Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
leatrom a imirt ar dhuine to discriminate against someone
" D'inis siad dom go raibh sé in aghaidh an dlí leatrom a imirt ar dhuine de bharr é a bheith ag gearán faoin chiníochas.
go mbítear ag déanamh leithcheala orthu go fóill that they are still discriminated against
" Ba í an teachtaireacht eile a theastaigh uathu a chur in iúl ná nach bhfuil comhionannas iomlán bainte amach acu san Astráil sa chaoi is go mbítear ag déanamh leithcheala orthu go fóill agus go mbraitheann cuid acu faoi bhagairt an fhoréigin in amanna.
leatrom á imirt being discriminated
" Ó na hochtóidí i leith, bhí ceardchumainn na seirbhíse poiblí ag iarraidh go gcealófaí córas na marcanna breise d’arduithe céime siocair go raibh cuid dá mbaill nach raibh cáilithe do na marcanna seo den bharúil go raibh leatrom á imirt orthu.
leithcheal a dhéanamh orthu discriminated against
" Lena gcraiceann donn agus lena gcanúint so-aitheanta, is furasta iad a aithint as daoine eile agus leithcheal a dhéanamh orthu.
ag rá go ndéanann sé leithcheal uirthi stating that it discriminates against her
" Tá an dlí seo ina údar achrainn anois de bharr seanbhean as Nua-Eabhrac, a thug dúshláin an Achta um Cosaint an Phósta, ag rá go ndéanann sé leithcheal uirthi.
a raibh leatrom a dhéanamh orthu who were being discriminated against
" 
 D'fhoghlaim muid an tseachtain seo fosta gurbh éigean do David Ford, ceannaire Pháirtí an Alliance agus an tAire Cirt éirí as a chúraimí mar sheanóir sa dara Eaglais Preispitéireacha i nDún Ó gCorra mar gheall ar an tacaíocht a thug a pháirtí don phosadh comhghnéis, ach thug a ráiteas le fios go raibh sé ag vótáil chun leasa dream áirithe sa tsochaí a raibh leatrom a dhéanamh orthu agus ní mar thoradh ar a dhearcadh creidimh féin.
Déanfar leithcheal ar mhórán bealaí ar dhaoine people shall be discriminated against in many ways
" Déanfar leithcheal ar mhórán bealaí ar dhaoine atá ag iarraidh a gclann a thógáil le Gaeilge má leanfar leis an chéad dréacht de na rialacha nua seo.
tá a leithéid leatromach ar theaghlaigh le páiste aonair such is discriminating against single child families
" Ar ndóigh tá a leithéid leatromach ar theaghlaigh le páiste aonair nó go deimhin ar an pháiste is sine i dteaghlach.
gur ceadmhach go fóill idirdhealú a dhéanamh that it’s still permissible to discriminate
" Sa chomhthéacs sin, níor mhiste a chuimhneamh gur ceadmhach go fóill idirdhealú a dhéanamh de réir sainmheon creidimh.
nach raibh cothrom na Féinne ar fáil was being discriminated against
" Mhaígh duine amháin acu, fágaim, nach raibh cothrom na Féinne ar fáil don bhean bhocht Astrálach de bharr nach raibh an cás cúirte trí mheán an Bhéarla! Thug duine amháin eile den dream seo ‘moncaithe’ ar na breithiúna agus ar Uachtarán na hIndinéise.
imríodh leithcheal orthu they were discriminated against
" Tá an fhadhb ag cur isteach ar obair na bpóilíní agus tá acmhainní á gcur amú le gearáin fhánacha a fhiosrú ó dhaoine a cheapann gur imríodh leithcheal orthu ar líne.
ag déanamh leithcheala discriminating
" Feictear do Bhearnaí Ó Doibhlin go roinntear an chóir le daoine an chuid is mó den am ach is cosúil go bhfuiltear ag déanamh leithcheala ar aicme amháin faoi láthair.
idirdhealú neamhdhleathach a dhéanamh ar oibrithe discriminating illegally against workers
" Míníonn Alan Desmond go bhfuil Éire cáinte ag an Aontas Eorpach mar gheall ar idirdhealú neamhdhleathach a dhéanamh ar oibrithe a thagann as tíortha lasmuigh den AE.
ndéantar leithcheal, go bunúsach are basically discriminated against
" Míníonn Brian Ó Broin go gciallaíonn an easpa aitheantais d’aicme amháin go ndéantar leithcheal, go bunúsach, ar an bpobal aerach.