ag léirsiú
demonstrating
Fanóidh muid anseo go dochloíte
ag déanamh angaidh mar dhealga an chactais
i gcroí bhur gCinnteachta, i gcnámh droma bhur gCumais;
ag canadh amhráin ár gcráiteachta;
ag léirsiú ar shráideacha na hagóide;
ag líonadh na bpríosún le dínit na tragóide.
ag léirsiú
demonstrating
D'iarr sí orainn smaoineamh ar an uair dheireanach a raibh aos óg na tíre
ag léirsiú ar son na Gaeilge, i gcomparáid leis na léirsithe i Genoa na hIodáile nó Glen of the Downs Chill Mhantáin.
ag léirsiú
demonstrating
Agus, dár ndóigh, ná déanaimis dearmad ar iompar "ainmhí" na nGardaí a chuir alltacht ar an bpobal ar 6 Bealtaine 2002, nuair a thug scata de bhuachaillí na héide goirme bascadh ceart do dhream mac léinn a bhí
ag léirsiú i lár Bhaile Átha Cliath.
ag léirsiú
demonstrating
Cheana féin sa Tuaisceart tá an Coimisiún Um Chearta Thuaisceart Éireann tar éis a leithéid de thacaíocht a thabhairt do thuiste atá bainteach le scoil na Croise Naofa i mBéal Feirste i gcás atá á thógaint aici in aghaidh an PSNI as gan dílseoirí a bhí
ag léirsiú lasmuigh dá scoil a stop.
léireodh
would demonstrate
Bhí mé ag dréim le lón mór léitheoireachta a
léireodh an taighde, an díospóireacht agus an anailís uilig a tharla sular tháinig an tAire Ó Cuív ar a chinneadh.
léiriú
to demonstrate
Don chéad uair, in 1960, agus mar chuid den scannán ‘Peil’, baineadh leas as dhá cheamara chun scannánú a dhéanamh ar chluiche ceannais na hÉireann - an Dún in aghaidh Ciarraí - chun scileanna na himeartha a
léiriú.
léiríonn
demonstrate
6 agus ráta dífhostaíochta 10%
D'fhéadfaí go leor leor figiúirí eile a chur ar phár, ach
léiríonn siad go léir an scéal céanna: ní meathlú beag séimh atá i gceist, ach cliseadh mór tobann.
taispeánann
demonstrates
”
Ina alt “The Great Depression of the 21st Century,”
taispeánann Chossudovsky gurb iad, fiach poiblí gan srian agus lárúchán gan fasach na cumhachta bainc, an toradh a bheidh ar phlean Paulson.
Thaispeáin
demonstrated
Thaispeáin na figiúirí, dar le cuid de na hiriseoirí, go raibh dóchas ag daoine i dtodhchaí na tíre in ainneoin na géarchéime geilleagraí.
léirigh
demonstrated
An mhí seo caite
léirigh mé nach raibh oiread is cáipéis nó comhfhreagras nó meamram nó tuarascáil i seilbh na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta a bhaineann le gearradh siar ar eagraíochtaí deonacha Gaeilge, iad a chónascadh le chéile nó iad a chur faoin díon céanna.
léirithe
demonstrated
Tá aontachtaithe ag rá gurb ionann na gaolta agus na ‘sceimhlitheoirí’ nuair atá sé
léirithe nach raibh a fhios ag cuid mhór teaghlach go raibh a mac nó a n-iníon ina mbaill de ghrúpa paraimíleatacha.
léiríonn
demonstrates
Tá beagnach gach marbhán cóirithe ar bhealach a
léiríonn gníomh éigin – ceann amháin ag tabhairt speiche do liathróid, ceann eile ag cromadh siar le liathróid leadóige a bhualadh – is mar sin is fearr a léirítear feidhmeanna na gcnámh agus na matán.
léiriú
to demonstrate
Is deis bhliantúil í do mhuintir na hAstráile a mórtas as a dtír a
léiriú, agus bíonn an brat náisiúnta le feiceáil go forleathan an lá sin.
