Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
le haimhleas an phobail Chaitlicigh to the detriment of the Catholic population
" Bheadh sé le haimhleas an phobail Chaitlicigh, dar leo fosta, gan iad féin a chur chun tosaigh.
chun aimhleas na heagraíochta a dhéanamh to the detriment of the organisation
" Tarlaíonn sé seo ag leibhéal i bhfad níos sóisearaí fiú agus is scannal uafásach é go raibh teacht ag Príomfheidhmeannach comhlachta fho-stáit ar eolas rúnda ar feadh trí mhí a d'fhéadfaí a úsáid chun aimhleas na heagraíochta a dhéanamh.
ar aimhleas chearta sibhialta an tsaoránaigh. to the detriment of the civil rights of the citizen.
" Ar an drochuair, scaoileann “foinsí anaithnide” go leor den eolas seo agus tá an baol ann go bhféadfadh dornán beag gardaí buntáiste a bhaint as na meáin ar aimhleas chearta sibhialta an tsaoránaigh.
chun aimhleasa na tíre to the detriment of the country
" Agus an córas geilleagair ag titim as a chéile faoi láthair ceal rialaithe, is léir gur chun aimhleasa na tíre a bheadh sé dá dtiocfadh réimeas chun cumhachta a chreid gur ar mhaithe leis féin amháin a mhaireann an saoránach.
a chur ar bhealach a n-aimhleasa to their detriment
" Is baolach go ndéanfar mí-úsáid as mairtíreacht an triúir ag lucht an fhoréigin le glúnta eile san Indinéis a chur ar bhealach a n-aimhleasa.
ar aimhleas to the detriment
" Dúirt sé gur réiteach gearrthréimhseach a bheadh le deireadh a chur leis an riachtanas iontrála agus gur ar aimhleas gairmiúlacht na múinteoirí a bheadh ann.
an-dochar grave detriment
" ” Is é foinse na géarchéime geilleagraí ná ‘comhdhearcadh’ a cuireadh ina luí orainn ár muinín a chur ann, a mhaíonn Jeff Gates in agallamh le Beo! Dar le Gates, a bhí ina abhóide don Choiste Airgeadais de chuid Seanad na Stát Aontaithe ó 1980 go 1987, go ndearna an dearcadh seo an-dochar do thromlach mór na ndaoine ar mhaithe le mionlach fíorbheag.
n-aimhleas detriment
" Tá sé lena n-aimhleas nach bhfeiceann siad a bhfuil i ndán dóibh, ach i gcomhthéacs na deighilte móire polaitíochta agus creidimh, ní fheiceann, agus is mór an mhairg é sin.
haimhleas detriment
" Nuair a chuala Rita caint go raibh a fostóir ag smaoineamh ar í a chur abhaile go Srí Lanca, rud a bheadh le haimhleas a teaghlaigh a bhí ag brath ar airgead as Éirinn, lorg sí a clóichead is a cead fostaíochta.
Ba le haimhleas it was to the detriment
" Ba le haimhleas Chúige Uladh agus na hÉireann a leithéid de Pharlaimint a bhunú, dar leo, mar go gcuirfeadh sé a saoirse chreidimh agus shibhialta de dhroim seoil, go scriosfadh sé a saoránacht agus go gcuirfeadh sé aontas Impireacht na Breataine i mbaol.
ar bhealach a n-aimhleasa mar gheall ar to their detriment because
" Bhíodh cúrsaí cultúir ar bhealach a n-aimhleasa mar gheall ar thráchtáil agus cultúr a bheith ag teacht salach ar a chéíle, tráth dá raibh.
Ní fearrde iad (it) is to their detriment
" Ní fearrde iad an t-airgead éasca céanna, dar leis.