Deonaítear Deontais!
“Agus mar thoradh ar an tuar agus ar an tairngreacht, éireoidh na fíréin amach ó gach Gaeltacht sa tír, agus ó Ghaeltacht nó dhó nach bhfuil sa tír, agus déarfar in athuair agus in athuair arís nach bhfuil ach réiteach amháin ar an fhadhb seo, nó is fadhb mhór í gan dabht, gan amhras ar bith: deontais agus deontais agus tuilleadh deontas a bhronnadh ar lucht labhartha na Gaeilge Gaelaí i ngach Gaeltacht.