Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
leatroim discrimination
" Tá an longlann sin clúiteach mar gur tógadh an Titanic inti - ach tá droch-chlú uirthi fosta de bharr an leatroim atá déanta le fada ar na Caitlicigh ansin.
leatrom discrimination
" Tháinig cuntas na bliana sin ar shála fheachtas Ghluaiseacht na gCeart Sibhialta, a dhírigh aird ar an leatrom in éadan na gCaitliceach agus bhí leisc ar naisiúnaithe a gcreideamh a fhógairt ar fhoirm oifigiúil.
leithcheal discrimination
" Léiríonn an chlaontacht ó thaobh cine de i gcur i bhfeidhm an phionóis seo go n-úsáidtear anois é, agus gur úsáideadh i gcónaí é, mar uirlis don chur faoi chois, don chos ar bolg polaitiúil agus ciníoch, don leithcheal agus don díoltas.
leatrom discrimination
" Ar an mbonn gur dócha go bhfuil árachas príobháideach ag cuid de na daoine sin, tá an argóint ann go mb'fhéidir gur aisíoc é seo ar an leatrom a dhéantar ar na hothair phoiblí sna hospidéil i gcomparáid leis na hothair phríobháideacha, ach ag deireadh an lae, is ag na cógaslanna atá ann faoi láthair atá an bua agus an buntáiste airgid.
leithcheal discrimination
" Thíos staighre bhí físeán suimiúil ar siúl a phléigh an cheist dheacair seo: cad é an rud is tábhachtaí - saoirse cainte nó cosaint ón leithcheal? I measc na samplaí a pléadh, bhí páirtí nuafhaisisteach Jörg Haider atá ina pháirt de rialtas na hOstaire anois; agus naimhdeas an Phápa i leith mhórshiúl *gay pride* sa Róimh.
leithcheal discrimination
" Kennedy, an chéad uachtarán Caitliceach, tá go leor Caitliceach sna Stáit Aontaithe den tuairim, in ainneoin nach bhfuil leithcheal á dhéanamh orthu, go bhfuil sé fós faiseanta a bheith frith-Chaitliceach.
idirdhealú discrimination
" Bhí daoine áirithe freagrach as éagóir, bhí siad freagrach as claondearcadh, as idirdhealú, ach chomh maith leis sin ba léir dom an toradh uafásach a bhí ar an doirteadh fola nó ar an mbás ar chaon taobh.
leatrom discrimination
" Tar éis agallamh nuachtáin ina ndúirt sé gur cheart deireadh a chur le hAlt 1 an bhunreachta, rud a chiallódh go mbeadh leatrom dleathach, briseadh as a phost mar cheannaire é.
leatroime discrimination
" Ar ndóigh, i ndiaidh blianta fada leatroime agus neamhairde beidh éileamh níos mó ná mar ba cheart ar an airgead agus ciallaíonn sin nach leor an deontas.
leatroime discrimination
" Ar ndóigh, i ndiaidh blianta fada leatroime agus neamhairde beidh éileamh níos mó ná mar ba cheart ar an airgead agus ciallaíonn sin nach leor an deontas.
idirdhealú discrimination
" "Níor smaoinigh mé ar chor ar bith faoi idirdhealú ó thaobh fostaíochta agus tithíochta de.
bréan den leatrom tired of the discrimination
" Bhí sise cineál éideimhin," a d'admhaigh Cole, a bhfuil cónaí ar a mháthair i Muineachán, áit ar bhog an teaghlach i ndiaidh dóibh éirí bréan den leatrom agus den chiapadh i mBéal Feirste.
idirdhealú i gcúrsaí fostaíochta discrimination in employment
" "Léiríonn sé go *gcreideann* daoine go bhfuil an seicteachas le fáil go forleathan anseo - freagra dearfach a thug 53% de fhreagróirí Caitliceacha ar an cheist, "An dtarlaíonn idirdhealú i gcúrsaí fostaíochta go han-mhinic/go minic i gcás na gCaitliceach?" Ach i dtaca le ceist eile, "An gcreideann tú féin gur diúltaíodh riamh post/ardú céime duit mar gheall ar do chreideamh?" ní dúirt ach 18% de na freagróirí Caitliceacha gur diúltaíodh.