a léiríonn
which demonstrate
Is iomaí duine a dhéanann iontas den tslí a chuirtear dallamullóg go héasca ar mhuintir Mheiriceá dul i mbun cogaidh i gcoinne 'namhad' mór an lae, in ainneoin na bhfíricí
a léiríonn don domhan mór nach bagairt ar bith don impire dochloíte é.
mar a léirigh
as demonstrated
"
Thig le hógánach le gunnaí léirscrios a dhéanamh
mar a léirigh Seung-Hui Cho (23 bliain d'aois, 32 marbh, Virginia Tech 2007).
Léiríonn
demonstrate
Léiríonn na figiúirí a laghad ratha is atá ar pholasaithe an Rialtais le dornán blianta anuas tuilleadh fear a earcú.
léiríodh
demonstrated
Tá an t-eolas seo a tugadh dom ag teacht sna sála ar thaighde a
léiríodh le linn comhdháil bhliantúil Chumann Múinteoirí Éireann (INTO) i rith na Cásca maidir le neamh-chomhionannas inscne sa ghairm.
léireodh
would demonstrate
Dá rachadh sa chás seo,
léireodh sé go soiléir an neamhaird choiriúil atá á tabhairt ag an gcomhphobal idirnáisiúnta ar leas mhuintir na hAfraice, agus go háirithe an dochar atá déanta ag an neamhaird seo ar mhuintir na Somáile cheana féin.
Léiríonn taighde
research demonstrates
Léiríonn taighde agus fianaise go leor gur tábhachtaí le daoine a bheith sona, go bhfuil gaol acu le daoine eile, go bhfuil siad i bpobal a bhfuil nascanna sóisialta le daoine eile, agus ní tharlaíonn sé sin as forbairt gheilleagair.
thaispeáin
demonstrated
Tá meas ar an uachtarán, cinnte, ach meas rialta atá ann a imíonn (don chuid is mó) nuair a éireoidh an t-uachtarán as oifig, agus mar a
thaispeáin an sealbhóir deireannach, uaireanta ní leanann sé chomh fada sin, fiú.
léirithe
shown, demonstrated
Cé nach bhfuil an Ghaeilge in uachtar mar theanga an phobail in gach cuid den Ghaeltacht oifigiúil faoi mar atá
léirithe in ‘Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht 2007’, fós féin is ócáid an-speisialta Gaeltachta é a thugann daoine agus cumainn pheile de chuid Cumann Lúthchleas Gael atá ag feidhmiú sna ceantair Ghaeltachta agus Bhreac-Ghaeltachta le chéile chun ceiliúradh a dhéanamh ar spiorad na nGael.
nochtann
demonstrates
Seo é dearcadh iontaofa an fhir atá i gceannas ar an eagraíocht atá ag spiaireacht ar na mílte Meiriceánaigh le blianta! Mar a dúirt Jeff Gates, údar Guilt By Association, leabhar a
nochtann an t-éilliú Síónach ar pholaitíocht Mheiriceá, “*Charges of anti-Semitism obscure treason*.
léirigh
demonstrated
Dar leis an staraí Jean-Pierre Rioux ina leabhar De Gaulle, La France à Vif, b’eachtra ar leith an Appel du 18 juin i stair na Fraince san fhichiú haois, eachtra a
léirigh go raibh todhchaí na Fraince ag brath ar dhuine amháin, eachtra a thug dóchas don phobal.
léiríonn
demonstrates
Ní
léiríonn na staidrimh oifigiúla ach chuid bheag den deacracht.
léiríodh
was demonstrated
Tá sé sa phost úr - níl a fhios agam cad é na cáilíochtaí atá aige - le rudaí a stopadh mar a
léiríodh i líne thar a bheith suimiúil in alt sa Belfast News Letter ar na mallaibh.
