loit
destroy
Déanann an mhianadóireacht guail an timpeallacht a
loit chomh maith.
scriosta
destroyed
D'ordaigh an breitheamh Geoffrey Eames i gCúirt Uachtarach Victoria go gcuirfí cosaint an chomhlachta ar ceal mar go raibh cáipéisí a bhain leis an gcás
scriosta d'aon turas acu agus nach mbeadh triail fhéaráilte ann dá bharr.
nach loitfidh an timpeallacht
who will not destroy the environment
Déanfar iarracht comhluadar útóipeach
nach loitfidh an timpeallacht a chruthú mar chuid den teacht le chéile idirnáisiúnta Ecotopia2002, a bheidh ar siúl i lár na míosa seo ar bhruacha Loch Dearg in oirthear an chontae.
ag milleadh an tírdhreacha tuaithe
destroying the rural landscape
Tá An Taisce go láidir den tuairim go bhfuil muintir na hÉireann
ag milleadh an tírdhreacha tuaithe leis an tógáil atá ar siúl agus go mbeadh sé níb éifeachtaí agus níb fhearr don timpeallacht dá mbeadh forbairt á déanamh ar na bailte.
loite
destroyed
Bhí 674 foirgneamh, siopaí den chuid is mó, gnólachtaí agus stórais,
loite … Fágadh idir 3,000 agus 4,000 oibrí gan fostaíocht.
ag déanamh scriosta orthu
destroying them
Cé gur throid na Bleá Cliathaigh go cróga an lá sin, dar le Mícheál ba í taithí Chill Chainnigh a sheas dóibh agus a chabhraigh leo teacht ar ais sa chluiche nuair a bhí Áth Cliath
ag déanamh scriosta orthu.
scriosta
destroyed
Tá ráite ag Tommy Kirkham, ball den Ulster Political Research Group, páirtí polaitíochta an UDA, go bhfuil a raibh acu de na buamaí seo
scriosta cheana féin.
á scriosadh
being destroyed
Na tancanna
á scriosadh.
scriosta
destroyed
Tá daoine ag fáil bháis agus á ngortú mar gheall orthu, sibhialtaigh agus páistí san áireamh, agus na mílte foirgneamh
scriosta acu.
ag scrios
destroying
Chuir Gwyn in iúl dom go raibh trioblóid sa cheantar le cúpla mí, go raibh duine nó daoine
ag scrios fógraí Breatnaise, agus mar sin de.
á scriosadh
being destroyed
Nós seanbhunaithe
=======
Ní rud nua é saothair ealaíne a bheith
á scriosadh agus bíonn cúiseanna éagsúla ag daoine chun a leithéid de rud a dhéanamh.
a scrios
to destroy
Agus is féidir le daoine iarracht a dhéanamh na páipéir bhallóide
a scrios - is cuimhin liom oifigeach toghcháin a fheiceáil ag caitheamh cuid mhaith ama ag cur páipéar ballóide stróicthe ar ais le chéile.
agus a loit íomhá dhearfach na tíre
and which destroyed the country's positive image
Ní raibh mé ag súil leis na heachtraí a tharla, a d'athraigh an staid pholaitiúil
agus a loit íomhá dhearfach na tíre os comhair tsaoil, ar bhonn fadtéarmach b'fhéidir.
á scrios
being destroyed
Mar sin, de réir mar atá saibhreas agus éagsúlacht chultúrtha
á scrios ag na comhlachtaí móra ceirníní d'aon turas, tá géarghá le dlí a chuirfeadh iallach ar na stáisiúin raidió dóthain ama a chur ar fáil do na teangacha dúchasacha.
a léirscrios
to destroy
Sa roinn nua, faoi stiúir Martin Cullen, tá cúram an chomhshaoil (bóithre) agus na hoidhreachta ar an bhfear céanna agus an chumhacht aige na hiarsmaí seandálachta atá faoina chúram
a léirscrios ionas gur féidir bóithre, loisceoirí agus óstáin a thógáil.
