mórthaispeántas
great display
Ní thig leat?
Reid ina thost
=======
Níor mheas Státrúnaí an Tuaiscirt John Reid gur thuill an
mórthaispeántas paraimíliteach ráiteas uaidh.
sárthaispeántas
a great display
An lá úd, an 24 Márta, thug foireann Choláistí Átha Cliath
sárthaispeántas i bPáirc Pharnell agus léirigh an fhoireann céard ab fhéidir a bhaint amach trí shíorchleachtadh, obair dhian agus féinmhuinín.
cásanna taispeána
display cases
Airm agus trealamh a d'úsáid an reisimint sa Tuaisceart atá le feiceáil sna
cásanna taispeána, chomh maith le mainicín cuimsitheach de shaighdiúir (nó "Kingsman" mar thugann siad orthu féin) gléasta i dtrealamh círéibe.
an-taispeántas
a great display
Thug Aontroim
an-taispeántas i gcoinne Thiobraid Árann in 2002 agus is dóigh gurb iad a bhuafaidh Craobh Uladh arís i mbliana, cé go bhfuil sé ionann is cinnte go ndéanfaidh foirne Dhoire agus an Dúin an-iarracht stádas churaí Uladh a bhaint d'fhir na nGleannta.
taispeántas breá
fine display
Rinne siad féin éacht tré Chluiche Ceannais na hÉireann a bhaint amach agus
taispeántas breá a thabhairt iad féin in ainneoin na míbhuntáistí atá acu ó thaobh taistil agus cluichí a imirt i dtuaisceart na tíre.
taispeántas luibheanna agus bláthanna inite
a display of herbs and edible flowers
Chonaic muid
taispeántas luibheanna agus bláthanna inite.
taispeántas maith
a good display
I gcás fhianaise David Rupert, níl aon dabht ach gur thug sé
taispeántas maith uaidh sa chúirt.
an-taispeántas
a great display
D'imir Aontroim le scil, le luas agus le crógacht agus thug siad
an-taispeántas i bPáirc an Chrócaigh.
taispeántais
displays
Go deimhin, bheadh an ríomhaire céanna in ann déileáil le
taispeántais PowerPoint gan mórán stró.
thaispeántais idirghníomhacha
interactive displays
Idir mhíreanna físe, bheochain bhríomhara agus
thaispeántais idirghníomhacha, tá áiseanna den scoth curtha ar fáil dóibh siúd a bhfuil spéis acu i Mars - agus sa teicneolaíocht agus san eolaíocht go ginearálta.
taispeántas ollmhór idé-eolaíoch
massive ideological display
Cé go gcuireann tiománaithe Éireannacha greamaitheoirí ar fhuinneoga a gcuid carranna nó ar a dtuairteoirí chun a ndílseacht dá gcontae nó don fhoireann pheile is ansa leo a léiriú, ní faic é seo i gcomparáid leis an
taispeántas ollmhór idé-eolaíoch a bhíonn ar an ghnáthfheithicil i Meiriceá.
taispeántas tine ealaíne
fireworks display
Nuair a thosaigh sé, le hionsaí ollmhór buamála ar chathracha mar Bhagdad, ar ar thug Rialtas Stát Aontaithe Mheiriceá *"shock and awe"*, shílfeá ón dóigh a labhair iriseoir de chuid an BBC faoin ionsaí ar an teilifis gur
taispeántas tine ealaíne a bhí ann, rud a chuir déistin ormsa agus ar a lán daoine eile sa cheantar.
taispeántas mórthaibhseach radharcach
spectacular visual display
Cuirfear tús oifigiúil leis na himeachtaí ar an 8 Eanáir le
taispeántas mórthaibhseach radharcach dar teideal *Awakening* ina bhfeicfear nathair mhór mhillteach, cruthaithe as tine, soilse, piriteicnic agus ceol, ag teacht chun beatha agus ag síneadh amach a coirp leis na trí dhroichead sa chathair a thrasnú.
taispeántais teilgthe
projected displays
Sa dara sraith, a bheidh le feiceáil san fhómhar mar chuid de chomhdháil idirnáisiúnta, beidh taispeántais a thógfar go speisialta i suímh ar leith, beoláithriú agus
taispeántais teilgthe ann.