taispeánfaidh
shall demonstrate
An bhfuil bealach ar bith le teacht roimh na hathruithe seo agus iad a shárú? D’ainneoin a cuid lochtanna uilig, is múinteoir maith é taibhse an Tíogair Cheiltigh agus
taispeánfaidh sé dúinn feasta gur fearr i bhfad an cur le chéile agus an daonnacht ná an coimhthíos agus an leithleas.
léiríonn
demonstrate
Is eachtraí beaga bídeacha iad seo taobh leis an ollfhoiréigean a bhí ag dul ar aghaidh ag an am, ach
léiríonn siad an chodarsnacht idir dearcadh na nAontachtach ar Arm na Breataine agus dearcadh na Náisiúnach.
tabhairt le fios
demonstrate
Tá buíonta fear armáilte ag cruinniú ar Ka agus an lámhach gunnaí ag
tabhairt le fios nach de ghrá na ndaoine áitiúla atá siad ag teacht.
léiríonn
demonstrates
Ach tá fianaise ann a
léiríonn go raibh roinnt acu a tharraing trioblóide orthu féin agus ar mhuintir St Germain.
léirsiú
demonstrating
Sé bliana déag tar éis titim réimeas Ceausescu, deineann mo dhuine an réabhlóid a ceiliúradh le seó cainte a ardaíonn an cheist seo leanas – an raibh éinne amuigh ag
léirsiú ar chearnóg na cathrach sular glanadh Ceausescu chun siúil ag 12.
Léiríonn
shows, demonstrates
Léiríonn sé seo go bhfuil an-spéis ag daoine i stair a sinsir.
Léiríonn
demonstrates
Léiríonn taighde de chuid Fáilte Ireland go bhfuil an tóin ag titim as an earnáil siúl sléibhe anseo, cheal aon réiteach ar fhadhbanna rochtana.
léiríonn
demonstrates, shows
Tuigim fiú go pointe, go mb’fhéidir go mbeadh sé deacair fostaí a fháil a bhfuil a leathchos i saol na Gaeilge agus a lapa eile i saol an idirlín aici/aige, ach
léiríonn na suíomhanna a ainmníodh i gComórtas Gradaim an Ghreasáin le déanaí agus an buaiteoir, ach go háirithe, nach bhfuil sin fíor.
Léiríonn
shows, demonstrates
Léiríonn scéal na Fionlainne go mbíonn athruithe casta agus cuimsitheacha de dhíth chun réiteach a fháil ar bhriseadh den chineál a bhuail an tír seo le déanaí.
taispeántar
it's demonstrated
Anuas air sin,
taispeántar nach féidir na muilte gaoithe a chur ag obair ach nuair atá an ghaoth ag séideadh ar luas áirithe (má tá an ghaoth rólag, ní fiú iad a chur ar siúl; má tá an ghaoth róláidir, ní féidir iad a chur ar siúl) agus go mbíonn siad díomhaoin 75% den am dá bharr! Fiú sa Danmhairg, áit a bhfuil 5,500 muileann gaoithe ann a sholáthraíonn 20% de chumhacht aibhléise na tíre, is gá aibhléis a allmhairiú go rialta as an tSualainn agus as an Iorua.
Léiríonn
demonstrates
Léiríonn sé dúinn a dhódhéanta is atá sé rúndiamhair an tsaoil a thuiscint agus gur chóir dúinn an saol a ghlacadh mar atá.
thaispeáin
demonstrated
(Beo, Eagráin 80 agus 103)
Is é tuairim chiotach Belcham nach raibh ach Béarla ag na mílte Éireannach a tháinig i dtír i Learpholl, ach
thaispeáin Frank Neal ina leabhar *'Black '47*' nach raibh sin fíor, agus tacaíonn an taighde a rinne an tUrramach Abraham Hume i Learpholl i 1850 le tuairim Neal.