go bhfuil ár n-oidhreacht á scrios
that our heritage is being destroyed
Bhí tuairim is 10 ngrúpa agus suas le 25 duine sa seomra leis na toscairí agus iad uile ag tabhairt na teachtaireachta céanna dóibh:
go bhfuil ár n-oidhreacht á scrios ar mhaithe le forbairt ainrianta agus go bhfuil an rialtas agus an tAire beag beann ar thuairim an phobail.
go scriosfar codanna móra den phlainéad
that large parts of the planet will be destroyed
Ach *tá* siad ag rá go bhféadfadh siad tarlú agus, go deimhin, go bhfuil fianaise láidir eolaíoch ann go bhfuil muid ar thairseach na dtarlúintí seo - go bunúsach, go bhfuil olltubaiste dhomhanda i ndán dúinn uaidh seo go ceann 20 bliain,
go scriosfar codanna móra den phlainéad agus go gcaillfear na milliúin dá bharr.
gur scrios sé
that he destroyed
Ach nach é Bertie Búistéir na Bóinne? Is éard a bheas scríofa ar a leac cuimhneacháin ná
gur scrios sé Gleann na Bóinne.
le bánú
to be destroyed
Tá an tír ar fad taobh istigh den chiorcal sin
le bánú agus muintir na háite le cur ar saoire go Guantanamo Cois Cladaigh.
ina scriostar an oiread sin postanna
in which so many jobs are destroyed
Níl aon tír eile san Eoraip
ina scriostar an oiread sin postanna in aghaidh na bliana is a scriostar sa nGearmáin.
agus ár maoin a scrios
and to destroy our property
Mar sin, tá sé furasta acu clocha a chaitheamh orainn, agus buamaí peitril a chaitheamh ar ár dtithe, nó *graffiti *maslach a chur ar ár dtithe,
agus ár maoin a scrios.
scriosta
destroyed
Ach cé chomh fada is a bheidh sé go mbeidh sé sin
scriosta fosta?
An bhfuil imní ar dhuine ar bith sa Roinn Turasóireachta nó i gComhairle Contae Dhún na nGall mar gheall ar an dóigh a bhfuil cúrsaí ag dul in olcas i nGleann Cholm Cille?
*Is de bhunadh Éireannach é Tony Birtill agus rugadh i Learpholl é.
scriosfar a gcultúr ársa
their ancient culture will be destroyed
Nuair a thosófar ag bá na háite faoi uisce, áfach, bainfear a n-áit chónaithe de na daoine seo agus
scriosfar a gcultúr ársa.
ag scrios
destroying
Sa mbliain sin rinneadh iarracht smacht bitheolaíochta a chur i bhfeidhm ar chiaróga a bhí
ag scrios an chána siúcra in Queensland.
a scrios
to destroy
Tugann an leasú ar an Acht seo cead séadchomhartha náisiúnta
a scrios más féidir a chruthú gur chun leas an phobail i gcoitinne a leithéid a dhéanamh.
a scrios
which destroyed
Tá míbhuntáistí eile ag baint leis an iargúil - tinte mar shampla, mar a bhí le feiceáil coicís ó shin i Leithinis Eyre san Astráil Theas, áit ar maraíodh naonúr sna tinte
a scrios cuid mhaith den leithinis sin.
a scrios
to destroy
SUSAN: Ní thig leat oidhreacht na hÉireann
a scrios le scéim tithíochta den chineál sin.
i mbaol léirscriosta
in danger of being destroyed
Ach, murab ionann agus tithe Paul McCartney agus John Lennon atá i seilbh an National Trust (*Beo!*, eagrán 34, Feabhra 2004), tá teach Ringo
i mbaol léirscriosta agus is é polasaí an rialtais is cúis leis seo.