imleacán ar taispeáint
navel on display
“Má tá
imleacán ar taispeáint maith go leor do sheacht Máire Móra na hÉireann, tá sé maith go leor domsa,” a áitíonn sé go harduallach, anuaibhreach.
imleacán ar taispeáint
navel on display
“Má tá
imleacán ar taispeáint maith go leor do sheacht Máire Móra na hÉireann, tá sé maith go leor domsa,” a áitíonn sé go harduallach, anuaibhreach.
tar éis a dtaispeántais
after their display
Maidir le Port Láirge agus Tiobraid Árann, tá siad fós gar don leibhéal is airde agus thug fir Luimnigh le fios go mb’fhéidir go bhfuil aiséirí de shaghas éigin i ndán dóibh
tar éis a dtaispeántais in aghaidh Chill Chainnigh agus an taispeántas a thug a gcuid mionúr i gcluiche ceannais na hÉireann.
taispeántas scanrúil
scary display
Sa traidisiún sin, ba iad na daoine fásta sa teach, gléasta mar Pelznickel agus féasóg orthu go minic, a thug
taispeántas scanrúil Oíche Nollag nuair a bhí na páistí go fóill ina suí agus ba é an Christkindlen, a bhí dofheicthe, a d’fhag na bronntanais i rith na hoíche.
ar buantaispeántas poiblí
on permanent public display
Mar sin, má tá Oscar ar an mhatal sa bhaile ag duine
ar buantaispeántas poiblí nó má tá sé curtha go discréideach aige nó aici sa seomra folctha, is fiú go mór é a bheith aige nó aici.
taispeántas
display
Ar mhaithe leis an eachtrannach a bhí an
taispeántas ar siúl, mheas mé féin, agus chrom mé ar roinnt grinn a tharraingt isteach sa chaint.
taispeántas
display
Ar mhaithe leis an eachtrannach a bhí an
taispeántas ar siúl, mheas mé féin, agus chrom mé ar roinnt grinn a tharraingt isteach sa chaint.
ar taispeáint
on display
Sa chaife ansin, bhí grianghraif de chuid Yto Barrada as Maracó
ar taispeáint.
taispeántas fíormhaith
an excellent display
Bua iontach a bhí ann gan dabht ar bith agus
taispeántas fíormhaith de scileanna sainiúla na hiomána, tugtha ag imreoirí éagsúla, ón chúl báire, Simon Lambert a rinne trí shábháil dhochreidte, go dtí an lántosach ar chlé, Pól Ó Riain, a scóráil 0-6.
ar taispeáint
on display
Áit an-suimiúil atá ann, ina bhfuil éadaí síoda marcach cáiliúil, pictiúir agus trealamh rásaí
ar taispeáint.
léiriú
display
Bheadh sé éasca an
léiriú seo a fheiceáil mar mheafar do na fadhbanna atá ag Airbus, an déantóir Eorpach eitleán.
má léiríonn an pobal
if the public display
Is cinnte go ndéanann na meáin tagairt dóibh, ach is annamh a bhíonn siad ar chlúdach na nuachtán lá i ndiaidh lae, ach amháin
má léiríonn an pobal go bhfuil spéis faoi leith acu i scéal áirithe.
léiriú eile ar an tslí a bhfuil meas an phobail á chailleadh aige.
another display that he is losing public respect.
An mhí seo caite, mar shampla, rinne fear grinn aithris air ar chlár raidió Joe Duffy ar RTÉ agus magadh faoin bhfianaise a thug Ahern don bhinse fiosraithe,
léiriú eile ar an tslí a bhfuil meas an phobail á chailleadh aige.
seachas léiriú dá chuid paisin.
instead of a display of his passion
Ach tá rud éigin an-fhoirmleach agus teicniúil fá dtaobh de, a thugann le fios gurb iad na clocha is mó ar phaidrín an damhsóra ná luas, chomh hard agus is féidir leis léim san aer agus cleasaíocht,
seachas léiriú dá chuid paisin.
