespect
" Capallaíocht a thugann roinnt daoine ar an eachaíocht, le teann dímheasa, cé go bhféadfadh duine an téarma céanna a chur i leith na dornálaíochta in amanna.
dímheas disrespect
" (Ba cheart a rá nach le dímheas ach le fuarchúis an fhir léinn a rinne Ó Broin a argóint.
bheagmheas disrespect
" Mhaígh sí nach raibh aon bheagmheas ar a saíocht i gceist aici, ach ní fheadar an ndéanfadh sí amhlaidh ar altóir ardeaglaise i bPáras? Athraíodh logainm oifigiúil na carraige sa bhliain 1993 go Ayers Rock/Uluru, le haitheantas a thabhairt do mhuintir dhúchais an cheantair.
ag caitheamh dímheasa ar disrespecting
" **Balor: Nach aisteach an rud é go mbíonn sibh ag caitheamh dímheasa ar an bhratach chéanna? Bíonn bratacha casta thart ar an chorp ag cuid agaibh agus bíonn cuid eile agaibh á sraoilleadh ar an talamh.
fhéiniúlacht na heasurraime an identity of disrespect
" Braitheann Bearnaí Ó Doibhlin go bhfuil cuid mhaith de mhuintir na hAstráile á saobhadh féin le híomhá de fhéiniúlacht na heasurraime, íomhá nach dtagann le fírinne an scéil.
an t-an-mheas in áit an ainmheasa great esteem instead of disrespect
" Feiceann Bearnaí Ó Doibhlin an t-an-mheas in áit an ainmheasa ag muintir na hAstráile orthu féin.