rud a scriosadh
something that was destroyed
Cé nach raibh sé ina chónaí in Dingle le fada, is cuimhin leis comhphobal a bheith ann,
rud a scriosadh i go leor áiteanna eile i Learpholl nuair a leagadh a lán ceantar go talamh sna 1960í.
a scrios
to destroy
Newheartlands an t-ainm atá ar an scéim úr atáthar ag brath a thógáil agus leagfar 20,000 seanteach ar Merseyside mar chuid den fhorbairt, trí oiread an méid
a scrios an Luftwaffe sa cheantar sa *Blitz.
chan é a scrios
not destroy it
Arís, da mbeadh droichead stairiúil, tarraingteach mar seo i dtír ar bith eile san Eoraip, dhéanfaí iarracht é a chaomhnú,
chan é a scrios.
gur scrios siad a gceantracha féin
that they destroyed their own areas
”
Bhí siad chomh feargach sin gur thug cuid acu iarraidh péas a mharú,
gur scrios siad a gceantracha féin, gur chuir siad moill ar na mílte duine agus iad ar a mbealach chun a gcuid oibre, chun na hotharlainne agus dá réir.
a scriosadh go hiomlán
which was totally destroyed
Chonaiceamar an áit a ndearnadh an chéad ionsaí gáis; Wyteschagte, an baile ina raibh Hitler lonnaithe le linn an chogaidh; baile Ypres,
a scriosadh go hiomlán ach a rinne muintir na háite a atógáil go foighdeach thar tréimhse daichead bliain.
ag scriosadh carranna
destroying cars
Thugadar ruathar faoi chuid de na bruachbhailte cois trá in oirthear agus i ndeisceart Sydney,
ag scriosadh carranna agus ag ionsaí daoine.
na ceardchumainn a scriosadh
to destroy the trade unions
Iarracht eile de chuid an rialtais Choimeádaigh a bhí ann
na ceardchumainn a scriosadh sa tír seo agus ba bheag an tsuim a bhí ag na meáin chumarsáide sa scéal go dtí gur nocht Fowler a theachtaireacht beo ar an teilifís.
a scriosfadh an geilleagar
which will destroy the economy
Brionglóid gan chiall, nó polasaí fadradharcach?
Ba mhaith leis an rialtas go nglacfadh fuinneamh malartach áit an bhreosla iontaise sula dtarlaíonn géarchéim éigin: athrú aeráide
a scriosfadh an geilleagar, nó ganntanas ola ag dul in olcas (agus praghas na hola gainne céanna ag méadú).
scriosadh iad
they were destroyed
Throid an bhriogáid seo go láidir i rith an chogaidh, agus
scriosadh iad, beagnach ar fad.
Parthas a scrios
to destroy Paradise
”
Dá dtabharfaí cead a gcinn d’Éireannaigh ní bheadh aon drogall orainn
Parthas a scrios ar an dóigh a bhí Joni Mitchell a thuar san amhrán “Big Yellow Taxi”.
ár n-oidhreacht chultúrtha a loit
to destroy our cultural heritage
Agus dream ar bith atá sásta áilleacht na tíre a mhilleadh bí geall nach mbeadh drogall ar bith orthu
ár n-oidhreacht chultúrtha a loit fosta.
a scriosadh
which was destroyed
Ach tá scéal na nua-aoise le feiceáil fosta, idir an leacht cuimhneachán breá don óglach áitiúil, an Ceannfort Donnchadh Mac Niallais (1897-1954) atá suite in aice le sráidbhaile an Chaisil, an Chros Cheilteach ar uaigh an Fholeifteanaint Thomas Stokes Curry ó fhoireann an HMS Wasp,
a scriosadh i dToraigh in 1884, agus, in aice leis, i reilig Eaglais na hÉireann, na leaca cuimhneacháin de chuid Arm Shasana ar uaigheanna an tSaighdiúra F.