leatrom discrimination
" Is as an leatrom seo a d'eascair polaitíocht liobrálach mhuintir Chinnéide ina dhiaidh sin.
idirdhealú discrimination
" Tá Paddy in éadan seicteachais agus idirdhealú sa bhaile, agus tá taispeántas breá dearfach ann faoi stair agus chultúr an Lucht Taistil.
leithcheal discrimination
" "Rinneadh leithcheal agus neamart i dTír Chonaill agus rinneadh leithcheal agus neamart i dToraigh.
idirdhealú discrimination
" Is impleachtaí iad a bhaineann le hidirdhealú agus leatrom, le coilíneachas agus neamhspléachas, agus le domhandú.
leatrom discrimination
" "Bhí tuiscint agam, fiú amháin sular cuireadh an SDLP ar bun, go raibh gá le páirtí a mbeadh tacaíocht aige, le go dtiocfadh leis cás na náisiúnaithe a chur chun tosaigh os comhair an domhain ach, chomh tábhachtach céanna, go mbeadh cead acu a rá gur Éireannaigh iad, gur Gaeil iad gan leatrom a bheith á imirt orthu," arsa Bríd.
leatrom discrimination
" "Ní thiocfadh leat a bheith as Rossville Street ar Thaobh an Bhogaidh gan fios a bheith agat go raibh leatrom á dhéanamh ar Chaitlicigh na cathrach - ní raibh oiread agus Caitliceach amháin ag obair sa *Guildhall* agus ba Chaitlicigh iad dhá thrian den daonra.
leatrom discrimination
" Cé nach raibh an clár le feiceáil i Sasana, ba léir gur chuala lucht an BBC faoi agus rinne siad *vox pop *amuigh ar na sráideanna, ag déanamh iarrachta a chruthú nach raibh leatrom ar bith ann.
leithcheal discrimination
" Ní bhaineann na coinníollacha le tithe aonair, rud a chiallaíonn nach ndéanfar leithcheal ar mhuintir na Gaeltachta iad féin.
leithcheal discrimination
" Níl dabht ar bith ann ach go bhféadfadh go mbeadh feidhmeannaigh de chuid na Ranna is na nOifigí Stáit nár tugadh marcanna breise dóibh ag cur an dlí orthu agus ag lorg cúitimh mar gheall ar an leithcheal a rinneadh orthu.
leithcheal discrimination
" Mar sin féin, beidh díomá ar lucht na Gaeilge gur dhiúltaigh sí aon chúiteamh síorghabhálach a thabhairt dóibh siúd a ndearnadh leithcheal orthu, mar a bhí sonraithe i dtuarascáil bhliantúil an Choimisinéara Teanga.
idirdhealú dearfach positive discrimination
" Ach conas is féidir dul i ngleic leis an *brain drain* seo agus leis an ídiú acmhainne ó na Gaeltachtaí beaga? B’fhéidir go bhfuil sé in am ag na heagraíochtaí teangabhunaithe córas idirdhealú dearfach a chur i bhfeidhm.
idirdhealú fo-chomhfhiosach sub-conscious discrimination
" Ní raibh sa gclár faisnéise sin ach cruthú eile go ndéanann muid idirdhealú fo-chomhfhiosach idir daoine geala agus daoine dubha maidir leis an ról ba chóir dóibh a bheith acu inár sochaí.
leithcheal discrimination
leatrom discrimination
" Tá na fadhbanna céanna acu maidir le leatrom is atá ag daoine gorma, ach ní mheasann na húdaráis go bhfuil Éireannaigh i dteideal na seirbhísí agus na cosanta a chuirtear ar fáil do mhionlaigh eile.