Thaispeáin
demonstrated
(Beo, Eagráin 80 agus 103)
Is é tuairim chiotach Belcham nach raibh ach Béarla ag na mílte Éireannach a tháinig i dtír i Learpholl, ach
Thaispeáin Frank Neal ina leabhar *'Black '47*' nach raibh sin fíor, agus tacaíonn an taighde a rinne an tUrramach Abraham Hume i Learpholl i 1850 le tuairim Neal.
léirigh
showed, demonstrated
”
Tá daoine ann a léighfidh an mhír thuas a cheapfaidh nach bhfuil ann ach tagairt chiníoch: “Seo frith-Sheimiteach eile ag rá go bhfuil na Stáit Aontaithe faoi smacht na nGiúdach!” Ach má ghlacann muid leis nach bhfuil na Giúdaigh go léir i gceist ag an duine seo ach mionlach beag díobh, ar antoiscigh iad, an bhfuil pointe aige?
Maidir leis an gcéad mhaíomh,
léirigh mé anseo, in alt dar teideal ‘Ar mhaithe le Síón,’ nach raibh difear ar bith idir Obama agus McCain ó thaobh a ndílseachta diongbháilte do Iosrael.
léirithe
demonstrated
Is mar sin atá i gcás córas lofa na mbanc sa tír seo, agus tá sé
léirithe go soiléir ag Tuarascáil Murphy gur mar sin a bhí is atá i gcás na hEaglaise Rómhánaí sa tír seo chomh maith.
comharthaíonn
demonstrate
Scór nó breis bliana d’aois agus
comharthaíonn siad gur seobh iad iad.
Léirigh
demonstrated
Léirigh an scéal seo go bhfuil díolúine ó staidéar na Gaeilge faighte ag 2,297 dalta don scoilbhliain 2009-2010 de dheasca go bhfuil míchumas foghlama acu.
comharthaíonn
shows, demonstrates
Dar liom féin agus leis an Roinn,
comharthaíonn an rún buíochais seo go dtuigimid an acmhainn dhaonna, ar bonn na socheolaíochta, atá i bpobail tuaithe na tíre.
Léiríonn
demonstrates
Ach tuigtear faoi láthair gur féidir leis an pháiste dhá bhliain d’aois idirdhealú a dhéanamh idir cur i gcéill agus an réaltacht – nó idir an súgradh agus an dáiríre!
Léiríonn Alison Gopnik ina leabhar cáiliúil ‘The Philosophical Baby’, go dtuigeann an naíonán nach bhfuil ach cur i gcéill i gceist nuair a bhíonn siad ag súgradh.
léiríonn
demonstrates
Cúthaileacht, géilliúlacht agus ceann-fé bhean traidisiúnta na Seapáine a
léiríonn Haru - gamine/ingénue ina bhfuil macallaí Audrey Hepburn, Jean Seberg agus Audrey Tatou le feiscint inti.
léiríonn
demonstrates
Ach
léiríonn dearcadh Fhine Gael faoi fhiúntas na Gaeilge sa chóras oideachas cé chomh fada as alt atá an Páirtí sin maidir lena dtuiscint ar an nuálaíocht.
léiríonn
demonstrates
Bhí sé i gceannas ar thuras taiscéalaíochta i 2007 a chuaigh go grinneall na farraige dhá mhíle faoin Mol Thuaidh, agus cé go maíonn Chilingarov gur thuras eolaíochta ab ea é,
léiríonn an bhratach Rúiseach a chuir sé ann go raibh níos mó ná an eolaíocht amháin ar a intinn aige.
Léiríonn
demonstrates
Léiríonn bua Chorcaí agus bua chailíní Átha Cliath sa pheil, agus ní den chéad uair é, cé gur minic an díomá seachas an ríméad a bheith mar dhuais i gcúrsaí spóirt gur féidir, gan an misneach a bheith caillte, an bua a bhaint i ndeireadh báire.
léiríonn
is demonstrated
Mar a
léiríonn a ainm, cónaíonn an crogall seo sna haibhneacha, sna seascainn agus sna lochanna fionnuisce intíre i dtuaisceart na hAstráile.