Scriosadh cuid mhaith de lár na príomhchathrach,
much of the centre of the capital city was destroyed
Scriosadh cuid mhaith de lár na príomhchathrach, Nuku’alofa.
a scrios dóchas 1974.
who destroyed the optimism of 1974.
Nach íorónta é gurb é Ian Paisley, an té a bheas mar Phríomh-Aire sa Tionól úr seo (má éiríonn leis), an fear ba mhó
a scrios dóchas 1974.
scriosann tú agus stróiceann tú do chuid éadaí.
you destroy and tear your clothes.
Nuair a bhíonn tú ag dreapadóireacht, go minic bíonn tú ag strácáil leat in áiteanna salacha, garbha, contúirteacha agus
scriosann tú agus stróiceann tú do chuid éadaí.
agus gur scrios sé áilleacht nádúrtha
and that it destroyed the natural beauty
Chuir grúpaí éagsúla in éadan an fheachtais, cuid acu den tuairim go raibh an saothar gránna le feáchaint air
agus gur scrios sé áilleacht nádúrtha an cheantair.
Scriosadh an t-ionad
the centre was destroyed
Scriosadh an t-ionad agus d’éalaigh na sabaitéirí.
a scrios
who destroyed
Níl mórán den seanbhaile ársa fágtha sa lá atá inniu ann, taobh amuigh de chúpla foirgneamh mar an tseaneaglais i lár an bhaile, a sheas go dúshlánach in éadan bhuamadóirí Hitler agus Mussolini,
a scrios trí cheathrú den baile agus a mharaigh na céadta ar an lá fuilteach úd, an 26 Aibreán 1937.
á scrios ar mhaithe leis an airgead.
being destroyed for the sake of money.
Mar atá le feiceáil san fhorbairt atá beartaithe sna Clocha Liath, mo bhaile dúchais féin, tá áiteanna áille, seanáiteanna,
á scrios ar mhaithe leis an airgead.
tá an fhoraois bháistí á scrios
the rain forest is being destroyed
An fhoraois bháistí á milleadhTá fadhbanna eile ag teacht chun cinn: san Indinéis,
tá an fhoraois bháistí á scrios níos tapúla ná mar a bhí riamh, chun crainn phailm a fhás do bhithbhreosla eile.
scriosta nó díghrádaithe
destroyed or degraded
De réir na Náisiún Aontaithe, beidh 98% d’fhoraois bháistí na tíre sin
scriosta nó díghrádaithe roimh 2022.
agus nach milleann éiceachórais luachmhara.
and that don't destroy valuable ecosystems.
Agus tá breis taighde de dhíth chun slite a aimsiú le bithbhreoslaí a dhéanamh nach ngoideann bia ó thíortha bochta
agus nach milleann éiceachórais luachmhara.
scriosta
destroyed
Ach faraor, nuair a bhí muid ansin ag tús mhí Iúil bhí an tobar
scriosta agus na clocha móra briste.
scriosadh an foirgneamh.
the building was destroyed.
Bhí boggart ina cónaí ansin agus
scriosadh an foirgneamh.
a scrios.
destroy
Baineadh siar as go leor daoine le déanaí nuair a rinne Stáit Aontaithe Mheiriceá cinneadh ceann dá satailítí féin
a scrios.
scriosta ag an aclaíocht
destroyed by the exercise
Ach ní bhíonn daoine ag éisteacht leat! Caithfidh tú ól go maidin! Tá tú ar laethanta saoire, nach bhfuil? Bíonn an corp
scriosta ag an aclaíocht cibé, agus ní bhíonn tú ag iarraidh a bheith ag déileáil leis an cheann chomh maith – go háirithe mar go mbeidh ort na *flippin’* buataisí, nach féidir leat siúl iontu, a chur ort an mhaidin dár gcionn.
na Mormannaigh a dhíothú
to destroy the Mormons
Tar éis do chíréibeacha tarlú – a dtugtar Cogadh na Mormannach orthu anois – thug an stát ordú don arm
na Mormannaigh a dhíothú in 1838.
