Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
easaontú to disagree
" Masla ======= Dar le go leor, is masla é plean an Aire do lucht an CLG agus is deacair easaontú leis an tuairim sin.
ag teacht salach ar disagreeing with
" Tá sé deacair go leor an Ghaeilge a theagasc ach is measa arís é nuair a bhíonn na hoidí múinte agus na foinsí údarásacha tagartha ag bréagnú nó ag teacht salach ar a chéile.
ag easaontú fúthu disagreeing about them
a d’easaontódh leis an ráiteas who would disagree with the statement
" Ní mórán a d’easaontódh leis an ráiteas go raibh sé ar dhuine de na hiriseoirí is fearr a bhí ag obair trí Ghaeilge.
bheadh sé deacair easaontú leis an tuairim sin. it would be difficult to disagree with that opinion.
" Dúirt Seosaimhín Ní Bheaglaoich nach raibh “aon teorainn le tallann na gceoltóirí seo” agus bheadh sé deacair easaontú leis an tuairim sin.
Ba dhoiligh easaontú leis an tuairim sin it was difficult to disagree with that opinion
" Ba dhoiligh easaontú leis an tuairim sin go dtí mí na Bealtaine seo caite.
easaontaíonn disagree
" Bheartaigh na Sínigh ar thrí pháirc agóide a cheadú i rith thréimhse na gCluichí ionas go mbeadh deis acu siúd a easaontaíonn le polasaithe áirithe a míshástacht a léiriú ar bhealach síochánta dlisteanach.
ba dhoiligh easaontú it would be hard to disagree
" Chuir Páirtí an Lucht Oibre go láidir i gcoinne an pholasaí agus ba dhoiligh easaontú leis an mhéid a dúirt an Dr James Reilly ag an am nuair a cheistigh sé críonnacht na scéime a bheadh ag bronnadh cártaí leighis ar dhaoine a bhí in inmhe tháillí chlub gailf a dhíol! Ach ní féidir a shéanadh go ndearna an rialtas brachán bocht den scéal.
ag teacht salach ar disagrees with
" Is mór an t-údar díomá é, áfach, go bhfuil an dara páipéar seo ag teacht salach ar an gcéad cheann, mar maíonn na húdair ann nach bhfuil na spriocanna fuinnimh in-athnuaite atá leagtha amach ag an rialtas réalaíoch ar chor ar bith! Tá an rialtas ar tí na billiúin Euro a chaitheamh ar bhonneagar fuinnimh na tíre, agus más mall is mithid.
easaontú disagree
" Bheadh sé an-deacair easaontú leo.
ag achrann disagreeing
" Brúnn na Sínigh ar aghaidh fad is atá tíortha an iarthair ag cur is ag cúiteamh nó ag achrann.
easaontú to disagree
" ”* Ba dhoiligh easaontú lena léamh ar an dá phobal: *“Ulstermen (and it was all very male) were men of few words, literal, strongly spoken but polite, with a humour all their own and a tendency, not always unfounded, to distrust the world.
ag easaontú disagreeing
" Má bhí an freasúra ag easaontú go binbeach le chuile rud a dúirt Brian Lenihan ina ráiteas faoin staid airgeadais, bhíodar tríd is tríd ag aontú le gach rud sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.
béal an duine nach n-aontaíonn leo the person who disagrees with them
" Is binn béal ina thost, a deirtear, agus is binn le húdaráis na hEaglaise béal an duine nach n-aontaíonn leo ar achan bhealach a bheith ina thost fosta.
cé nach n-aontódh liom who’d disagree
" Ach, cé nach n-aontódh liom má deirim gur tallann dhúchasach faoi deara Bolt a bheith in ann rith níos mire ná aon fhear nó bean eile ar domhan ach gur de thoradh obair chrua, cruatan, fulaingt agus cur chuige fíochmhar a bhuaigh an tIfearánach Craobh an Domhain.
nach dtagann le which disagrees
" Braitheann Bearnaí Ó Doibhlin go bhfuil cuid mhaith de mhuintir na hAstráile á saobhadh féin le híomhá de fhéiniúlacht na heasurraime, íomhá nach dtagann le fírinne an scéil.