Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
cúinsí is ainnise most desperate conditions
" Tá daoine ag fáil bháis san idirlinn agus iad beo sna cúinsí is ainnise.
Ní céasta go it's torture, desperate
millteanach desperate
" Nach millteanach an rud é an droch-timeáil! Cúpla bronntanas beag eile le lua sula nguíonn Balor Nollaig mhór mhaith ar gach duine.
millteanach desperate
" In ainneoin simplíocht agus iargúltacht an oileáin féin, níor léir go raibh bochtanas millteanach ag cur isteach ar bhunadh na háite in aon chor.
dúil an diabhail a desperate desire
" Deir Mary lár tíre go bhfuil taithí mhaith aici ar chúrsaí tell-a-con (focal nua-Jaeilge?), go háirithe Telecom Éireann, agus go bhfuil dúil an diabhail aici san fholcadán, go háirithe nuair a bhíonn sé lán sobal cúráin.
domhan suarach an bhochtanais desperate world of poverty
" An féidir leis an bhfear truamhéalach seo sparán a chruinniú, ar ais nó ar éigean, a thabharfaidh aire dóibh agus é ar shlí na firinne? Seo domhan suarach an bhochtanais.
nach diabhalta an chosúlacht isn’t there a desperate similarity
" Dúirt Weisburd, a bhfuil cead isteach aige don fhóram Shumukh — dála an scéil, nach diabhalta an chosúlacht idir “Shumukh” de chuid al-Qaeda agus an focal Giúdaise ar “amadán”? — gurb é sin an príomhshuíomh atá ag tacú le al-Qaeda i láthair na huaire.
mhillteanach desperate
" ‘An ghaoth rua’, nó ‘an ghaoth reo’ a thug bunadh na háite ar stoirm mhillteanach a mhair cúpla lá agus a rinne an dochar do na crainn, dochar a bhí le feiceáil chomh fada soir le Leitir Ceanainn, d’inis siad dom.
go hainnis desperate
" com/c10k/) Ach in am scríofa an ailt seo, tá an aimsir go hainnis agus is deacair brú a chur ort féin aon ní a dhéanamh nuair mar sin atá sé.
an t-uafás feannadh desperate criticism
" Thar aon ní eile, tharraing dúnghaois amháin dá rialtas an t-uafás feannadh uirthi i gcaitheamh na bliana: an tAcht um Fhuinneamh Glan.
teannas millteanach desperate tension
" Agus chun an teannas millteanach le linn na comhráití gnó gutháin seo a bhriseadh, tugann Reilly groí cuireadh dóibh filleadh chun cupán eile caifé agus blúire eile na milseoige *‘cobbler’* a chaitheamh siar! Amantaí eile agus iad ar tí imeachta, caitear masla domhaite eile thar tairsigh chucu agus tiomáineann ego agus fearg arís isteach sa seomra suí iad chun babhta eile iomrascála saor-ó-rialacha na gcúirtéisí siabhialta a chur isteach.
ollscriosadh uafásach desperate destruction
" Ní féidir an dul chun cinn agus an bharbarthacht a scaradh – as riachtanais na cogaíochta a d’eascair cuid den teicneolaíocht is iontaí dá bhfuil againn, ach cuireann an teicneolaíocht ar chumas an duine ollscriosadh uafásach a dhéanamh ar a dheartháireacha.
ráta tubaisteach an bhoilscithe the desperate rate of inflation
" Cé gur chaith Ferguson cúpla bliain ag obair insa Ghearmáin ar ráta tubaisteach an bhoilscithe i ré Weimar, ní fear umhail ná ciúin é, rud a léiríodh arís le déanaí nuair a thug an *BBC* cuireadh dó Léachtaí Reith a thabhairt ar an dtéama *“the rule of law and its enemies”*.
an creimeadh millteanach the desperate erosion
" Is rud maith é go raibh sé ann, mar tá seisean i gceannas ar an togra ‘forbairt’ atá ag dul ar aghaidh ansin faoí láthair agus chonaic sé an creimeadh millteanach ar an chosán ar an bhealach suas, an graffiti *‘Carl loves Breege’* agus croí atá ann le trí bliana agus ‘Bóthar na mBrící Buí’ar an bharr.
tháinig meath millteanach a desperate decay set in
" Níor fágadh tada acu le tine cheart a chur síos nó le bád measartha maith a dhéanamh agus tháinig meath millteanach orthu dá bharr.
an foréigean ainnis the desperate violence
" Lenár linn féin, ba mhór i gceist cás Chorsica: an teanga, an náisiúnachas, an treabhachas, an fiántas diamhair, an foréigean ainnis.
Tubaiste amach is amach a desperate tragedy
" Tubaiste amach is amach a bheadh ansin ó thaobh na hiománaíochta gan amhras.
a staid chráite his desperate state
" Uimhir an Diabhail ======= Baineann a staid chráite, dar ndóigh, leis an uimhir dhiabhalta seo 13.
nó anó uafásach or some desperate discomfort
" Shíl mé go raibh cuma ar an siúlóir go raibh pian nó anó uafásach air nó go mba gheall le duine a raibh deifir air a bheith in áit éigin (an leithreas mar shampla!) ach nach bhféadfadh sé tosú ag rith le faitíos na timpiste.
scoláirí agus léachtóirí faoi bhrú damanta scholars and lecturers under desperate pressure
" Anois agus scoláirí agus léachtóirí faoi bhrú damanta chun ailt agus leabhair a fhoilsiú go rialta is go seasta, moltar do lucht acadúil díriú ar a gcuid taighde agus tuilleadh scríbhneoireachta a dhéanamh.
gairfean millteanach an lá sin a desperate gale that day
" Tá cuimhne agam go raibh gairfean millteanach an lá sin agus d’fhág mé féin agus ’Tric (Forde) an lá sin teach s’aige.
Ciallaíonn an drochobair seo uilig all of this desperate carryon means
" Ciallaíonn an drochobair seo uilig go bhfuil na Palaistínigh, dream inste scéil an Nakba brúite isteach ar mullach a chéile in iamhchríocha nó i mBantustáin.
slad millteanach desperate slaughter
" Tá PJ Mac Gabhann den tuairim nach dtabharfaidh slad millteanach Mohamed Merah i gceantar Toulouse aon bhlas faoisimh nó taca do fheachtas Sarkozy ina iarracht chun na huachtaránachta ar an 22 Aibreán.
Tá toradh tubaisteach has a desperate result
" Tá toradh tubaisteach siollabas nua na Gaeilge don Ardteist le sonrú cheana féin, dar le Breandán Delap.