Léirigh sé
it demonstrated
Léirigh sé a ráscánta is a bhí ceannairí na tíre i dtaobh an gheilleagair: chuir siad leas na tíre i mbaol ar mhaithe le dul chun cinn toghchánaíochta.
Léirigh
demonstrated
Léirigh an toghlach a laghad measa a bhí acu orainn in Olltoghchán na bliana 2011.
léirigh go grinn
demonstrated clearly
I 1973, agus é fós ag imirt le Leeds United, ceapadh Giles ina bhainisteoir ar fhoireann Phoblacht na hÉireann, cinneadh a
léirigh go grinn an t-ardmheas a bhí ag lucht sacair, idir imreoirí agus lucht riaracháin, air.
Léiríodh dúinn
it was demonstrated to us
Léiríodh dúinn sna seachtainí beaga a chuaigh thart a mífheidhmiúla is atá lucht polaitíochta na tíre.
Léiríonn
demonstrates
Cuma na Maitheasa, Ceilt na hAinnise
===============
Léiríonn an tuarascáil leis go bhfuil dlúthcheangal ann idir an bhochtaineacht agus an t-uaigneas.
cad a chomharthaíonn a leithéid
what does such demonstrate
**SMM: Nuair a shéan lucht vótála thú do shuíochán arís i nDáil Éireann sa bhliain 2007, san am a raibh na vótóirí céanna ag tacú le polaiteoirí a mhill agus a bhochtaigh an tír seo,
cad a chomharthaíonn a leithéid? Go bhfuil na daoine aineolach? Go bhfuil na daoine chomh dona lena gcuid máistrí, gur cuma leis an bpobal vótála gach ní ach a dteach féin agus a morgháiste féin? Cén míniú atá agat féin ar an diúltú ó am go chéile mar sin?**
SÓhU: Ní fhéachfainn air mar sin in aon chor i ndáiríre.
tugann sé seo le fios
it demonstrates
Dar leis an iris Bretons,
tugann sé seo le fios go bhfuil mórathrú tar éis teacht ar fhéiníomhá na Briotáine.
léiríodh
it was demonstrated
Sa phobalbhreith chéanna de chuid Red C,
léiríodh go gceapann 26% den pobal gurb é Éamonn Gilmore ab fhearr mar Thaoiseach le hais 19% ar son Enda Kenny.
léiriú
to demonstrate
Thar rud ar bith eile éiríonn leis an scannán seo an teacht aniar agus an greann atá sa bheirt charachtar seo, Pat O Donnell agus Willie Corduff, a
léiriú.
léiriú
to demonstrate
Rinne Rivera múrmhaisiú a raibh stair an phobail iontu agus tá seisean é féin ag iarraidh an scéal a phobail féin a
léiriú a deir Jacques.
léirigh sé
he demonstrated
Tá an meafar seo le brath i saothar Flanagan chomh maith sa mhéid is gur
léirigh sé an tírdhreach mar rud a raibh an ársaíocht agus an lá inniu araon beo beathaíoch ann.
Léiríonn
demonstrates
Léiríonn sé leis na figiúrí san alt sin go raibh titim 44% in ioncam fógraíochta, idir 2006 is 2010 i nuachtáin Mheiriceánacha, chló agus ar líne san áireamh.
léiríonn
demonstrate
Feictear dom go bhfuil sé fíoríorónta gur roghnaíodh an meafar seo de bharr gur foilsíodh roinnt tuarascálacha le blianta beaga anuas a
léiríonn go bhfuil an Astráil chun tosaigh ar beagnach gach tír eile i ngné áirithe amháin a bhaineann le meáchan, ach ní hábhar bróid ná ceiliúrtha é.
léiríonn
demonstrate
Ar an drochuair,
léiríonn eachtraí na míosa seo caite sa Bhrasaíl agus san Ísiltír go bhfuil fírinne éigin ag baint leis an dearcadh sin.
léiriú
demonstrate
Bíonn beannachtaí, geáitsíochtaí agus nathanna cainte ann chun an stádas seo a
léiriú.