as ucht an leithcheala for the discrimination
" Den chéad uair riamh, bhí baill den chléir Chríostaí páirteach sa pharáid, agus dúirt duine a bhí ag feidhmiú mar urlabhraí thar ceann an ghrúpa seo gur chóir do na heaglaisí Críostaí leithscéal a ghabháil leis an bpobal aerach sa tír as ucht an leithcheala a rinne – agus atá á dhéanamh – ag na heaglaisí orthu.
idirdhealú discrimination
" Is léir dom freisin, áfach, go ndéantar idirdhealú fós ar dhaoine aeracha san iliomad réimsí den tsochaí abhus.
stair idirdhealaithe a history of discrimination
" Dar le tuarascáil a scríobh Rodolfo Stavenhagen (2006), *rapporteur* leis na Náisiúin Aontaithe a bhíonn ag plé le cearta daonna agus buansaoirse daoine dúchasacha, tá na difríochtaí seo sa chaighdeán maireachtála tar éis fás as “stair idirdhealaithe”.
leithcheal discrimination
" Tharlaíodh sé minic go gcaitheadh na póilíní go míchothrom leo agus ba mhinic a bhíodh leithcheal i gceist.
idirdhealú discrimination
" Faoi réir mhír 37(1), tá sé ceadmhach idirdhealú áirithe a bheith déanta ag foras creidimh, oideachais nó leighis atá á reáchtáil ag comhlacht a bunaíodh chun críche creidimh nó a n-áirítear ar a chuspóirí seirbhísí a sholáthar i dtimpeallacht a chothaíonn luachanna áirithe creidimh.
hidirdhealú discrimination
" Tá Kevin McNamara ar Choiste Comórtha an Northern Ireland Civil Rights Association, a bunaíodh 2 Feabhra 1967 agus ba é téama na léachta ná ‘Cén fáth a raibh freagra Rialtas Wilson ar an fheachtas ar son Cearta Síbhialta chomh dona agus a bhí?’ Bhí an Coiste Gnóthaí (NEC) agus Grúpa Parlaiminte Pháirtí an Lucht Oibre (PLP) eolach, de réir McNamara, ar fhadhbanna cosúil le hidirdhealú agus le claonroinnt ar thoghlaigh, ach ní raibh siad sásta rud ar bith a dhéanamh fúthu de dheasca an ceangal láidir a bhí acu le Páirtí Lucht Oibre Thuaisceart Éireann (NILP).
leithcheal discrimination
" Tá breithiúnais déanta aici cheana féin ar cheisteanna mar chearta ginmhillte, cearta gunnaí, cearta sibhialta, agus leithcheal in aghaidh mionlaigh.
Leatrom discrimination
" Leatrom leitheadach le fada Is é is brí le Dalit ná ‘brúite’, nó ‘meilte’, ach tá an téarma sin glactha chucu féin ag an aos seachanta agus samhlaítear an focal anois le hiarracht ar iompú chun feabhais, le gluaiseacht ar son an athraithe.
t-idirdhealú dearfach positive discrimination
" Níl deireadh curtha leis an gcóras sainaicmí go fóill ach sa bhunreacht a achtaíodh i 1950 i ndiaidh don India neamhspleáchas a bhaint amach, ní hamháin gur cuireadh ar ceal stádas an aosa sheachanta ó thaobh an dlí de, ach maidir le fostaíocht, oideachas is ionadaíocht toghcháin, tugadh an t-idirdhealú dearfach isteach.
leithcheala discrimination
" Sheas an breitheamh Stevens an fós ar son íospartaigh an leithcheala, oibrithe agus cosantóirí coiriúla.
neamh-idirdhealaithe non-discrimination
" Dar le saineolaithe de chuid na Náisiún Aontaithe, is féidir go dtagann dlí Arizona salach ar phrionsabail an neamh-idirdhealaithe agus an chaitheamh dhaonnachtúil atá mar bhunchlocha chonarthaí idirnáisiúnta um chearta an duine.