Léirigh sé cúpla ceann
he displayed a couple of
Léirigh sé cúpla ceann de na sainchomharthaí a bhaineann leis an aicíd seo, nó bhí sé ag bualadh a chloiginn go láidir in éadan balla – balla mór láidir cloiche, a bhí i bhfad ní ba chrua ná a chloigeann bocht breoite.
Léiriú
display
Léiriú é an dul chun cinn atá déanta aige ar an méid is féidir le duine a bhaint amach má dhíríonn sé a aird i gceart ar thasc.
ar taispeáint
on display
Beidh íomhánna Opie
ar taispeáint go dtí mí na Samhna 2008.
Léiriú uaillmhéine ab ea
It was a display of ambition, i.e. it was ambitious
Léiriú uaillmhéine ab ea é go ndeachaigh King i mbun sraithe mar seo agus é ar bheagán taithí.
léiriú frithchogaidh
anti-war display
Meastar go raibh timpeall 10,000 duine ann – líon a bhí i bhfad níos lú ná an 50,000 duine a ghlac páirt sa
léiriú frithchogaidh thuasluaite sa chathair chéanna cúig bliana ó shin.
léirithe
displayed
Tá an tacaíocht seo gan bhunús réadúil mar atá
léirithe go ríshoiléir ag USAIG.
thaispeántas tinte ealaíne
fireworks display
Chonaic muid an damhán alla "ag éalú" trí Thollán an Mersey ar an oíche dheireanach, le linn do
thaispeántas tinte ealaíne agus solais a bheith ag cruthú radharc iontach osréalach os comhair na mílte duine a bhí sa slua.
léiriú
to show, display
Ciallaíonn sé seo gur slí an-saor atá ann chun do ghnó a fhógairt - agus tá na fógraí á dtaispeáint do dhaoine atá tar éis spéis a
léiriú san ábhar cheana féin.
ar taispeáint
on display
In 1921, cuireadh an carráiste
ar taispeáint san Hôtel des Invalides i bPáras.
ar taispeáint
on display
Bhí an dá íomhá den Marianne ann: an banlaoch óg misniúil a shamhlaítear leis an réabhlóid agus a fheictear sa saothar ealaíne ‘La liberté guidant le peuple’ (Eugène Delacroix, 1830); nó an bhean atá níos staidéartha a bhíonn
ar taispeáint i dtithe cúirte agus i
hallaí cathrach na tíre a léiríonn ciall agus ceart.
Léiríonn
displays
Léiríonn dearcadh an rialtais gur chuma leo faoin timpeallacht nuair a bhí postanna á gcruthú agus nuair a bhí saol an duine níos rathúla.
léirigh
displayed
An cneasú thar ghoimh
Ainneoin go mbíonn gach duine ag caint ar an fheabhas atá tagtha ar an tuaisceart agus ar Bhéal Feirste ach go háirithe - "nach iontach na bialanna galánta atá agaibh ansin" - ba é an rud a
léirigh an ruaille buaille san Europa nuair a thug íobartaigh agus ionadaithe na n-íobartach ón dá thaobh, náisiúnaíoch agus aontachtach, aghaidh ar a chéile a fhad is a bhí an móramh tostach balbh, thug sé le fios go bhfuil gangaid faoin dromchla, go bhfuil an seicteachas beo beathaíoch ar thaobh amháin.
cinnireacht a léiriú
to display leadership
Is mithid dóibh uilig (idir pháirithe an rialtais agus an fhreasúra)
cinnireacht a léiriú sula n-iarrfar ar ghrúpaí leochailleacha den phobal ualach míchothrom a iompar.
seastán
display stand
Fiú im’ ollscoil féin, tá
seastán anois ann sa leabharlann - agus muid ag díriú ar Lá Fhéile Phádraig – atá iomlán tiomnaithe do scannáin Éireannacha, nó ar a laghad, le hÉirinn mar ábhar staidéir acu.
