Agus thug sé soir go dtí cathair na Gaillimhe muid, agus bhí tréimhse caite agamsa ag obair agus …bhí an t-airgead seo coigilte agus bhí mé tar éis seinnteoir caiséid a cheannach dom féin agus rinne mé taifeadadh de Phádraic, d’fhear an tí, ábhar álainn, paidreacha agus dánta diaga ach an chaoi a ndúirt sé iad,
cuirfeadh sé na deora leat, dáiríre, ach pé scéal é thug Máirtín mé féin agus Éilís agus an seinnteoir caiséid soir go dtí Mícheál Ó Concheanainn, scéalaí mór, agus is cuimhin liom i gcónaí an chaint a bhí ag Máirtín agus chomh humhal agus chomh lách is a bhí sé le Mícheál Ó Concheanainn.