scriosta
destroyed
“Bhí brón orm nuair a fuair mé amach go raibh mo chuid breagán
scriosta,” a dúirt sé liom.
atá á ídiú,
which is being destroyed,
Tá an *veto,*
atá á ídiú, conradh i ndiaidh conartha, an-tábhachtach do na ballstáit bheaga cosúil le hÉirinn.
ag scriosadh
destroying
Tabhair faoi deara: deir SPNF go bhfuil siad ag brath ar an Chomhairle ó thaobh na Limistéir faoi Chosaint Speisialta a chaomhnú, ach tá an Chomhairle chéanna ag dul thart
ag scriosadh áiteanna galánta go rialta.
scrios
destroyed
" I mí Iúil 2006, thug Emanuel oráid i dTeach na nIonadaithe ag tacú leis an ionsaí a rinne Iosrael ar an Liobáin inar
scrios siad bonneagar na tíre agus mharaigh siad os cionn míle sibhialtach.
Díothaíodh
were destroyed
Díothaíodh corradh is 1800 teach, fágadh timpeall ar 7000 duine gan dídean agus dódh 455,000 heicteár talún.
goideadh nó gur scriosadh
was stolen or destroyed
I ndomhnach, tá sé ag teacht chun solais anois gur
goideadh nó gur scriosadh go leor den airgead a chuir gnáthinfheisteoirí faoi choimirce na mbancanna agus na gcomhlachtaí airgeadais.
scrios siad
they destroyed
Tamall ó shin, cháin Walsh an IRA mar gur "
scrios siad airm ar le muintir na hÉireann iad, airm a bhí le húsáid chun saoirse iomlán na hÉireann a bhaint amach.
scriosadh
were destroyed
Níos measa fós, ar ordú an rialtais le linn an Chogaidh Mhóir,
scriosadh tuairiscí gach daonáireamh ó 1851 go 1891.
díothaíodh
was destroyed
Maraíodh tuairim is 1400 duine, gortaíodh na mílte eile, fágadh na céadta míle duine gan dídean agus
díothaíodh bonneagar na tíre.
scriosann
destroy
Is cosúil go
scriosann na toirc roinnt de na crainn, go háirithe do na crainn óga.
á scriosadh
being destroyed
Chaith Keenan 1574 lá i mbraighdeanas, é ceilte in áiteanna éagsúla sa chathair agus ar fud na Liobáine, tír a bhí
á scriosadh de réir a chéile sa chogadh cathartha idir Hezbollah, na Falangaithe, buíonta Moslamacha agus airm Iosrael agus na Siria i rith na n-ochtóidí.
Níor scrios
didn’t destroy
Níor scrios eachtrannaigh an cultúr ábhartha sin mar a rinneadh anseo.
mhill
destroyed
**SMM: Nuair a shéan lucht vótála thú do shuíochán arís i nDáil Éireann sa bhliain 2007, san am a raibh na vótóirí céanna ag tacú le polaiteoirí a
mhill agus a bhochtaigh an tír seo, cad a chomharthaíonn a leithéid? Go bhfuil na daoine aineolach? Go bhfuil na daoine chomh dona lena gcuid máistrí, gur cuma leis an bpobal vótála gach ní ach a dteach féin agus a morgháiste féin? Cén míniú atá agat féin ar an diúltú ó am go chéile mar sin?**
SÓhU: Ní fhéachfainn air mar sin in aon chor i ndáiríre.
scriosadh
were destroyed
Maraíodh breis is 4,500 duine ar Merseyside sa Blitz agus
scriosadh 10,000 teach.
ar chonar ár scriosta
on an orbit which shall destroy us
Más crann taca í an deirfiúr chiallmhar le linn na bainise, nuair a cheaptar go dtiocfaidh an domhan slán, ’sí Justine (atá imithe soir ar fad fán dtráth seo) is fearr atá in ann deighleáil leis an mbagairt ar ball nuair is léir nach ‘ar eitilt tharainn’ ach
ar chonar ár scriosta atá Melancholia chugainn ar ardluas.