chur fo shealladh
to display, showcase
Cuimsean agus Amasan:
- Sgrìobhadh ùr àrachadh am measg luchd-cìuil aig diofar aoisean anns na cànanan Ceilteach agus Albais- Ceangalaichean agus còmhradh a leasachadh eadar luchd-ciùil agus gnìomhachasan cruthachail air taobh siar na Roinn Eòrpa- Turasachd cultarach a bhrosnachadh agus a neartachadh far an tèid an fharpais a chumail- Cleachdadh mion-chananan dhùthchasach a chur air adhart agus a bhrosnachadh- Iomhaigh agus fèin-luach luchd-bruidhinn nam mion-chànanan a neartachadh- Cothroman agus leasachaidhean eaconomach a sholarachadh do luchd-ciùil agus grìomhachasan cruthachail- An sgìre a
chur fo shealladh a' mhòr-shluaigh tro na meadhanan agus ùidh bhon roinn phoblach/phrìobhaidch- Co-obrachadh agus eadar-obrachadh a leasachadh eadar na h-ionadan acadaimigeach agus na coimhearsnachdan le mion-chànananEòlas agus sgilean a' neartachadh ann a bhith a' cur air dòigh tachartasan ionadail agus eadar-nàiseanta anns na roinnean poblach agus prìobhaideach
Riaghailtean agus Ceistean Bitheanta
Dè a th' ann?'S e a' chiad Farpais Òran ann an Cànanan Ceilteach agus Albais a th' ann an Nòs Ùr.
léargas cuimsitheach
a comprehensive display
Tugann an taispeántas ‘Bodies’, atá a reáchtáil ag an chomhlacht Mheiriceánach, Premier Exhibitions,
léargas cuimsitheach dúinn ar fheidhmeanna an choirp ó thaobh dhearcadh an leighis air.
nochtadh
to expose, display
Thuig sé an tábhacht a bhain le fís a
nochtadh agus le daoine a spreagadh.
taispeántais tinte ealaíne
fireworks displays
Bíonn réimse leathan siamsaíochta poiblí ar siúl leis an lá a cheiliúradh, fágaim, ceolchoirmeacha, cluichí spóirt agus
taispeántais tinte ealaíne.
ar taispeáint
hung, on display
Tá an forhalla, nó an *lobby*, cósúil le dánlann – roinnt de na pictiúir
ar taispeáint ann a choinnigh an t-óstán in ionad íocaíochta.
léirigh sé
it showed, displayed
Cháin ceannaire an Pháirtí Liobrálaigh an beartas nua anuraidh de dheasca gur
léirigh sé go raibh Páirtí an Lucht Oibre ‘lag ó thaobh teorannacha a chosaint’ a dúirt sé.
léiriú éirime
a display of talent
‘Bhí imní orm go mbeadh an togra ina chinéal seó tallainne, ní hionann is
léiriú éirime, mar sin, níl mé ag dul a bheith ag ceol nó ag damhsa – a mhalairt ar fad.
léirithe
displayed
Brian Cowen (An Taoiseach)
Easpa cinnireachta agus easpa maoirseachta
léirithe aige.
thaispeáint
display
Thug an dáilitheoir ceoil, Sony comhairle do na hionaid mhóra siopadóireachta ar nós Sainburys, Tesco, Asda agus Morrisons gan clúdach albam úr na Manic Street Preachers, Journal for Plague Lovers, a
thaispeáint mar gur cheap siad nach raibh sé ‘oiriúnach’ do shúile an phobail.
Taispeántas
display
Cliar Foireann
Steve Evetts Eric Bishop Ceamara Barry AckroydEric Cantona Eric Ceol George FentonStephanie Bishop Lily Script Paul LaveryJohn Henshaw Meatballs Stiúrthóir Ken Loach
D’oscail Féile Scannáin Sydney na hAstráile le Gala
Taispeántas de scannán úrnua Ken Loach.
léiriú seo
this display
Seafóid is ea an
léiriú seo gur féidir le cuid againn scaoileadh tharainn gan stró, ach tá an-chuid den dream óg amuigh ansin go hiomlán ar éill aige.