Léiríodh
it was demonstrated
Léiríodh i gCeanada gur cosaint ceithre bliana in aghaidh leanbaíocht na haoise é an dá theanga a bheith ag duine.
taispeánta
demonstrated
Ómós agus maithiúnas tugtha, umhlaíocht
taispeánta, aithrí iarrtha ag Liz an chromchinn.
Léiríonn
demonstrate
Léiríonn figiúirí díolacháin leithéidí *The Irish Daily Star* agus an *News of the World* go bhfuil ráchairt mhór ar scéalta den chineáil sin in Éirinn.
léiriú
to demonstrate
Tá sé fíor! Rud eile atá fíor i ndáiríre ná gur roghnaíodh an triúr páistí a bhuail Clog na Síochána in Áras an Uachtaráin le linn do Ó Bama a bheith ag cur crainn ann, chun ár mórtas as éagsúlacht mhuintir na hÉireann a
léiriú.
léireodh
would demonstrate
Bheadh scileanna scannáin Leni Riefenstahl de dhíth ar an té a
léireodh teacht chun talún an tsaorspioraid eisceachtúil áirithe seo.
léirigh
demonstrated
”
I bhforógra a foilsíodh ar líne tamall beag sula ndeachaigh sé ag scaoileadh is ag sléachtadh faoi is thairis,
léirigh Breivik an meas mór atá aige ar an stát Síónach agus an fuath atá ann ar naimhde an stáit.
Léiríonn
demonstrate
Léiríonn torthaí PISA 2009 go bhfuil droch-chaighdeán oideachais againn i gcomórtas le tíortha forbartha eile.
léiríonn anam
demonstrates the soul
Má thagann tú ar aon chruthú scáileáin eile i mbliana is fearr a
léiríonn anam, dínit, agus áilleacht an duine, ná fág dall orm é.
ag léirsiú go síochánta
demonstrating peacefully
Ar an 13 Feabhra i mbliana, d’inis Muammar Qaddafi do dhídeanaithe Palaistíneacha gur chóir dóibh teacht i dtír ar na muirthéachtaí sa Mheánoirthear agus cruinniú ar theorainneacha Iosrael
ag léirsiú go síochánta go ngéillfeadh Tel Aviv dá gcearta filleadh ar a bhfód dúchais don chéad uair ó chuir fórsaí na nIosraelach iachall ar thart ar 750,000 acu imeacht i 1948.
léirigh
demonstrated
Staon na Stáit Aontaithe ó vótáil nuair a cháin an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta Iosrael as an ionsaí, rud a
léirigh do cheannaire nua na Libia – a tháinig i gcumhacht ceithre bliana roimhe sin i ndiaidh coup d’état síochánta i gcoinne fhear soip na Breataine, an Rí Idris – fimíneacht an Iarthair Domhain i leith na sceimhlitheoireachta.
léirigh go grod
demonstrated instantly
Ba iad na binsí fiosrúcháin a
léirigh go grod don phobal na táillí ollmhóra a bhaineann abhcóidí na tíre seo amach.
chomharthaíonn
demonstrate
Is iomaí alt a scríobhadh ar an drochobair chéanna i dtíortha eile a
chomharthaíonn nach é rialtas na tíre a toghadh a rialaíonn an tír, ach gur dream beag bunaíochta nó gustail a rialaíonn os a gcionn ar chúla téarma.
léiríonn
demonstrates
Tharla dhá rud spéisiúla le linn na dturas an dá oíche chuig an gcoláiste, ceann amháin a
léiríonn fláithiúlacht agus cairdeas na ndaoine, agus ceann eile a
léiríonn a mhalairt - ach gur gá an taobh ghreannmhar a fheiceáil agus tú i do ‘choimhtíoch’! Chaill mé an bus deiridh chuig an gcoláiste mar bhí an cheolchoirm in Baddeck rómhaith lena fhágáil i do dhiaidh.
léirítear
demonstrates
d’aois, mar a
léirítear sa tábla seo:
<table>
<caption>Tábla 1.
