I ndiaidh do Soros eagarfhocal a scríobh mar thaca leis an muirthéacht, tháinig sé chun solais ar Al Jazeera agus sa New York Times go bhfuair na gníomhaithe a d’eagraigh na
léirsithe ar fud an Mheánoirthir oiliúint ó dhaoine a bhí páirteach sna muirthéachtaí síochánta sa tSeirbia, sa tSeoirsia, san Úcráin agus i dtíortha eile nach iad — dreamanna a bhí maoinithe ag eagraíochtaí neamhrialtasacha ar nós an *Open Society Institute* de chuid George Soros.