ar imeall a scriosta
about to be destroyed
Altaímis an Ealaín
=======
Tá brídeog ar imeall a céille ón ngalar dubhach, a fear chéile ar imeall a bhriste de dheasca a míshláinte siúd - gan trácht ar ghéarchéim an domhain féin,
ar imeall a scriosta.
ag milleadh an domhain
destroying the world
Is minice ráite gur dream uafásach sinn, an cine daonna
ag milleadh an domhain, gan trácht ar aon chinéal feabhais, beag nó mór, a bheith tionscanta againn.
ar a ndícheall á scriosadh
doing their level best to destroy it
(An eol do dhaoine, cuir i gcás, go bhfuil a dteanga féin acu in Goa agus go raibh na Portaingéalaigh
ar a ndícheall á scriosadh? Beidh mé ag iarraidh caidreamh liteartha leis an dream sin a neartú amach anseo le cúnamh Dé.
an suíomh a scrios
the site which was destroyed
Bhí Gearmánaigh páirteach in atógáil na hardeaglaise agus i mbliana (2012) nochtadh dealbh i ndilchuimhne na nGearmánach a fuair bás le linn an Dara Cogadh Domhanda ag
an suíomh a scrios an Luftwaffe ar an 14 Samhain 1940.
Scriosadh
were destroyed
Scriosadh 35,000 crann óg d’aon turas go dtí seo in Éirinn agus tá an Roinn Talmhaíochta in Éirinn tar éis cosc a chur ar allmhairiú bonsach óg agus síolta ó cheantair atá buailte ag an ngalar ag súil is nach scaipfidh sé ar fud na tíre seo.
gur chóir í a scrios
it ought to be destroyed
Ina cuid seanmóirí, dúirt sé gur chuir ealaín den sórt seo cathú ar dhaoine agus dá bhrí sin go raibh sí mímhorálta agus
gur chóir í a scrios.
scriosfar feasta
from now on, shall be destroyed
Ar mhaithe le cách,
scriosfar feasta teachtaireachtaí nach dtugann gnáthurraim mar is cuí don chomhluadar mhéarchláir.
Cé gur léirscriosadh an clubtheach
although the clubhouse was destroyed
Cé gur léirscriosadh an clubtheach, níor bhain béim chreabhair don chorn.
tíortha a scriostar
countries are destroyed
Is cuma leis an fhear ar an chnoc cé as a dtagann amhábhar, cé as a dtagann luach diamhrach an dollair agus cén líon daoine a mharaítear nó cé méid
tíortha a scriostar leis an luach sin a choinneáil ann.
oidhreacht agus áilleacht na tíre a scrios dá thairbhe
to destroy the beauty and heritage for it
Conradh maith é seo don Bhreatain sa mhéid is go mbeidh siad in ann a mhaíomh go bhfuil a gcuid spriocanna i leith fuinneamh in-athnuaite á gcomhlíonadh acu ach nach bhfuil gá
oidhreacht agus áilleacht na tíre a scrios dá thairbhe.
ar scriosadh a shaol dá dheasca
their lives were destroyed because of it
Is iomaí páiste ar milleadh a óige agus
ar scriosadh a shaol dá dheasca.
gur cailleadh nó gur loiteadh na cáipéisí seo
that these documents were lost or destroyed
Glacadh leis
gur cailleadh nó gur loiteadh na cáipéisí seo.
scriosadh
destroy
Fiafraíodh de dhaoine an rachaidís ar saoire iontach dá mbeadh orthu gach físeán agus gach pictiúir a
scriosadh ag an deireadh, chomh maith le piolla a ghlacadh a ghlanfadh gach cuimhne de as a n-intinn.