Léiríonn
demonstrates, shows
”
Léiríonn an obair atá á déanamh in Koutal, tábhacht an togra mór atá á bheartú.
a léiríonn
which demonstrate
Déanann an Fhéile ceiliúradh ar na meáin chumarsáide Ceilteacha agus i gcaitheamh tri lá gach bliain, cuirtear ar fáil sárthaispeántas de na forais agus de na táirgí craoltóireachta agus scannáníochta is fearr
a léiríonn cultúr na dtíortha Ceilteacha.
Léirigh
demonstrated
Óir is léir ó thuarascáil bhliantúil an Choimisinéara Teanga nach múintear an tuiscint ná an meas seo go sásúil, ní hamháin i Langley, ach sa Teampall Mór ach chomh beag! Bhí sé mar leithscéal ag Everett ar ndóigh gur eachtrannach a bhí ann, ach cén cineál amaidí a thug ar lucht bainistíochta an Gharda Síochána baill den fhórsa a chur ag obair i gceantair Ghaeltachta cé nach raibh siad in inmhe príomhtheanga na háite a labhairt?
Forálacha d’Acht an Gharda Síochána 1924 - 2005
===========================
Léirigh tuarascáil an Choimisinéara nach raibh ochtar den naonúr Garda a bhí lonnaithe i nGaoth Dobhair, ceann de na ceantair Ghaeltachta is láidre sa tír, ábalta a gcuid dualgas a chomhlíonadh trí Ghaeilge.
léiríonn
demonstrates
Tá fírinne áirithe ag baint leis mar sin, sa chaoi go
léiríonn sé an drochmheas a bhí ag údaráis náisiúnta na Fraince ar theangacha réigiúnda – agus an chaoi a chuaigh sé sin i bhfeidhm ar fhéiníomhá na gcainteoirí.
Léiríonn
demonstrates
Léiríonn an fichiú haois go bhfuilimid ag brath ar an daonlathas agus an cheannaireacht cheart chun an smacht sin a choinneáil.
léirítear
it’s demonstrated
É sin ráite,
léirítear arís is arís eile go bhfuil an spórt éiginnte agus nach mar a shíltear a bhítear go minic.
Tugann sé sárléargas dúinn
he demonstrates perfectly
Tugann sé sárléargas dúinn san agallamh leis sa leabhar Rogha Dánta air féin mar fhile agus mar dhuine.
léiríodh dúinn na lochtanna
the faults were demonstrated to us
Nuair a theip ar chóras baincéireachta na hÉireann sa bhliain 2008
léiríodh dúinn na lochtanna a bhain le rialachas geilleagair na tíre – go raibh an rialtóir airgeadais mífheidhmiúil, go raibh an roinn airgeadais féin neamhinniúil, agus nach raibh spéis ag baill sinsir an rialtais i gcúrsaí geilleagair, agus dá mbíodh, nach raibh sé ar a gcumas iad a thuiscint nó a stiúradh.
léirigh
demonstrated
Agus má chuir an rialtas fianaise os comhair an phobail a
léirigh go gcuirfeadh laghdú d’ocht dTeachta le feidhmiú na Dála, ní fhaca mé í.
léiríodh
was demonstrated
Cé gur chaith Ferguson cúpla bliain ag obair insa Ghearmáin ar ráta tubaisteach an bhoilscithe i ré Weimar, ní fear umhail ná ciúin é, rud a
léiríodh arís le déanaí nuair a thug an *BBC* cuireadh dó Léachtaí Reith a thabhairt ar an dtéama *“the rule of law and its enemies”*.
a thugann le fios
which demonstrate
Tar éis blianta de thaighde, tá a lán fianaise ann
a thugann le fios go n-imríonn an aimsir tionchar nach beag ar an dhuine.