Thaispeáin
showed, displayed
Thaispeáin ealaíontóirí ar nós El Greco, Rubens agus Velázequez, Deastógáil na Maighdine go minic agus an ghealach dheirceach, nó an corrán gealaí, faoina cosa.
taispeántas
display
Sea, thugadar an
taispeántas ab fhearr a thugadar le linn réamhchluichí chomórtas Chorn an Domhain, ach chailleadar.
léiriú
displaying
Tá formáid an CD ROM cosúil leis an dá theideal eile Amhrán is Fiche agus Amhrán is Fiche Eile: bíonn focail an amhráin le feiscint ar an scáileán, le liathróidín ag imeacht roimhe ag
léiriú cad iad na focail atá á rá; tá “backing tracks” ann chun go bhféadfadh tú na hamhráin a rá i stíl karaoke; tá aistriúchán Béarla de na focail ar fáil ar an CD; tá áis ann chun na focail a phriontáil amach; agus tá ceachtanna samplacha do mhúinteoirí ag
léiriú an tslí a fhéadfaí úsáid a bhaint as na hamhráin sa seomra ranga.
léirithe
displays
Stát Nua: Plus ça change, plus c'est la même chose
Agus neamhspleáchas faighte rinneadh teanga oifigiúil stáit den Araibis is cuireadh cosc ar
léirithe ar chreideamh is ar chultúr na nImazighen.
nocht
displayed
“*Irish Speakers a Social and Educational Elite - Report*,” a mhaígh *The Irish Times* amhail is go raibh cruthúntas acadúil ar fáil faoi dheireadh chun fírinniú a dhéanamh ar an tuairim a
nocht a gcuid colúnaithe Kate Holmquist agus Sarah Carey corradh le bliain roimhe sin faoin “*language of educational apartheid*.
nochtadh
display, show
" Is mairg le húdair an leabhair go bhfuil Éire na fáilte is na teolaíochta chomh marbh le hArt!
Ar ndóigh tá sé de bhua ag na húdair go bhfuil siad ag amharc isteach orainn ón taobh amuigh agus gur barúil oibiachtúil trí shúile an eachtrannaigh atá á
nochtadh acu.
léirithe
displayed
”
Thug iar-Aire na Gaeltachta Éamon Ó Cuív aghaidh ar an gceist bhunúsach seo sa Seanad an mhí seo caite ach níor léir uaidh an raibh sé i gceist aon rud a dhéanamh faoin scéal:
“Tá roinnt imní
léirithe ag roinnt tráchtairí gur polasaí gníomhach don chomhtheangachas atá beartaithe againn don Ghaeltacht.
nochtadh
display
Agus cad a tharlóidh má iarrtar doiciméid ar dhuine a ritheann amach chuig an siopa ar thóir aráin nó go dtí an scoil chun na leanaí a thabhairt abhaile agus na doiciméid fágtha sa teach? Turas go dtí stáisiún na bpóilíní le go ndearbhófar stádas an inimircigh?
Fadhb eile a bhaineann leis an reachtaíocht ná go dtabharfaidh sé ar dhaoine an chuid is measa dá nádúr a
nochtadh.
léirigh daoine
people displayed
Tá sé suimiúil mar sin, léiríodh fíorbheagán suime sa rang i Muineachán, cuir i gcás, ansin i nGaillimh agus i gCluain Meala agus in áiteanna eile mar sin,
léirigh daoine an-suim iontu.
thaispeántais
displays
Bhí tuairim na n-údar bunaithe ar thorthaí agus ar
thaispeántais na bliana seo caite! Rinneadh neamhaird, nó dearmad, arís ar a bhfuil sainithe sa traidisiún le breis agus céad bliain: buann Corcaigh ar Thiobraid Árann beagnach i gcónaí nuair atá an cluiche eatarthu ar siúl i bPáirc Uí Chaoimh.
léiriú
an example, display
Níl in iompar nó i mí-iompar teangan ach
léiriú den ghné sin sa duine.