Idirdhealú dearfach positive discrimination
" Idirdhealú dearfach le linn an phróiseas earcaíochta a thabharfadh tús áite do dhaoine le Gaeilge an réiteach, dar leis.
leithcheal discrimination
" Bhí aithne ag na seanóglaigh as Learpholl ar a chéile, agus ar na seanóglaigh eile a bhog anseo as Éirinn tar éis Chogadh na gCarad agus leithcheal an dá stát orthu ina dhiaidh sin.
leatroim discrimination
" Chuir sé iontas orm a fheargach is a bhí Ervine faoin HET (Foireann na bhFiosrúchán Stairiúla), a bhí ag déanamh leatroim ar pharamhílitigh dhílseacha.
faoi leithcheal discrimination
" Sa chomhthéacs sin, is fiú cuimhneamh ar an imscrúdú tábhachtach a rinne an Oifig faoi leithcheal a rinneadh i leith cainteoirí Gaeilge sa státseirbhís.
leithcheal discrimination
" Ina réamhfhocal, deir John Randall, cathaoirleach an iontaobhais go raibh leithcheal déanta go córasach ar Gaelic na hAlban: *"There has been systematic discrimination against Gaelic,and this still influences attitudes amongst officialdom and elsewhere today.
idirdhealú dearfach positive discrimination
" É sin ráite, sílim gur cheart córas idirdhealú dearfach a chur i bhfeidhm i modh earcaíochta na nGardaí.
a chuireann cosc ar idirdhealú ar bhonn aoise which ban discrimination on grounds of age
" Níor mhiste an cheist a chur fosta an bhfuil a leithéid de choinníoll leatromach i bhfianaise na ndlithe déine a chuireann cosc ar idirdhealú ar bhonn aoise i réimsí eile de shaol na hÉireann? Níor mhiste amharc ar thréimhse feidhme an Uachtaráin fosta.
an Coimisinéir um Idirdhealú Aoise Age Discrimination Commissioner
" Sa chéad dul síos tá Susan Ryan, an Coimisinéir um Idirdhealú Aoise, a bhí ina hAire Oideachais sa rialtas náisiúnta tráth, an chéad aire mná riamh i bPáirtí an Lucht Oibre.
breathnaíonn sé seo mar leithcheal this looks like discrimination
" Ar ndóigh, breathnaíonn sé seo mar leithcheal, agus sin an fáth go bhfuil éileamh Edith dulta chomh fada leis an gCúirt Uachtarach.
raibh sé i mbaol géarleanúna he faced discrimination
" Mhaígh sé gur homaighnéasach é ó bhí sé sna déaga is go raibh sé i mbaol géarleanúna ina thír dhúchais, Camarún, mar gheall air seo.
nach mbeifear in ann idirdhealú dearfach a dhéanamh one shall not be able to make a positive discrimination
" Ní Fál go hAer Fós É ======== Is dócha, áfach, gurb é an moladh is tromchúisí atá ag an Aire Quinn ná nach mbeifear in ann idirdhealú dearfach a dhéanamh a thuilleadh i leith daltaí atá á dtógáil le Gaeilge.
a d’oibrigh in aghaidh an idirdhealaithe who worked against discrimination
" Dúradh leis na daoine a ghlac páirt sa turgnamh go raibh bean ann darbh ainm Linda, atá singil, ceannasach, agus cliste agus a d’oibrigh in aghaidh an idirdhealaithe agus ar son na gceart sóisialach nuair a bhí sí ina mac léinn.
leithcheal discrimination
" ” Cad chuige an aigne mhaol dhiúltach sin in aghaidh na Gaeilge? Ní furasta teacht ar fhoinse na faidhbe agus d'fhéadfadh an iliomad fáthanna a bheith taobh thiar de, idir sheicteachas, leithcheal, daille intinne, mhothú éada agus eile nach iad.
leithcheal discrimination
" Tá sé tráthúil, mar sin, a bheith ag machnamh ar na bealaí a ndéantar leithcheal go fóill ar na pobail seo in Éirinn.
leithcheal discrimination
" leithcheal Phríomh-Aire na hAstráile ar mhná na polaitíochta sa domhan theas.