Léiríonn na ráitis a rinneadh
the statements made demonstrate
Ceardchumainn ina gCearrchumainn
==================
Léiríonn na ráitis a rinneadh le linn na díospóireachta sa pharlaimint agus an reachtaíocht thuasluaite idir chamáin inti go raibh muintir na hÁise ar intinn ag na rannpháirtithe.
dealraíonn an staidreamh inti ar an gclaochlú seo
the statistics in it demonstrate this change
D’eisigh Roinn Inimirce agus Saoránachta na hAstráile tuarascáil ar na mallaibh faoi na tíortha as ar tháinig inimircigh le cur fúthu anseo sa bhliain airgeadais 2001/12, agus
dealraíonn an staidreamh inti ar an gclaochlú seo.
léiríonn
demonstrates
Do mo leithéid a raibh an fhuacht, an tae agus *Marie biscuits* mar chuid lárnach de shaol foghlamtha Gaeilge,
léiríonn an foirgneamh ar Mhórshráid Shéamais an dul chun cinn atá déanta ag an Ghaeilge le 40 éigin bliain anuas.
ag déanamh agóide in éadan mhórshiúl na bprintíseach
demonstrating against the Apprentice Boys march
Ar an 12ú mí Lúnasa 1969, bhí Ó hEára i measc scaifte ógánach ag bacán ag bun Shráid Liam nó *William Street*
ag déanamh agóide in éadan mhórshiúl na bprintíseach a dhéanadh ceiliúradh bliantúil ar bhua na bProtastúnach le linn Imshuí Dhoire i 1689 ach a aithníodh mar mhasla ag pobal Caitliceach Dhoire.
a léireoidh céard
which shall demonstrate
**Samplaí**
Tabharfaidh mé trí shampla
a léireoidh céard tá i gceist agam.
Léiríonn pobalbhreitheanna
public polls demonstrate
Léiríonn pobalbhreitheanna go síleann go leor daoine nach gcuireann feirmeacha gaoithe isteach ar áilleacht na tíre.
léiríonn miontuairisc
the minute ..... demonstrates
Bronnadh costaisí ar an Stát agus
léiríonn miontuairisc ón 24 Lúnasa, 1982 gur iarr Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit comhairle ón Ard-Aighne, John Murray, ar cheart leanstan anois leis an chás bhunaidh a ghlacadh in éadan an chosantóra.
na fadhbanna eile a thréithríonn
other problems which demonstrate
Ní réitíonn an breithiúnas
na fadhbanna eile a thréithríonn próiseas na headóirseachta in Éirinn, ná an easpa trédhearcachta is cuntasachta a thréithríonn roinnt mhaith den chóras inimirce is saoránachta in Éirinn.
a nocht an staidreamh sin
which those statistics demonstrated
Ceann de na rudaí ba mhó
a nocht an staidreamh sin ná gur inimircigh iad 13% de dhaonra Shasana is na Breataine Bige, is é sin daoine a rugadh i dtíortha lasmuigh den Ríocht Aontaithe.
ag léirsiú Déardaoin seo a chuaigh thart
demonstrating last Thursday
Lá Breithe Bhanlacha Chorn na Breataine
============
Cú Chulainn: B’fhéidir gur thug tú faoi deara nach raibh muid
ag léirsiú Déardaoin seo a chuaigh thart, a Bhaloir? Thug cinnte.
léiriú ar cháil
demonstrates the fame
Dúil sa Titim agus san Ainghníomh
===============
Ocht milliún is fiche duine timpeall an domhain a bhí ag faire de réir lucht an chainéil,
léiriú ar cháil Armstrong agus ar an tsuim atá curtha ag daoine ar fud na cruinne i scéal nach gcuireann in aon slí le huaisleacht nó le hardghradam an spóirt.