Taispeánann
displays
Taispeánann an fireannach damhsa suirí faoin uisce chun an bhaineannach a mhealladh ó mhí an Mhárta ar aghaidh.
léirigh
displayed
Chuir sé fáilte faoi leith ina aitheasc roimh éagsúlacht an taispeántais a
léirigh, dar leis, a ilghnéithí agus a chasta a bhí taithí agus tionchar na nÉireannach san Astráil.
taispeántas tinte ealaíne
a firework display
Chomh maith leis sin, bhí dreamanna ag seinm ceoil de gach cineál ar fud lár na cathrach,
taispeántas tinte ealaíne agus an seoladh oifigiúil den phíosa ealaíne poiblí is mó ar oileán na hÉireann - An Móinéar Balbh.
léirigh
displayed
Ach ní hamhlaidh a tharla in ainneoin cúl de chineál nach bhfacthas riamh roimhe ná ó shin, cúl a
léirigh dánacht agus clisteacht imreora amháin de chuid Átha Cliath, Ollie Freeney, nuair a chuir sé an pheil i gcúl eangach Chiarraí ó chic saor 21 slat amach agus seisear de chosantóirí Chiarraí i mbéal báire.
taispeántas
display
Thug na hAstrálaigh
taispeántas iontach agus ceacht peile d’fhir chontae na Mí an uair sin.
dar léirigh
displayed
Scríobhadh Ó Faoláin leis an ocras céanna
dar léirigh Oliver Wendell Holmes ina bhreithiúnais dleathacha i Meiriceá, an fealsúnaí dar mhaígh tráth *‘a word is the skin of a living thought.
taispeána
display
Nuair is cuma leat fúthu, bíonn cead na gcos aon uair agat le linn na
taispeána, agus, d’réir bata tomhais na gcaighdeán stiúrthóireachta a roinn Polanski go minic orainn cheana, fiú más beag féin í, is teip dó an cead imeachta sin atá againn.
Léiríonn
displays
Léiríonn an pictiúr, déanta le pastal ar chlár, duine ag screadaíl go léanmhar agus bhí sé mar chuid de shraith eispriseanach, a rinne an t-ealaíontóir Ioruach Edvard Munch breis is céad bliain ó shin.
chanúint leathan a nochtann
broad dialect displays
’S í do
chanúint leathan a nochtann
gur coimhthíoch saonta thú
go dtáinig tú ó thaobh eile na farraige
is nach bhfuil eolas ar bith agat
ar nósanna na hÉireann
’S é do cheannaghaidh neamh-Áiseach a nochtann
fiú gan focal amháin a rá
go bhfuil tú gan dabht i do waiguoren*
’s nach bhfuil eolas ar bith agat
ar nósanna na Síne
Sléibhte maorga atá i do thimpeall
Cuireann na carraigeacha crochta iontas ort
Tá tú sáite i nglaise na bpáirceanna is na bhfánaí
Is ar do shuaimhneas atá tú ansin
Agus tú i measc na ndaoine
ag canadh is ag caint is ag ól
Sa teach leanna beoga i nGleann
Nó ag rince in éineacht le comharsana
Sa tsráid bhríomhar i Yangshuo
Beidh lúcháir an chomhluadair chroíúil ort
Ní i do waiguoren a bheidh tú níos mó
Mo rabhadh duit, a chara
Uair amháin agus tusa san áit
Tiocfaidh draíocht ort i ngan fhios duit
is beidh sé do do mhealladh go deo!
brollach s’aicise ar taispeáint
her bust displayed
Agus is léir nach raibh Kate féin, ná a fear céile ríoga, róshásta go raibh
brollach s’aicise ar taispeáint ar an idirlíon le go ndéanfadh daoine googleáil air.
chun ainmneacha an ábhair neamhaí a thaispeáint
to display the names of the heavenly body
com/us/app/star-walk-for-ipad-interactive/id363486802?mt=8> Úsáideann an feidhmchláirín seo *“augmented reality”*
chun ainmneacha an ábhair neamhaí a thaispeáint don úsáideoir.
bíodh nach bhfuil na comharthaí soirt air féin go feiceálach
although it doesn’t display the visible signs
Nuair nach bhfuil idir lámha ag impireacht an iarthair ach marú ar mhaithe lena córas coigistithe amábhair agus cead píblínte,
bíodh nach bhfuil na comharthaí soirt air féin go feiceálach, tá deireadh a ré ar ghort an bhaile.
a dhá lorga chaola ar taispeáint don domhan mór
his two skinny tibialis anticus displayed to the world
Bhí Leamh Ó Cuinneagáin féin gléasta mar a bheadh peileadóir Conallach ann: na stocaí bána thíos fána rúitíní tanaí agus
a dhá lorga chaola ar taispeáint don domhan mór.
an léiriú atá déanta orthu sna míndána
how they’re displayed in the fine arts
Is ó Ghana an t-ealaíontóir Lynette Yiadom-Boakye a dhéanann portráidí bunaithe ar dhaoine samhailte a spreagann ceisteanna faoin chine ghorm agus
an léiriú atá déanta orthu sna míndána.
both taispeántais a ghlacadh
to take a display booth
Cuirtear fáilte roimh ghnólachtaí úra ó gach cearn den domhan
both taispeántais a ghlacadh ann agus tá comórtas, *Spark of Genius*, a bhronnann €25,000 ar an ngnó nua is fearr i measc 30.
go gcrochtar suas
is displayed
Ach, athrú poirt a bhíonn ann le linn *Poorhouse*, oíche speisialta ina dtagann cultúr traidisiúnta na hÉireann agus na Gaeilge i réim, agus
go gcrochtar suas an cultúr seo go tras-síolrach le cultúr na homaighnéasachta.
léirigh
displayed
Nuair a bhásaigh Nelson Mandela ag deireadh na bliana seo caite
léirigh na milliúin duine ar fud na cruinne an t-ardmheas agus an t-ómós a bhí acu air.
nochtann do leantóirí do fheathal
your followers display your brand
● Trí úsáid do haischlibeanna,
nochtann do leantóirí do fheathal ar bhonn níos leithne.
ar taispeáint i ndánlann nua den scoth
on display in the new excellent gallery
Tháinig móruaisle shaol na healaíne chomh maith le pobal fiosrach chuig Beairic Ebrington le freastal ar an Turner Prize, agus é
ar taispeáint i ndánlann nua den scoth a dearadh go sonrach don ócáid.
taispeántas den scoth
as an exquisite display
Is sármhaistir é Cumberbatch ag léiriú na débhríochta, agus meallann Mc Queen
taispeántas den scoth as.
chófra taispeántais
display cabinet
Mura dtarlaíonn aon ní an-aisteach i gcomórtas peile Laighean, beidh comhramh eile cúige sa
chófra taispeántais sar i bhfad.
ar taispeáint
on display
Tá íomhánna beo
ar taispeáint i mBaile Átha Cliath faoi láthair, ach ní i ndánlann atá siad le feiceáil.
An gcomharthaíonn salachar
does dirt display
An féidir linn leanacht ar aghaidh ag milleadh gach áit inár dtimpeall?
An gcomharthaíonn salachar tinneas intinne a bheith orainn mar dhream? Tugann Donncha Ó hÉallaithe cur síos ar an earrach i gConamara, ach deir sé go bhfuil cuid den mhaitheas bainte as an Earrach ag an bplaisteach dubh, fágtha ina ndiaidh ag feilméirí.
nochtú feiceálach
to display prominently
Chaith Ciara Nic Gabhann súil ar scéal a bhain le ní nár cheart, dar le dream margaíochta, a
nochtú feiceálach os comhair an phobail.
thaispeántas
display
Thug Ríona Nic Congáil cuairt ar
thaispeántas i gcuimhne ar Eilís Ní Mhaolagáin, conraitheoir, drámadóir agus iriseoir as Tír Eoghain, atá curtha ar bun ag an Leabharlann Náisiúnta.
á léiriú
on display
Thug Ciara Nic Gabhann cuairt ar Dhánlann Mhic Giolla Bhuí mar a bhfuil taispeántas ealaíne de shaothar Phatsy Dan Mac Ruairí
á léiriú faoi láthair.
Léiriú smachta thar aon ní ciallmhar nó feidhmiúil
a display of control more so than anything sensible or practical
Léiriú smachta thar aon ní ciallmhar nó feidhmiúil is ea iompar stáit ár linne i gcoinne na hinimirce.